Agallamh le Bríd Ní Loideáin (26/08/1975)
Éamon de Valera
Pádraig Mac Piarais
Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh
Cogadh na Saoirse
San eagrán seo den tsraith chlár Sé do Bheatha, cuirtear agallamh ar Bhríd Ní Loideáin (nó Bidí Conboy, nó Bidí Phatch Mhicil) a rugadh in 1899. Tá cónaí uirthi lena mac Tim i gCeapaigh na Creiche, os cionn Loch Measca, gar do Choill an tSiáin i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. Ba as Coill an tSiáin, Partraí, do Bhríd ó thús. Ba cheoltóir aitheanta a bhí inti – casann sí an bosca ceoil - agus is sa bhaile a d’fhoghlaim sí a cuid ceoil. Cuireann sí síos ar a saol sa cheantar. Bhíodh Éamon de Valera (‘fear tanaí, ard le srón fhada’) agus Sinéad de Valera ag teacht ar saoire go dtí an ceantar, agus ag tabhairt cuairte ar Choláiste Mhuire, scoil Ghaeilge áitiúil. Bhíodh Pádraig Mac Piarais thart freisin, cé nach bhfaca sí é. Labhraíonn sí faoi na Dúchrónaigh, agus cuimhníonn sí ar an luíochán mór le rá a tharla sa cheantar [luíochán Thuar Mhic Éadaigh is dócha]. Bhí beairic mhór ag an RIC sa cheantar agus lasadh é, agus tá sé tite i léig anois.
Ó hÉalaí, Seán
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
26-08-1975
Ní Loideán, Bríd (Bidí Conboy)
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
31794
Agallamh le Brian Mac Suibhne (16/04/1988)
Arm na hÉireann
Na Gardaí Síochána
Na Connaught Rangers
Ceannairc san India
Labhraíonn Brian Mac Suibhne (Barney Sweeney) faoina shaol san Arm agus sna Gardaí. Is ón Mhín Mhór, Tír Chonaill, dó agus chaith sé tréimhse sna hÓglaigh (Arm na hÉireann) sna 1930í. Chuaigh sé sna Gardaí i 1935 agus chaith sé seal i Leitir Móir, i gConamara. Is ar an gCeathrú Rua a chríochnaigh sé a sheal sna Gardaí, mar sháirsint, agus bhí cónaí air i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, nuair a taifeadadh an t-agallamh. Labhraíonn sé faoin traenáil a fuair sé, agus faoi na daoine a casadh air. Ina measc siúd, casadh Pat Wallace, ón bPointe ar an gCeathrú Rua, air [12:00] agus iad ag traenáil. Bhí Pat sna Connaught Rangers le linn a gceannairce san India. Déanann sé trácht freisin ar Ó Dálaigh [James Daly], ó Bhealach an Tirialaigh (Co. na hIarmhí), a cuireadh chun báis san India i 1920.
Ó Conghaile, Seán
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
16-04-1988
Mac Suibhne, Brian
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
15811
Agallamh le Cormac Ó Breisleáin (22/08/1972)
An Cogadh Mór
Polaitíocht in Éirinn
An Cogadh Cathartha
An Fliú Mór
Na hÓglaigh
Éamon de Valera
San eagrán seo de Beatha Duine a Shaol tá Cormac Ó Breisleáin (1902-1978), iar-Theachta Dála (ó 1937-1977) agus iar-Cheann Comhairle ar Dháil Éireann (ó 1967-1973), ag caint le Seán Ó Tuairisg faoina shaol polaitiúil agus a shaol pearsanta. Rugadh é i nGaoth Dobhair i 1902. Déantar cur síos ar a thréimhse sna hÓglaigh i nDún na nGall agus ar a shaol mar Theachta Dála. I measc na nithe stairiúla atá luaite sa chlár, tá an Cogadh Mór, an Fliú Mór 1918-19 agus an Cogadh Cathartha i nGaoth Dobhair. Luann sé gur bhásaigh na céadta i gceantar Ghaoth Dobhair ón bhfliú mór a bhí ann i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Mhóir. I roinnt cásanna fuair níos mó ná duine amháin as an teaghlach céanna bás. I measc na marbh bhí a athair féin, rud a thug air bogadh abhaile ón meánscoil ar a raibh sé. Pléitear an caidreamh a bhí aige le hÉamon de Valera freisin.
Ó Tuairisg, Seán
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
22-08-1972
Ó Breisleáin, Cormac
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
59271
Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta)
Aindrias Ó Muineacháin
Conradh na Gaeilge
An Ghaeilge
An Cogadh Cathartha
Baile Ó Síoda
