Gearóid Ó Tuathaigh: Beirt a bhí óg, duine acu tríocha cúig a bhí aige agus fear eile ní raibh an leathchéad bainte amach aige agus cuireadh chun báis iad beirt i ndiaidh Éirí amach na Cásca agus díreach taca an ama seo a cuireadh chun báis iad. An bheirt atá i gceist agam ná Éamonn Ceannt, an duine is clúití díobh b’fhéidir, den bheirt, fear a rugadh i nGleann an Mhadaidh i gContae na Gaillimhe ar an 21ú lá Meán Fómhair 1881. Fuair sé oideachas ansin i scoil náisiúnta áitiúil agus ina dhiaidh sin chuir na Bráithre Críostaí oideachas air i mBaile Átha Cliath, North Richmond Street, agus ina dhiaidh sin arís chaith sé tréimhse ag staidéar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach ansin mar chléireach, fuair sé post ar fhoireann Bhardas Bhaile Átha Cliath agus sa mbliain 1900 díreach agus é naoi mbliana déag d’aois chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus rinne sé an-dul chun cinn. Agus ní fada go raibh sé ina mhúinteoir ag an gConradh agus bhí ranganna aige agus toghadh é arís agus arís eile mar bhall den ardchomhairle. Anois ceann de na rudaí ba suntasaí faoi, an cheoltóir ab ea é, ár ndóigh, ar na píopaí uillinn. Agus chuaigh sé in éineacht le grúpa lúthchleasaithe as Éirinn a chuaigh chun na Róimhe in ómós don Phápa díreach ag tús na haoise seo. An Pápa a bhí ann ag an am, Pius a Deich bhí iubhaile aige agus chuaigh grúpa lúthchleasaithe as Éirinn chun na Róimhe in ómós dó. Agus in éineacht leo chuaigh Éamon Ceannt agus é feistithe amach, mar a déarfá, sa chulaith a bhí ann ag an am, agus san kilt agus gach ní aige agus sheinn sé foinn na hÉireann ar na píopaí uillinn don Phápa féin, ar iarratas ón bPápa. Agus seo é an pictiúr de is coitianta a feictear sna leabhair. An pictiúr de feistithe suas agus é ag seinm don Phápa.
Breandán Feiritéar: Cuireann sé sin i gcuimhne dom Tomás Ághas.
Gearóid Ó Tuathaigh: Sin díreach é. Bhuel bhí a lán acu ag an am ag gabháil don rud sin, an dtuigeann tú, bhíodar ag plé le cúrsaí teanga agus cúrsaí ceoil agus le cúrsaí polaitíochta chomh maith mar sa bhliain 1908, chuaigh Éamonn Ceannt le Sinn Féin agus go gairid ina dhiaidh sin, tugadh isteach é mar bhall den chumann rúnda, an IRB, agus toghadh é ina bhall de choiste na nÓglach nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna 1913. Agus bhí baint thábhachtach aige leis na gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair i mí Iúil i 1914. Anois bhí sé páirteach in Éirí Amach 1916, ár ndóigh, ba é a bhí ina cheannfoirt in san South Dublin Union sa bhliain 1916, agus bhí sé ar na daoine a shínigh Forógra na Cásca, is mar gheall air sin is mó a bheadh cuimhne ar na daoine in Éirinn air. Cuireadh triall air sa chúirt airm ina dhiaidh sin ár ndóigh i ndiaidh an Éirí Amach. Daoradh chun báis é agus scaoileadh é, sé sin le rá cuireadh chun báis é le gunnaí i bpríosún Chill Mhaighneann an t-ochtú lá de Bhealtaine 1916. Anois, an fear eile den sloinne céanna, is coitianta go n-úsáidtear leagan Béarla den sloinne agus is é sin Thomas nó Tomás Kent. Tá cúpla rud spéisiúil faoin bhfear seo. An rud b’fhéidir is tábhachtaí ná gurbh é an t-aon duine a bhí bainteach, d’fhéadfá a rá le hÉirí Amach 