Bhí aithne ag Ó Tuama ar Mhícheál Ó Coileáin, agus deir sé go bhfuil litreacha aige sa bhaile uaidh. Ina chomhfhreagras, chuir Ó Tuama a mhíshástacht faoi bheith ag obair do chomhlacht árachais Sasanach in iúl don Choileánach. Scríobh Ó Coileáin ar ais chuige, ag tabhairt le fios go bpléifidís an cás sa Dáil agus go raibh rún aige athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí árachais sa tír. Idir an dá linn mhol sé do Ó Tuama leanúint ar aghaidh leis an obair.
]]>Bhí sé gníomhach san IRA in Albain tar éis dó casadh le baill den IRA ó Bhaile Átha Cliath i nGlaschú. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla an IRA i nGlaschú – ag aimsiú gunnaí agus arm agus á gcur abhaile go hÉirinn. Déanann sé trácht ar eachtra ar leith ina ndearnadh iarracht Frank Carty, a toghadh mar Theachta Dála ina dhiaidh sin, a scaoileadh saor ó veain phríosúin, agus ar eachtra eile nuair a rinne na húdaráis ruathar airm ar mhianaigh lasmuigh de Ghlaschú.
Bhunaigh sé buíon de na hÓglaigh nuair a tháinig sé abhaile go Béal Deirg san 1920í – dar leis nach raibh aon chaint faoin IRA sa cheantar gur tháinig sé abhaile. Tar éis na scoilte chuaigh sé le taobh de Valera. Ní phléitear mórán faoin gCogadh Cathartha seachas tagairt dó a bheith thuas sna cnoic agus saighdiúir an tSaorstáit ina dhiaidh. Críochnaíonn an t-agallamh le píosa cainte faoina chuid oibre ag bailiú béaloidis. Scríobh sé ceithre leabhar béaloidis - trí cinn i mBéarla agus ceann i nGaeilge – ach níor foilsíodh iad (tá siad caomhnaithe anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath). Is beag meas atá aige ar an EEC – ’níl duine ar bith ina mháistir air fhéin’ – agus a gcuid rialacha maidir le heorna, bainne agus iascaireacht.
]]>Gabhadh é féin cúpla uair i rith Chogadh na Saoirse ach scaoileadh saor arís é. Dar leis, ní mórán spíodóirí a bhí ann i rith Chogadh na Saoirse ach bhí go leor acu ann tar éis an Éirí Amach. Casadh duine díobh, a bhí imithe as an áit le fada, air i bPáirc an Chrócaigh roinnt blianta níos deireanaí. Luann sé Tom Reddington as Gaillimh, saighdiúir in Arm an tSaorstáit, a maraíodh i Longfort sa Chogadh Cathartha. Tugtar le fios gurb é a thaobh féin a mharaigh é, agus gur maraíodh é in aighneas faoi bhean (a bhí gaolta le Kitty Kiernan). Luaitear fear eile as Baile Átha Cliath a bhí ag obair sa phríosún agus a scaoil daoine amach as an bpríosún le linn an Chogaidh Chathartha. Cáineann sé muintir an lae inniu (sna 1980í) mar gheall nach raibh comóradh ceart á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca agus mar gheall ar an dochar atá á dhéanamh do dhealbh Liam Uí Mhaoilíosa, ar an Fhaiche Mhór, i gcathair na Gaillimhe.
]]>