Ta mír fuaime eile (Uimh. 57405) sa bhailiúchán faoin ábhar seo.
]]>Tá mír fuaime eile sa bhailiúchán ag tógáil ar an gceann seo (Uimh 56099).
]]>Bhí Sighle Humphreys ar dhuine de na mná a chuaigh ar stailc ocrais ar feadh 31 lá ag deireadh an Chogaidh Chathartha. Bhí easaontas i measc na mban faoin stailc ocrais. Mhothaigh cuid acu go mbeadh níos mó drogaill ar cheannairí an tSaorstáit ligean do mhná bás a fháil ná fir, ach mhothaigh mná eile nach raibh siad ach ag déanamh aithrise ar na fir a bhí ar stailc ocrais freisin.
Tá agallamh eile le Sighle Humphreys (Uimh. 43647) sa bhailiúchán seo.
]]>Bhí uncail agus deartháir le Sighle in Ard-Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Chuaigh máthair Shighle síos go dtí an GPO le boinn bheannaithe a thabhairt do na hÓglaigh chun iad a chosaint. Ní raibh deartháir Shighle ach b`fhéidir ocht mbliana déag. Bhí a mháthair ag iarraidh air teacht abhaile mar dá marófaí a huncail, an Rathaileach, ní bheadh fear ar bith ann le haire a thabhairt don chlann. Is le linn na tréimhse seo freisin a chonaic Sighle Humphreys an troid a tharla ag Bóthar Northumberland nuair a d`éirigh le grúpa beag Óglach slua mór de shaighdiúirí na Breataine a choinneáil siar. Maíonn sí nach raibh a fhios ag na saighdiúirí, a bhí díreach tar éis teacht i dtír ón mBreatain, cá rabhadar. Nuair a chualathas Sighle ag labhairt i mBéarla le cócaire an tí dúirt na saighdiúirí: 'Blimey, they're talking English.' Cheap na saighdiúirí gur ar mhór-roinn na hEorpa a bhí siad. Dúisíodh iad, cuireadh ar long iad, thrasnaíodar an fharraige agus ní raibh barúil acu cá raibh siad ná cé a bhí ag troid ina n-aghaidh.
Bhí Sighle gníomhach i gCumann na mBan, agus ní raibh ach fíorbheagán de ghníomhairí Chumann na mBan ar son an Chonartha i 1921. 'Níl aon ní chomh holc le Cogadh na gCarad', a dúirt Sighle faoi. Le linn an chogaidh úd, bhí a fhios ag Fórsaí an tSaorstáit go raibh seomra rúnda i dteach Shighle ar Bhóthar Ailesbury. Rinne na saighdiúirí ruathar ar an teach ag lorg Ernie O’Malley, a bhí ag fanacht ann. Caitheadh aintín Humphreys trí thimpiste sa ruathar agus mharaigh O'Malley saighdiúir agus é ag iarraidh éalú. Bhí trua ag Humphreys don saighdiúir Albanach a maraíodh, agus d’iarr sí Aifreann ar a shon.
Bhí aithne ag Humphreys ar de Valera agus Mícheál Ó Coileáin mar bhíodh siad ag cruinnithe sa teach. Cheap sí gur eachtra cinniúnach sa Chogadh Cathartha bhí i marú Uí Choileáin. Bhí sí den tuairim go bhféadfaí deireadh a chur leis an troid níos luaithe dá mbeadh sé beo. Bhí an-mheas aici ar an gCoileánach cé gur airigh sí gur lig sé síos an tír. Bhí an-mheas aici ar de Valera tráth freisin, ach chas sí ina aghaidh mar gur chuir sé poblachtánaigh sa phríosún. Cheap sí go ndearna Cogadh na gCarad an-dochar. Bhí sé chomh tábhachtach sin go mbeadh bua míleata acu go ndearnadh dearmad ar na ceisteanna eile. Bhí tír shóisialach uaithi, agus níorbh fhiú léi saoirse aisti féin. Ag breathnú siar ar an méid a tharla, dar léi gurbh fhiú a bheith saor ón mBreatain ach nár cruthaíodh saoirse eacnamaíochta agus shóisialta. Bhí saibhir agus bocht ann fós. Cheap sí i gcónaí go dtiocfadh saoirse Uí Chonghaile ón tsaoirse pholaitiúil. Bhí sí cáinteach ar an gcóras oideachais agus ar na buntáistí atá ag daoine saibhre sa chóras.
Tá agallamh eile le Sighle Humphreys (Uimh. 43648) sa bhailiúchán seo.
]]>Déantar trácht san agallamh freisin ar na hiarrachtaí a rinne na hÓglaigh an córas stáit a scriosadh. Lasadh beairic an RIC sa Rinn lena chinntiú nach bhféadfaidís eolas a bhailiú. Bhí radharc acu ón mbeairic ar an gceantar uilig. Chomh maith leis sin, lasadh tithe na nGarda Cósta, a bhí ag tabhairt cúnaimh don RIC freisin, agus cuireadh an ruaig orthu. D`éirigh leis na hÓglaigh, le cúnamh ó na Gearmánaigh, gunnaí a thabhairt i dtír i gCeann Heilbhic i rith an tSosa Cogaidh i 1921.
]]>