Ina dhiaidh sin [08:00], labhraíonn Pádraig Ó Snodaigh faoi chultúr na réabhlóide i bpobal Chorca Dhuibhne. Deir sé gur scríobh Tomás Ó Criomhthain go raibh muintir na háite ag caint faoin Rialtas Dúchais, ach nach raibh an oiread sin spéise ag an bpobal ina raibh ag tarlú i bparlaimint Westminster. Níor léir go raibh an pobal tiomanta go láidir don réabhlóideachas. Ach bhí meas ag an bpobal ar dhaoine éagsúla, ar nós Sheáin Uí Mhuircheartaigh as Gallaras agus Sheán Caomhánach (Seán a’ Chóta mar a thugtaí air), a bhí in ann daoine a mhealladh isteach sna hÓglaigh. Dar le Ó Snodaigh, bhí seantraidisiúin an phoblachtachais, ó na Fíníní ar aghaidh, níos leanúnaigh — bíodh is go raibh sé tanaí — i bpobal Chorca Dhuibhne ná mar a bhí i bpobal Chonamara. Deir Ó Snodaigh gur cheap an Piarsach gur chóir go dtiocfadh gunnaí an Éirí Amach i dtír i gceantar Gaeltachta, mar léiriú gurbh é an ceantar seo lárphointe an idéil Éireannaigh. Go deimhin, bhí sé i gceist é seo a dhéanamh i Meán Fómhair 1915, i gceantar an Spidéil, ach ní mar sin a tharla. Nuair a ceistíodh Ó Snodaigh faoi méid a theastaigh ón bpobal a tharlódh don tír i ndiaidh an Éirí Amach, cheap sé go mb’fhéidir go raibh meon Thomáis Uí Cléirigh forleathan. Nuair a fiafraíodh den Chléireach ar mhaith leis an Uachtaránacht a bheith aige tar éis an Éirí Amach, dúirt sé gurbh fhearr leis a bheith i mbun an ghairdín sa bhaile – ag tabhairt le fios gur leor dó deireadh a bheith le ré na Sasanach sa tír. Labhraítear freisin faoi Earnán de Blaghad, a bhí ag obair le muintir Ághais i Lios Póil, agus Seán Mac Diarmada, a thug ceann de na hóráidí ba thábhachtaí roimh an Éirí Amach i dTrá Lí. Léiriú ba ea an óráid seo nach é an Piarsach amháin a bhí tiomanta do dhoirteadh fola:
[ ‘The Irish patriotic spirit will die forever unless a blood sacrifice is made in the next few years. It will be necessary for some of us to offer ourselves as martyrs if nothing better can be done to preserve the national Irish spirit.’ ]
Labhraíonn Breandán Feiritéar [17:00] leis an údar Seán Ó Conghaola, as na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe faoina chuid cuimhní cinn faoin Éirí Amach agus an tréimhse ina dhiaidh. Bhí sé ina dhéagóir le linn an Éirí Amach, agus deir sé nach raibh tuiscint mhaith ag muintir na háite ar an eachtra seachas iad siúd a bhí léannta — múinteoirí agus a leithéid — agus gur thóg sé cúpla bliain sular thuigeadar an comhthéacs agus na himpleachtaí iomlána. Ceapann sé go mb’fhéidir nach raibh sé seo amhlaidh le pobal Ros Muc, mar go raibh an Piarsach i mbun bolscaireachta faoin Éirí Amach (‘ ag craobhscaoileadh an tsoiscéil go háitiúil’) go háitiúil. Luann Ó Conghaola an sagart áitiúil, Séamas Ó Ceallaigh i bparóiste an Chnoic, a bhí ag impí ar an bpobal ón altóir tacú leis na hÓglaigh. Deir sé gur obair chontúirteach a bhí ar bun ag an sagart, i bhfianaise ar tharla den Athair Ó Gríofa as Bearna, a maraíodh i 1921. Déanann sé trácht freisin ar an Dr Breathnach as Tuaim, a bhíodh ag gríosadh Óglaigh an cheantair freisin. Tugann Ó Conghaola le fios gur thosaigh na póilíní ag éirí níos géire ar an bpobal tar éis an Éirí Amach, agus go rabhadar ag leanúint daoine go bhfeicfidís cá raibh siad ag traenáil. Bhí an sagart ag tabhairt foláirimh do dhaoine fanacht glan ar strainséirí, ar fhaitíos gur spíodoirí a bhí iontu. Cuimhníonn sé gur chuir an sagart fios air féin, mar gur chónaigh siad in aice le chéile, lena rá leis go raibh fear nach as an áit é ag dul thart ag ceannach óil do dhaoine.