1916 a cuireadh chun báis taobh amuigh do Bhaile Átha Cliath. Sé sin gur cuireadh ar a thriail é agus gur cuireadh chun báis é taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. br> Anois teaghlach an-náisiúnta ab ea an teaghlach áirithe seo lenár bhain sé, agus bhí sé féin agus deartháireacha leis páirteach ins sna hÓglaigh agus bhíodar ag súil le horduithe um Cháisc 1916. Agus d’fhanadar ag baile ag súil leis na horduithe go dtí gur tháinig an RIC, scata díobh mórthimpeall ar an teach agus thimpeallaigh siad an teach. An áit inar chónaigh siad, dála an scéil, ná Caisleán Uí Liatháin i gContae Chorcaí. Agus tharla scliúchas ansin agus gortaíodh cuid de dheartháireacha Thomas Kent ach in san scliúchas maraíodh póilín amháin, fear darb ainm William Roe. Agus ina dhiaidh, ár ndóigh, gabhadh an teaghlach ar fad agus is spéisiúil an rud a tharla dóibh ar fad, tabharfaidh mé an liosta duit. Liam, cuirim i gcás, deartháir amháin le Thomas Kent, cuireadh i bpríosún é i bpríosún Chorcaí ach cuireadh ar a thriail é agus fuaireadh neamhchiontach é, sé sin níor gearradh aon téarma fada air. Daithí, an deartháir eile, bhí seisean gortaithe in san choimhlint, gabhadh é agus daoradh chun báis é ach bhí sé i ndrochchaoi ceart ó thaobh na sláinte de agus mar sin cuireadh an bás ar athló nó cuireadh siar é. Ina dhiaidh sin, socraíodh nach gcuirfí chun báis é ach go ngearrfaí téarma príosúin air. Príosún lena bheatha a bhí gceist i gceann amháin ach ina dhiaidh sin scaoileadh amach é nuair a bhí an amnesty ann i lár na bliana 1917, i mí an Mheithimh. Ansin Risteard, deartháir eile de Thomas Kent, bhí seisean gortaithe go dona in san eachtra sin agus fuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin ar an gceathrú lá de Bhealtaine 1916 in san ospidéal i Mainistir Fhear Maí. Agus maidir le Tomás féin, bhí seisean ar a theitheadh agus é ag iarraidh na cosa a thabhairt leis nuair a tháinig an póilín seo, William Roe, air agus scaoil sé é agus fuair Roe bás. Gabhadh Tomás Kent, agus cuireadh i bpríosún é. Agus daoradh chun báis é agus scaoileadh é i mbeairic na saighdiúirí i gCorcaigh ar an naoú lá de Bhealtaine 1916. Anois, tá sé ráite ina thaobh gur iarr sé nach Éireannach a scaoilfeadh é, pé duine eile a scaoilfeadh é, pé duine eile a mharódh é, d’iarr sé go speisialta nach ndéanfadh Éireannach ar bith é agus ní fios cé acu ar tugadh aird ar a iarratas nó nár tugadh.
]]>Ina dhiaidh sin [08:00], labhraíonn Pádraig Ó Snodaigh faoi chultúr na réabhlóide i bpobal Chorca Dhuibhne. Deir sé gur scríobh Tomás Ó Criomhthain go raibh muintir na háite ag caint faoin Rialtas Dúchais, ach nach raibh an oiread sin spéise ag an bpobal ina raibh ag tarlú i bparlaimint Westminster. Níor léir go raibh an pobal tiomanta go láidir don réabhlóideachas. Ach bhí meas ag an bpobal ar dhaoine éagsúla, ar nós Sheáin Uí Mhuircheartaigh as Gallaras agus Sheán Caomhánach (Seán a’ Chóta mar a thugtaí air), a bhí in ann daoine a mhealladh isteach sna hÓglaigh. Dar le Ó Snodaigh, bhí seantraidisiúin an phoblachtachais, ó na Fíníní ar aghaidh, níos leanúnaigh — bíodh is go raibh sé tanaí — i bpobal Chorca Dhuibhne ná mar a bhí i bpobal Chonamara. Deir