Déanann Proinsias Ó Baoill [9:00] cur síos ar an rang tógála bád atá ar siúl i dTeileann faoi scáth an Choiste Gairmoideachais. Ina dhiaidh sin [12:13] labhraíonn Seán Mac Briartaigh (John Mhánais) faoina shaol féin ar an oileán. Chaith sé tréimhse freisin in Arm na Breataine.
Ag críoch an chláir [23:00], labhraíonn Mícheál Ó Gallchóir faoina shaol féin ag fás aníos ar Theileann. Déanann sé trácht ar an bhfliú mór a tháinig i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Is cuimhin le Ó Gallchóir siúl go dtí an siopa óna theach féin i lár an lae i mí na Nollag 1918. Lá breá a bhí ann, ach níor casadh oiread is duine air ar an mbealach go dtí an siopa nó ar a bhealach abhaile ach an oiread. Bhí muintir an bhaile uilig tinn mar gheall ar an bhfliú.
]]>Sa chlár seo, labhraíonn Mícheál Mac Giolla Easbuic le daoine as Teileann, Co. Dhún na nGall. Déanann Aodh Ó Beirn cur síos ar a shaol i dTeileann. Labhraíonn sé faoin iascaireacht sa cheantar agus na hathruithe atá tagtha air an tslí mhaireachtála sin le himeacht na mblianta. Luaitear freisin Stáisiún Gharda an Chósta sa cheantar. Is fothrach é [ag an am ar craoladh an clár]. Bhíodh gardaí cósta ann ag faire amach ar smuigléirí. Bhíodh na gardaí céanna ar thóir baill den IRA i rith Chogadh na Saoirse. D'ionsaigh an tIRA an stáisiún i 1920, agus dódh é i 1923.
Déanann Proinsias Ó Baoill [9:00] cur síos ar an rang tógála bád atá ar siúl i dTeileann faoi scáth an Choiste Gairmoideachais. Ina dhiaidh sin [12:13] labhraíonn Seán Mac Briartaigh (John Mhánais) faoina shaol féin ar an oileán. Chaith sé tréimhse freisin in Arm na Breataine.
Ag críoch an chláir [23:00], labhraíonn Mícheál Ó Gallchóir faoina shaol féin ag fás aníos ar Theileann. Déanann sé trácht ar an bhfliú mór a tháinig i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Is cuimhin le Ó Gallchóir siúl go dtí an siopa óna theach féin i lár an lae i mí na Nollag 1918. Lá breá a bhí ann, ach níor casadh oiread is duine air ar an mbealach go dtí an siopa nó ar a bhealach abhaile ach an oiread. Bhí muintir an bhaile uilig tinn mar gheall ar an bhfliú.
Chonaic Uí Shuibhne go leor de na heachtraí móra stairiúla a tharla i mBaile Átha Cliath sna blianta 1913-1923. Déanann sí cur síos ar an Frithdhúnadh Mór i 1913, agus ar na sluaite móra d'fhir oibre a chruinnigh ar shráideanna na cathrach. Chonaic sí Jim Larkin ag labhairt le slua mór acu ar Shráid Uí Chonaill. Chonaic sí freisin an slua mór a bhí ag dul chuig sochraid Uí Dhonnabháin Rossa, agus déanann sí cur síos ar na hÓglaigh, lena gcuid gunnaí, a ghlac páirt sa mhórshiúl. Luann sí gur aithin sí fear amháin as Corcaigh a bhí sa mhórshiúil. D'fhág an fear céanna Corcaigh ar a rothar, ar a bhealach go Baile Átha Cliath, nuair a chuala sé faoin Éirí Amach i 1916. Chuaigh sé chomh fada le Cill Dara sular ghabh na póilíní é. Bhí Uí Shuibhne féin ar saoire i gCorcaigh le linn an Éirí Amach, ach bhí aithne aici ar go leor daoine a bhí páirteach ann. I measc na ndaoine a raibh aithne aici orthu bhí Dónal Ó Ceallacháin (Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1920-1923), Dónal Ó Corcoráin (as Maigh Cromtha agus a bhí sa Chéad Dáil), Risteard Ó Maolchatha, Tomás Mac Curtáin (Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1920) agus Traolach Mac Suibhne (Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1920).