Déanann Nollaig Ó Gadhra [22:00] cur síos ar dhearcadh na bpáipéar náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an Éirí Amach. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo].
Cuireann Gearóid Ó Tuathaigh críoch leis an mír fuaime seo [32:00] nuair a dhéanann sé comparáid idir an comóradh a rinneadh ar Éirí Amach na Cásca sna blianta 1966 agus 1976. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo].
]]>Ina dhiaidh sin [08:00], labhraíonn Pádraig Ó Snodaigh faoi chultúr na réabhlóide i bpobal Chorca Dhuibhne. Deir sé gur scríobh Tomás Ó Criomhthain go raibh muintir na háite ag caint faoin Rialtas Dúchais, ach nach raibh an oiread sin spéise ag an bpobal ina raibh ag tarlú i bparlaimint Westminster. Níor léir go raibh an pobal tiomanta go láidir don réabhlóideachas. Ach bhí meas ag an bpobal ar dhaoine éagsúla, ar nós Sheáin Uí Mhuircheartaigh as Gallaras agus Sheán Caomhánach (Seán a’ Chóta mar a thugtaí air), a bhí in ann daoine a mhealladh isteach sna hÓglaigh. Dar le Ó Snodaigh, bhí seantraidisiúin an phoblachtachais, ó na Fíníní ar aghaidh, níos leanúnaigh — bíodh is go raibh sé tanaí — i bpobal Chorca Dhuibhne ná mar a bhí i bpobal Chonamara. Deir Ó Snodaigh gur cheap an Piarsach gur chóir go dtiocfadh gunnaí an Éirí Amach i dtír i gceantar Gaeltachta, mar léiriú gurbh é an ceantar seo lárphointe an idéil Éireannaigh. Go deimhin, bhí sé i gceist é seo a dhéanamh i Meán Fómhair 1915, i gceantar an Spidéil, ach ní mar sin a tharla. Nuair a ceistíodh Ó Snodaigh faoi méid a theastaigh ón bpobal a tharlódh don tír i ndiaidh an Éirí Amach, cheap sé go mb’fhéidir go raibh meon Thomáis Uí Cléirigh forleathan. Nuair a fiafraíodh den Chléireach ar mhaith leis an Uachtaránacht a bheith aige tar éis an Éirí Amach, dúirt sé gurbh fhearr leis a bheith i mbun an ghairdín sa bhaile – ag tabhairt le fios gur leor dó deireadh a bheith le ré na Sasanach sa tír. Labhraítear freisin faoi Earnán de Blaghad, a bhí ag obair le muintir Ághais i Lios Póil, agus Seán Mac Diarmada, a thug ceann de na hóráidí ba thábhachtaí roimh an Éirí Amach i dTrá Lí. Léiriú ba ea an óráid seo nach é an Piarsach amháin a bhí tiomanta do dhoirteadh fola:
[ ‘The Irish patriotic spirit will die forever unless a blood sacrifice is made in the next few years. It will be necessary for some of us to offer ourselves as martyrs if nothing better can be done to preserve the national Irish spirit.’ ]
Labhraíonn Breandán Feiritéar [17:00] leis an údar Seán Ó Conghaola, as na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe faoina chuid cuimhní cinn faoin Éirí Amach agus an tréimhse ina dhiaidh. Bhí sé ina dhéagóir le linn an Éirí Amach, agus deir sé nach raibh tuiscint mhaith ag muintir na háite ar an eachtra seachas iad siúd a bhí léannta — múinteoirí agus a leithéid — agus gur thóg sé cúpla bliain sular thuigeadar an comhthéacs agus na himpleachtaí iomlána. Ceapann sé go mb’fhéidir nach raibh sé seo amhlaidh le pobal Ros Muc, mar go raibh an Piarsach i mbun bolscaireachta faoin