Ó Snodaigh gur cheap an Piarsach gur chóir go dtiocfadh gunnaí an Éirí Amach i dtír i gceantar Gaeltachta, mar léiriú gurbh é an ceantar seo lárphointe an idéil Éireannaigh. Go deimhin, bhí sé i gceist é seo a dhéanamh i Meán Fómhair 1915, i gceantar an Spidéil, ach ní mar sin a tharla. Nuair a ceistíodh Ó Snodaigh faoi méid a theastaigh ón bpobal a tharlódh don tír i ndiaidh an Éirí Amach, cheap sé go mb’fhéidir go raibh meon Thomáis Uí Cléirigh forleathan. Nuair a fiafraíodh den Chléireach ar mhaith leis an Uachtaránacht a bheith aige tar éis an Éirí Amach, dúirt sé gurbh fhearr leis a bheith i mbun an ghairdín sa bhaile – ag tabhairt le fios gur leor dó deireadh a bheith le ré na Sasanach sa tír. Labhraítear freisin faoi Earnán de Blaghad, a bhí ag obair le muintir Ághais i Lios Póil, agus Seán Mac Diarmada, a thug ceann de na hóráidí ba thábhachtaí roimh an Éirí Amach i dTrá Lí. Léiriú ba ea an óráid seo nach é an Piarsach amháin a bhí tiomanta do dhoirteadh fola:
[ ‘The Irish patriotic spirit will die forever unless a blood sacrifice is made in the next few years. It will be necessary for some of us to offer ourselves as martyrs if nothing better can be done to preserve the national Irish spirit.’ ]
Labhraíonn Breandán Feiritéar [17:00] leis an údar Seán Ó Conghaola, as na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe faoina chuid cuimhní cinn faoin Éirí Amach agus an tréimhse ina dhiaidh. Bhí sé ina dhéagóir le linn an Éirí Amach, agus deir sé nach raibh tuiscint mhaith ag muintir na háite ar an eachtra seachas iad siúd a bhí léannta — múinteoirí agus a leithéid — agus gur thóg sé cúpla bliain sular thuigeadar an comhthéacs agus na himpleachtaí iomlána. Ceapann sé go mb’fhéidir nach raibh sé seo amhlaidh le pobal Ros Muc, mar go raibh an Piarsach i mbun bolscaireachta faoin Éirí Amach (‘ ag craobhscaoileadh an tsoiscéil go háitiúil’) go háitiúil. Luann Ó Conghaola an sagart áitiúil, Séamas Ó Ceallaigh i bparóiste an Chnoic, a bhí ag impí ar an bpobal ón altóir tacú leis na hÓglaigh. Deir sé gur obair chontúirteach a bhí ar bun ag an sagart, i bhfianaise ar tharla den Athair Ó Gríofa as Bearna, a maraíodh i 1921. Déanann sé trácht freisin ar an Dr Breathnach as Tuaim, a bhíodh ag gríosadh Óglaigh an cheantair freisin. Tugann Ó Conghaola le fios gur thosaigh na póilíní ag éirí níos géire ar an bpobal tar éis an Éirí Amach, agus go rabhadar ag leanúint daoine go bhfeicfidís cá raibh siad ag traenáil. Bhí an sagart ag tabhairt foláirimh do dhaoine fanacht glan ar strainséirí, ar fhaitíos gur spíodoirí a bhí iontu. Cuimhníonn sé gur chuir an sagart fios air féin, mar gur chónaigh siad in aice le chéile, lena rá leis go raibh fear nach as an áit é ag dul thart ag ceannach óil do dhaoine.
Déanann Nollaig Ó Gadhra [22:00] cur síos ar dhearcadh na bpáipéar náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an Éirí Amach. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo].
Cuireann Gearóid Ó Tuathaigh críoch leis an mír fuaime seo [32:00] nuair a dhéanann sé comparáid idir an comóradh a rinneadh ar Éirí Amach na Cásca sna blianta 1966 agus 1976. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo].