Labhraíonn Aindrias Ó Muineacháin, údar agus bailitheoir béaloidis, le Mícheál de Mórdha. Rugadh Ó Muineacháin i nGaorthadh na Péice, Béal Átha an Ghaorthaidh, i 1905. Bhí dlúthbhaint aige leis an Oireachtas, agus bhí sé ina mhúinteoir taistil ar feadh na mblianta. Is í an Ghaeilge tar éis an Chogaidh Chathartha príomh-théama an agallaimh seo. Labhraíonn Ó Muineacháin faoi na hiarrachtaí a rinne an Stát nua-bhunaithe an Ghaeilge a mhúineadh i mbunscoileanna na tíre, agus na deacrachtaí a bhí acu de thoradh a laghad múinteoirí le Gaeilge a bhí ann ag an am. Nuair a cuireadh coláistí samhraidh ar bun le dul i ngleic leis an bhfadhb seo, deir sé go raibh droch-thionchar aige seo ar an nGaeilge sna ceantair ina raibh na coláistí sin, go háirithe timpeall ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Deir Ó Muineacháin go raibh iar-shaighdiúirí ón dá thaobh den Chogadh Cathartha ag freastal ar a chuid ranganna Gaeilge. Ina measc siúd bhí an t-aon duine a tháinig slán as an ainghníomh a tharla i mBaile Ó Síoda, taobh amuigh de Thrá Lí, i mí Márta 1923. Ceapann sé gur chuidigh na ranganna Gaeilge seo le hathmhuintearas a chothú idir daoine a bhí in aghaidh chéile sa Chogadh Cathartha. Pléitear Conradh na Gaeilge san agallamh freisin, agus an meath a tháinig ar an eagraíocht ó na 1920í ar aghaidh.
de Mórdha, Mícheál
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Gan Dáta
Ó Muimhneacháin, Aindreas
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
39216
Agallamh le hAnraí Ó Corrduibh (09/01/1973)
Na Dúchrónaigh
Cogadh na Saoirse
Anraí Ó Corrduibh
An RIC
Sa mhír seo den tsraith chlár Beatha Duine a Thoil cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar Anraí (Harry) Ó Corrduibh (1914-1982). Rugadh i gCill Mhíchíl, Co. Chláir é agus bhog sé go Ros Dubhach, Maigh Eo, áit ar chuir sé faoi agus é mar mhúinteoir meánscoile. Labhraíonn sé san agallamh seo faoina óige i gCo. an Chláir. Tá cuimhne aige ar na Dúchrónaigh agus an ‘raic, an loscadh agus an marú’ a rinneadh, agus déanann sé trácht ar eachtra ar leith a chonaic sé agus é ina ghasúr óg. Bhí a athair ina Chonstábla Ríoga sa cheantar, agus bhí sé i mbeairic an RIC oíche amháin nuair a chuala siad torann ó ghunnaí taobh amuigh – is cosúil go raibh na Dúchrónaigh ag réabadh lasmuigh. Maraíodh giúistís áitiúil [an Captaen Alan Lendrum] ag an am agus bhí na Dúchrónaigh ina ndiaidh siúd a mharaigh é. Bhí siad amuigh ag cuardach ar feadh na hoíche. Níos déanaí an mhaidin sin tháinig leoraí, a raibh cónra an ghiúistís air, chuig an mbeairic. Ba é sin an chéad uair a chonaic Anraí an chónra - agus dúirt sé go mba léir gur caitheadh le chéile faoi dheifir í. Bhí na Dúchrónaigh ar an leoraí freisin agus iad ag ceol, ag ól agus ag gáirí. Bhí sé 6 bliana d’aois ag an am.
Ó Tuairisg, Seán
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
09-01-1973
Ó Corrduibh, Anraí (Harry)
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
23385
Agallamh le hAodh Ó Tuama (11/11/1974)
An Ghaeilge
Sinn Féin
Traolach Mac Suibhne
Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
Mícheál Ó Coileáin
J.J. Walsh
Liam de Róiste
Athbheochan na teanga
Conradh na Gaeilge
Labhraíonn an Corcaíoch, Aodh Ó Tuama, a bhí 84 bliain d’aois nuair a craoladh an mhír seo, le Breandán Feiritéar. Is in aice le Baile Bhuirne a rugadh Ó Tuama, agus déantar cur síos ar a óige agus a shaol sna 1920í. Phós sé bean as Baile Bhuirne [Eibhlín Ní Éigearta] i 1919. Bhíodh Ó Tuama ag obair mar thimire Gaeilge do Chonradh na Gaeilge. Bhí sé páirteach, freisin, i ngluaiseacht na poblachta ag tús an fichiú haois, agus mar sin bhí aithne aige ar phríomh-phearsana na gluaiseachta i gCorcaigh. D’oibrigh sé mar rúnaí do Shinn Féin i dtoghchán 1918 i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath. Is ar fheachtais Liam de Róiste agus JJ Walsh a bhí sé ag obair, agus toghadh an bheirt acu. Bhí sé ag obair freisin le Tomás Mac Curtáin, a togha mar Ard-Mhéara ar Chathair Chorcaí i mí Eanáir 1920. Bhí aithne mhaith acu ar a chéile, agus bhíodh Mac Curtáin ina mhúinteoir taistil freisin in éineacht le Ó Tuama ar feadh scaithimh. Bhí aithne freisin aige ar Thraolach Mac Suibhne. Shiúil sé Contae Chorcaí leis nuair a bhí an bheirt acu ag obair do Shinn Féin, agus thug sé le fios san agallamh nár labhair siad aon fhocal Béarla lena chéile.