Bhí cead isteach aici sa Chéad Dáil i 1919 mar go raibh aithne aice ar an oiread sin de na polaiteoirí. D'éist sí le himeachtaí na Dála, agus leis na polaiteoirí ag tógáil an mhionna poblachtaigh. Leanadh sí na feisirí chuig cistin (The Sod of Turf) ar Shráid Grafton. Is cuimhin léi na daoine éagsúla a bhíodh i láthair, ina measc athair agus máthair Garrett Mhic Gearailt ag suí sa chúinne in éineacht leis an gCuntaois Markievicz, lena crios agus a gunna. Bhídís mór le chéile mar go raibh siad le chéile in Ard-Oifig an Phoist san Éirí Amach. Bhíodh Maud Gonne MacBride, baintreach Sheáin Mhic Giolla Bhríde, i láthair. Bhí Dora Ffrench ann, a d'aimseodh i gcónaí duine éigin le Gaeilge chun labhairt leo.
Bhí sí cáilithe mar mhúinteoir, agus ag múineadh i mBaile Chaisleáin an Róistigh faoin am a thosaigh Cogadh na Saoirse. Thagadh saighdiúirí chuig an teach go minic. Is cuimhin léi uair amháin nuair a tháinig saighdiúirí go moch ar maidin. Chuardaigh siad an teach, agus léigh siad gach litir a bhí ann. Ina measc bhí torthaí scrúdaithe ón scoil, agus thréaslaigh an saighdiúir a bhí i gceannas leo mar gheall ar na torthaí maithe a bhí acu.
Is ag iarraidh deartháireacha Uí Shuibhne a ghabháil a bhí na saighdiúirí, agus is beag nár rugadh orthu cúpla uair. Thagadh Crossley Tenders na gCúntóirí agus na nDúchrónach aníos chuig bóthar an tí, ach stopadh siad na hinnill sula sroicheadh siad an teach. Dhéanadh siad iarracht teacht ar an teach go ciúin. Luann Uí Shuibhne nach raibh ag a cuid deartháireacha ach cúpla nóiméad chun éalú oíche amháin.
Luann sí go raibh aithne aici ar Thraolach Mac Suibhne, agus go bhfanfadh sé uaireanta i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Labhraíonn sí freisin faoi Thomás Mac Curtáin. Bhí sí i gCorcaigh nuair a dhóigh fórsaí na Corónach an chathair. Labhraíonn sí faoin uair a tháinig na Dúchrónaigh chuig an scoil ina raibh sí ag múineadh. Bhí siad ar meisce, agus nuair a thosaigh siad ag caitheamh urchair ar an mbóthar chaith Uí Shuibhne agus na gasúir iad féin síos ar urlár an tseomra ranga. Chiceáil siad isteach doras na scoile, agus níor scaoil Uí Shuibhne isteach iad. Níor chuir eachtraí mar seo faitíos uirthi, a deir sí.
Dar léi, ní raibh Oireachtas na Gaeilge riamh chomh maith leis an gceann a bhí i mBaile Átha Cliath i 1921, nuair a bhí an sos cogaidh ar bun, agus sular tháinig an scoilt. Bhí céilí i gCearnóg Parnell, agus tháinig daoine as Meiriceá agus an Astráil chun ceiliúradh a dhéanamh. Cuimhníonn sí go raibh sí ag damhsa le Mícheál Ó Coileáin lena taobh agus Éamon de Valera os a comhair.
]]>Sa chlár seo, labhraíonn Neans Uí Shuibhne (Ní Shúilleabháin) le Diarmaid Ó Súilleabháin. Rugadh í i gCill na Martra, Múscraí, Co. Chorcaí in 1898. Ghlac beirt dá cuid deartháireacha, Mick agus Paddy, páirt i gCogadh na Saoirse. Chuaigh sí ar mheánscoil i Scoil na Mná Rialta Doiminiceach, ar Shráid Eccles i mBaile Átha Cliath.