]]>Chláraigh sé leis na hÓglaigh i 1913, agus go gairid ina dhiaidh sin tugadh cuireadh dó isteach san IRB. Léirigh sé a chumas míleata san Éirí Amach i 1916. Throid sé de réir rialacha an chogaidh, agus bhí meas ag a chuid saighdiúirí air. Is mar phríosúnach i Sasana a chuaigh sé go mór i bhfeidhm orthu siúd a bhí le bheith ag troid i gCogadh na Saoirse ina dhiaidh sin. Thug sé misneach dá chomrádaithe. Dar le Ó Tuathaigh, bhí de Valera muiníneach ina chuid tuairimí, bhí cur chuige teoiriciúil aige, agus ní minic a chuireadh daoine ina choinne.
Léirigh a stíl óráidíochta poiblí le feiceáil i bhfothoghchán an Chláir i 1917. Bhíodh sé de nós aige tosú i nGaeilge mar, dar leis, nach raibh sé ceart óráid stairiúil a thabhairt i “dteanga na namhad”. Leanadh sé ar aghaidh i mBéarla tar éis cúpla abairt Ghaeilge. Léirigh sé a chumhacht agus a ghradam nuair a chuir sí ina luí ar an Eaglais i Maigh Nuad gan glacadh le coinscríobh i 1918. Dúirt easpag amháin ina dhiaidh, agus é ag trácht ar chuairt de Valera orthu, go raibh sé ar nós gur tháinig an Spiorad Naomh anuas ina measc.
Chuaigh sé go Meiriceá tar éis dó éalú as príosún Lincoln, agus luann Ó Tuathaigh go raibh sé as baile le linn tréimhse an-chinniúnach – Cogadh na Saoirse – nuair a bhí ceannairí míleata ar nós Mhíchíl Uí Choileáin freagrach as gluaiseacht na poblachta. Luaitear an teannas a bhí ann idir Ó Coileáin agus de Valera nuair a d’fhill sé ar Éirinn arís. Faoin am sin bhí Cogadh na Saoirse ag dul in olcas. Maíonn Ó Tuathaigh go raibh an Coileánach níos eolaí ná aon duine eile sa tír ar neart míleata na nÓglach nuair a thug sé a bhreithiúnas gur cheart sos cogaidh a thapú. Ba chinneadh cinniúnach freisin a bhí ann nuair a d’fhan de Valera in Éirinn le linn chainteanna an Chonartha i Westminster. Luann Ó Tuathaigh go raibh aithne ag de Valera agus Lloyd George ar a chéile. Thuig Lloyd George an náisiúnachas mar go raibh sé féin ar son rialtas dúchais don Bhreatain Bheag sula ndearna sé státaire impiriúil as féin i Westminster. Maidir leis na cainteanna faoin gConradh, bhí sé i gceist go rachfaí i dteagmháil le de Valera faoi théarmaí an Chonartha sular síníodh aon cheo. Ach ní raibh dóthain cumarsáide idir na toscairí agus de Valera, agus nuair a chuireadar a n-ainm leis na téarmaí, ní raibh aon ghlacadh aige leo.
Tá Cuid a Dó den léacht [anseo].
]]>Bhí grá aige don Ghaeilge, agus ba chuid bhunúsach dá phearsantacht mar Éireannach an teanga a bheith aige. Ach, le hais cúrsaí bunreachtúla agus geilleagracha, níor tháinig gníomh ceart uaidh le réabhlóid teanga a chur ar bun. Deir Ó Tuathaigh go raibh go leor den reitric bhréagchráifeach i gceist – cur síos ar an idéal Éireannach nuair a bhí báid lán le daoine ag imeacht ar imirce — seachas gníomh praiticiúil.
Déantar codarsnacht sa léacht idir de Valera agus Seán Lemass, a tháinig i gcomharbacht air mar Thaoiseach. Labhraítear, ag deireadh na míre, faoi chreideamh Caitliceach de Valera. Maíonn Ó Tuathaigh gur raibh dílseacht agus cráifeacht ina chreideamh pearsanta féin, ach gur thuig sé freisin, mar phoblachtánach, gur bhain sé le traidisiún a bhí neamhspleách ar an Eaglais siar chomh fada le 1798.