Déanann Ó Tuama trácht ar eachtra a tharla dó oíche amháin, i mí na Samhna 1920, i stáisiún traenach i Móta Ghráinne Óige ar a bhealach abhaile go Baile Átha Luain. Agus é ag fanacht leis an traein, tháinig beirt Dúchrónach chuige, agus cheistíodar é. Ba léir nach ró-shásta a bhí siad lena chuid freagraí, mar thógadar ar leataobh é, agus dúradar leis go raibh an bás i ndán dó. Cheap sé go raibh siad réidh chun é a mharú. Ach nuair a tháinig an traein, seachas é a chaitheamh, thugadar greasáil dó lena gcuid gunnaí. Bhí sé ar an traein sular tháinig sé chuige féin arís.

Bhí aithne ag Ó Tuama ar Mhícheál Ó Coileáin, agus deir sé go bhfuil litreacha aige sa bhaile uaidh. Ina chomhfhreagras, chuir Ó Tuama a mhíshástacht faoi bheith ag obair do chomhlacht árachais Sasanach in iúl don Choileánach. Scríobh Ó Coileáin ar ais chuige, ag tabhairt le fios go bpléifidís an cás sa Dáil agus go raibh rún aige athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí árachais sa tír. Idir an dá linn mhol sé do Ó Tuama leanúint ar aghaidh leis an obair.

Féirtéar, Breandán
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
11-11-1974
Ó Tuama, Aodh
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
24404
Agallamh le Liam Ó Briain (11/11/1962)
Liam Ó Briain
Pádraig Ó Conaire
An Ghaeilge
Olltoghchán 1918
Sa chlár seo cuirtear agallamh ar Liam Ó Briain (1888-1974). Rugadh Ó Briain i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina Ollamh i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (anois Ollscoil na hÉireann, Gaillimh). Ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca, agus sheas sé do Shinn Féin in Ard Mhacha san Olltoghchán i 1918. Labhraíonn sé faoin scríbhneoir Pádraig Ó Conaire, faoin nGaeilge agus faoin ról a bhí aige i stair na tíre.
(in easnamh)
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
11/11/1962
Ó Briain, Liam
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
45499
Agallamh le Mícheál Ó Neachtain (30/05/1988)
Cogadh na Saoirse
Albain
Na hÓglaigh
An Cogadh Cathartha
Béaloideas
An EC
Cuirtear Mícheál Ó Neachtain ó Bhéal Deirg ar chósta thuaidh Mhaigh Eo faoi agallamh san eagrán seo den chlár Sé do Bheatha Rugadh Mícheál sa bhliain 1900, agus nuair a rinneadh an t-agallamh bhí cónaí air taobh amuigh de Chrois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo. Labhraíonn sé faoina shaol agus faoin obair a bhí sa cheantar le linn a óige. Luaitear Tiarnaí Talún an cheantair (Ross-Ford agus Gibbons) agus na gníomhairí a bhí acu. Labhraíonn sé faoin nGaeilge sa taobh sin tíre (ní raibh Béarla ag a mháthair, ná aige féin sula ndeachaigh sé ar scoil). Bhí sé ag Oireachtas sna Gaeilge i mBaile Átha Cliath – bhuaigh sé an chéad duais (£5) sa chatagóir Gaeilge an Teaghlaigh. Chuaigh sé ag iascaireacht tar éis na scoile. Ansin chuaigh sé ar imirce go hAlbain i 1919 agus é 19 mbliana d’aois.

Bhí sé gníomhach san IRA in Albain tar éis dó casadh le baill den IRA ó Bhaile Átha Cliath i nGlaschú. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla an IRA i nGlaschú – ag aimsiú gunnaí agus arm agus á gcur abhaile go hÉirinn. Déanann sé trácht ar eachtra ar leith ina ndearnadh iarracht Frank Carty, a toghadh mar Theachta Dála ina dhiaidh sin, a scaoileadh saor ó veain phríosúin, agus ar eachtra eile nuair a rinne na húdaráis ruathar airm ar mhianaigh lasmuigh de Ghlaschú.