Sa chéad mhír, in agallamh le de Valera, pléitear an Ghaeilge mar theanga phobail i mBrú Rí, Co. Luimnigh, agus an scolaíocht a fuair sé. Ina dhiaidh seo labhraíonn Caitlín Uí Thallamhain faoi Shinéad de Valera, bean Éamon de Valera. Ag leanúint seo tá mír fuaime ó 1944, ina ndéanann de Valera píosa cainte faoi staid na tíre. I mír eile labhraíonn de Valera amach go láidir, ag agóid ar Shráid Uí Chonaill, faoi na beartais a bhí ag Rialtas na Breataine chun an chríochdheighilt a bhuanú tar éis do Rialtas na hÉireann Poblacht a fhógairt i 1949. I bpíosa fuaime eile, labhraíonn de Valera ag ócáid chomórtha i 1959, 50 bliain ó tháinig an chéad Dáil le chéile. Ina dhiaidh sin tá an óráid a thug sé ar oscailt Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair i 1958. Críochnaíonn an clár le píosa cainte a rinne de Valera ag ócáid in éineacht le Seán T. Ó Ceallaigh.
]]>An Chríochdheighilt
An Ghaeilge
Seán T. Ó Ceallaigh
Is clár faoi Éamon de Valera é seo, curtha i láthair ag Proinsias Ó Conluain. Úsáidtear míreanna fuaime éagsúla ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ina bhfuil de Valera ag caint faoi thréimhsí agus faoi ócáidí éagsúla ina shaol.
Sa chéad mhír, in agallamh le de Valera, pléitear an Ghaeilge mar theanga phobail i mBrú Rí, Co. Luimnigh, agus an scolaíocht a fuair sé. Ina dhiaidh seo labhraíonn Caitlín Uí Thallamhain faoi Shinéad de Valera, bean Éamon de Valera. Ag leanúint seo tá mír fuaime ó 1944, ina ndéanann de Valera píosa cainte faoi staid na tíre. I mír eile labhraíonn de Valera amach go láidir, ag agóid ar Shráid Uí Chonaill, faoi na beartais a bhí ag Rialtas na Breataine chun an chríochdheighilt a bhuanú tar éis do Rialtas na hÉireann Poblacht a fhógairt i 1949. I bpíosa fuaime eile, labhraíonn de Valera ag ócáid chomórtha i 1959, 50 bliain ó tháinig an chéad Dáil le chéile. Ina dhiaidh sin tá an óráid a thug sé ar oscailt Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair i 1958. Críochnaíonn an clár le píosa cainte a rinne de Valera ag ócáid in éineacht le Seán T. Ó Ceallaigh.
Theith beirt Óglach eile, Michael O’Brien agus Tom Maguire, suas sna cnoic tar éis an luíocháin agus na Dúchrónaigh ina ndiaidh. Nuair a tháinig fear ard, rua ina dtreo, shíl siad gur fear áitiúil (Coistealbhach) a bhí ann, ach Dúchrónach mór le rá a bhí ann darbh ainm [Geoffrey] Ibberson. Scaoil sé leis an mbeirt acu, maraíodh O’Brien agus goineadh Maguire. De réir chur síos mháthair Thomáis, a bhí ina cailín óg ag an am, bhí piléar i mbolg Maguire agus é ag cur fola go tréan. Is cosúil gur úsáid siad an bainne buí, ó bhó a bhí ag breith lao, mar leigheas, le go stopadh sé an fhuil ag sileadh. Is timpeall an ama seo freisin a dhóigh siad an bheairic siar ó Choill an tSiáin, sa cheantar céanna.
]]>Theith beirt Óglach eile, Michael O’Brien agus Tom Maguire, suas sna cnoic tar éis an luíocháin agus na Dúchrónaigh ina ndiaidh. Nuair a tháinig fear ard, rua ina dtreo, shíl siad gur fear áitiúil (Coistealbhach) a bhí ann, ach Dúchrónach mór le rá a bhí ann darbh ainm [Geoffrey] Ibberson. Scaoil sé leis an mbeirt acu, maraíodh O’Brien agus goineadh Maguire. De réir chur síos mháthair Thomáis, a bhí ina cailín óg ag an am, bhí piléar i mbolg Maguire agus é ag cur fola go tréan. Is cosúil gur úsáid siad an bainne buí, ó bhó a bhí ag breith lao, mar leigheas, le go stopadh sé an fhuil ag sileadh. Is timpeall an ama seo freisin a dhóigh siad an bheairic siar ó Choill an tSiáin, sa cheantar céanna.