]]>Bhí uncail agus deartháir le Sighle in Ard-Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Chuaigh máthair Shighle síos go dtí an GPO le boinn bheannaithe a thabhairt do na hÓglaigh chun iad a chosaint. Ní raibh deartháir Shighle ach b`fhéidir ocht mbliana déag. Bhí a mháthair ag iarraidh air teacht abhaile mar dá marófaí a huncail, an Rathaileach, ní bheadh fear ar bith ann le haire a thabhairt don chlann. Is le linn na tréimhse seo freisin a chonaic Sighle Humphreys an troid a tharla ag Bóthar Northumberland nuair a d`éirigh le grúpa beag Óglach slua mór de shaighdiúirí na Breataine a choinneáil siar. Maíonn sí nach raibh a fhios ag na saighdiúirí, a bhí díreach tar éis teacht i dtír ón mBreatain, cá rabhadar. Nuair a chualathas Sighle ag labhairt i mBéarla le cócaire an tí dúirt na saighdiúirí: 'Blimey, they're talking English.' Cheap na saighdiúirí gur ar mhór-roinn na hEorpa a bhí siad. Dúisíodh iad, cuireadh ar long iad, thrasnaíodar an fharraige agus ní raibh barúil acu cá raibh siad ná cé a bhí ag troid ina n-aghaidh.
Bhí Sighle gníomhach i gCumann na mBan, agus ní raibh ach fíorbheagán de ghníomhairí Chumann na mBan ar son an Chonartha i 1921. 'Níl aon ní chomh holc le Cogadh na gCarad', a dúirt Sighle faoi. Le linn an chogaidh úd, bhí a fhios ag Fórsaí an tSaorstáit go raibh seomra rúnda i dteach Shighle ar Bhóthar Ailesbury. Rinne na saighdiúirí ruathar ar an teach ag lorg Ernie O’Malley, a bhí ag fanacht ann. Caitheadh aintín Humphreys trí thimpiste sa ruathar agus mharaigh O'Malley saighdiúir agus é ag iarraidh éalú. Bhí trua ag Humphreys don saighdiúir Albanach a maraíodh, agus d’iarr sí Aifreann ar a shon.
Bhí aithne ag Humphreys ar de Valera agus Mícheál Ó Coileáin mar bhíodh siad ag cruinnithe sa teach. Cheap sí gur eachtra cinniúnach sa Chogadh Cathartha bhí i marú Uí Choileáin. Bhí sí den tuairim go bhféadfaí deireadh a chur leis an troid níos luaithe dá mbeadh sé beo. Bhí an-mheas aici ar an gCoileánach cé gur airigh sí gur lig sé síos an tír. Bhí an-mheas aici ar de Valera tráth freisin, ach chas sí ina aghaidh mar gur chuir sé poblachtánaigh sa phríosún. Cheap sí go ndearna Cogadh na gCarad an-dochar. Bhí sé chomh tábhachtach sin go mbeadh bua míleata acu go ndearnadh dearmad ar na ceisteanna eile. Bhí tír shóisialach uaithi, agus níorbh fhiú léi saoirse aisti féin. Ag breathnú siar ar an méid a tharla, dar léi gurbh fhiú a bheith saor ón mBreatain ach nár cruthaíodh saoirse eacnamaíochta agus shóisialta. Bhí saibhir agus bocht ann fós. Cheap sí i gcónaí go dtiocfadh saoirse Uí Chonghaile ón tsaoirse pholaitiúil. Bhí sí cáinteach ar an gcóras oideachais agus ar na buntáistí atá ag daoine saibhre sa chóras.
Tá agallamh eile le Sighle Humphreys (Uimh. 43648) sa bhailiúchán seo.
]]>Bhí Sighle Humphreys ar dhuine de na mná a chuaigh ar stailc ocrais ar feadh 31 lá ag deireadh an Chogaidh Chathartha. Bhí easaontas i measc na mban faoin stailc ocrais. Mhothaigh cuid acu go mbeadh níos mó drogaill ar cheannairí an tSaorstáit ligean do mhná bás a fháil ná fir, ach mhothaigh mná eile nach raibh siad ach ag déanamh aithrise ar na fir a bhí ar stailc ocrais freisin.
Tá agallamh eile le Sighle Humphreys (Uimh. 43647) sa bhailiúchán seo.
]]>Tá agallamh eile le Tomás Ó Loideáin sa bhailiúchán [anseo].
]]>