Bhunaigh sé buíon de na hÓglaigh nuair a tháinig sé abhaile go Béal Deirg san 1920í – dar leis nach raibh aon chaint faoin IRA sa cheantar gur tháinig sé abhaile. Tar éis na scoilte chuaigh sé le taobh de Valera. Ní phléitear mórán faoin gCogadh Cathartha seachas tagairt dó a bheith thuas sna cnoic agus saighdiúir an tSaorstáit ina dhiaidh. Críochnaíonn an t-agallamh le píosa cainte faoina chuid oibre ag bailiú béaloidis. Scríobh sé ceithre leabhar béaloidis - trí cinn i mBéarla agus ceann i nGaeilge – ach níor foilsíodh iad (tá siad caomhnaithe anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath). Is beag meas atá aige ar an EEC – ’níl duine ar bith ina mháistir air fhéin’ – agus a gcuid rialacha maidir le heorna, bainne agus iascaireacht.

Ó hÉalaí, Seán
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
30-05-1988
Ó Neachtain, Mícheál
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
17397
Agallamh le Maidhc Dan Ó Flatharta (04/11/1981)
Arm na hÉireann
Siamsaíocht
Ceardaíocht
San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, labhraíonn Maidhc Dan Ó Flatharta as Cuileán, ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, le Seán Ó Conghaile. Chuaigh Maidhc isteach in Arm na hÉireann i Márta 1933. Labhraítear faoina shaol, agus pléitear rudaí ar nós an t-oideachas a fuair sé, sagairt an cheantair, liathróid láimhe, iomáint agus saol na hoibre. Pléitear freisin ceird na fíodóireachta agus ag déanamh bréidín. Luaitear san agallamh an t-ealaíontóir iomráiteach, Charles Lamb, a chuir faoi ar an gCeathrú Rua. Casann Ó Flatharta amhrán ag deireadh an chláir. Tá dhá bhriseadh ceoil ann, Amhrán na Trá Báine le Seosamh Ó hÉanaí agus píosa ceoil le Ciarán Kelly. Críochnaíonn an láithreoir leis na focail: ’An méid blianta a chaith tú le fuacht agus le fliuchán, tá súil agam go mbeidh an oiread céanna blianta eile agat le só agus le compord’.
Ó Conghaile, Seán
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
04-11-1981
Ó Flatharta, Mícheál (Maidhc Dan)
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
16126
Agallamh le Matt Hackett (31/03/1986)
Cogadh na Saoirse
An Cogadh Cathartha
Dealbh Liam Uí Mhaoilíosa

"An aithníonn tú mise?...Spíodóir a bhí ionamsa…"

Sa chlár seo cuirtear agallamh ar Matt Hackett, iar-bhall d’Óglaigh na hÉireann, as Tír Oileáin, ar imeall chathair na Gaillimhe. Bhí sé ceithre bliana déag nuair a tharla Éirí Amach na Cásca, agus ghlac sé féin páirt i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha. Bhí aithne mhaith aige ar dhaoine a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse i gceantar na Gaillimhe agus bhí go leor béaloidis aige, dá réir. Déanann sé cur síos ar an easpa arm a bhí ann i rith an Éirí Amach agus ina dhiaidh. Is ó shaighdiúirí Arm na Breataine a fuair na hÓglaigh roinnt díobh sa Chaisleán Gearr, i nGaillimh - ceannaíodh roinnt de na gunnaí nó thugadh iar-shaighdiúirí do na hÓglaigh iad. Ag trácht ar na fórsaí áitiúla dó, dúirt sé go mba mheasa roinnt den sean-RIC ná na Dúchrónaigh.

Gabhadh é féin cúpla uair i rith Chogadh na Saoirse ach scaoileadh saor arís é. Dar leis, ní mórán spíodóirí a bhí ann i rith Chogadh na Saoirse ach bhí go leor acu ann tar éis an Éirí Amach. Casadh duine díobh, a bhí imithe as an áit le fada, air i bPáirc an Chrócaigh roinnt blianta níos deireanaí. Luann sé Tom Reddington as Gaillimh, saighdiúir in Arm an tSaorstáit, a maraíodh i Longfort sa Chogadh Cathartha. Tugtar le fios gurb é a thaobh féin a mharaigh é, agus gur maraíodh é in aighneas faoi bhean (a bhí gaolta le Kitty Kiernan). Luaitear fear eile as Baile Átha Cliath a bhí ag obair sa phríosún agus a scaoil daoine amach as an bpríosún le linn an Chogaidh Chathartha. Cáineann sé muintir an lae inniu (sna 1980í) mar gheall nach raibh comóradh ceart á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca agus mar gheall ar an dochar atá á dhéanamh do dhealbh Liam Uí Mhaoilíosa, ar an Fhaiche Mhór, i gcathair na Gaillimhe.

Breathnach, Seán Bán
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
31-03-1986
Hackett, Matt
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
ga
Fuaim
15679