Éirí Amach (‘ ag craobhscaoileadh an tsoiscéil go háitiúil’) go háitiúil. Luann Ó Conghaola an sagart áitiúil, Séamas Ó Ceallaigh i bparóiste an Chnoic, a bhí ag impí ar an bpobal ón altóir tacú leis na hÓglaigh. Deir sé gur obair chontúirteach a bhí ar bun ag an sagart, i bhfianaise ar tharla den Athair Ó Gríofa as Bearna, a maraíodh i 1921. Déanann sé trácht freisin ar an Dr Breathnach as Tuaim, a bhíodh ag gríosadh Óglaigh an cheantair freisin. Tugann Ó Conghaola le fios gur thosaigh na póilíní ag éirí níos géire ar an bpobal tar éis an Éirí Amach, agus go rabhadar ag leanúint daoine go bhfeicfidís cá raibh siad ag traenáil. Bhí an sagart ag tabhairt foláirimh do dhaoine fanacht glan ar strainséirí, ar fhaitíos gur spíodoirí a bhí iontu. Cuimhníonn sé gur chuir an sagart fios air féin, mar gur chónaigh siad in aice le chéile, lena rá leis go raibh fear nach as an áit é ag dul thart ag ceannach óil do dhaoine.
Déanann Nollaig Ó Gadhra [22:00] cur síos ar dhearcadh na bpáipéar náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an Éirí Amach. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo].
Cuireann Gearóid Ó Tuathaigh críoch leis an mír fuaime seo [32:00] nuair a dhéanann sé comparáid idir an comóradh a rinneadh ar Éirí Amach na Cásca sna blianta 1966 agus 1976. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo].
Bhí grá aige don Ghaeilge, agus ba chuid bhunúsach dá phearsantacht mar Éireannach an teanga a bheith aige. Ach, le hais cúrsaí bunreachtúla agus geilleagracha, níor tháinig gníomh ceart uaidh le réabhlóid teanga a chur ar bun. Deir Ó Tuathaigh go raibh go leor den reitric bhréagchráifeach i gceist – cur síos ar an idéal Éireannach nuair a bhí báid lán le daoine ag imeacht ar imirce — seachas gníomh praiticiúil.
Déantar codarsnacht sa léacht idir de Valera agus Seán Lemass, a tháinig i gcomharbacht air mar Thaoiseach. Labhraítear, ag deireadh na míre, faoi chreideamh Caitliceach de Valera. Maíonn Ó Tuathaigh gur raibh dílseacht agus cráifeacht ina chreideamh pearsanta féin, ach gur thuig sé freisin, mar phoblachtánach, gur bhain sé le traidisiún a bhí neamhspleách ar an Eaglais siar chomh fada le 1798.
]]>Thóg de Valera an mhóid dílseachta i 1927. Pléann Ó Tuathaigh an caidreamh a bhí idir é agus an tIRA — mar Thaoiseach i 1932 bhí sé dian orthu — agus an ghráin a bhí acu air, níos mó fiú ná ar an Saorstát féin. Maidir leis na Sé Chontae, ba léir nár thuig James Craig agus de Valera a chéile, nó sin nach raibh de Valera in ann aon fhriotal a aimsiú ina chuid cumarsáide a rachadh i gcionn ar Craig. Ina pholasaí i leith an Tuaiscirt, d’fhéach sé ar an tír mar aonad tíreolaíochta, seachas mar phobal, agus bhí sé seo le feiceáil ina chuid meafar (four green fields mar shampla). Mar thoradh air seo, níor thug sé dóthain airde ar mheon aontachtaithe Uladh. Síleann Ó Tuathaigh gur chuir de Valera an dualgas ar an mBreatain ceist an Tuaiscirt a réiteach, ar bhealachm, mar gur fadhb na Breataine a bhí inti.
Bhí grá aige don Ghaeilge, agus ba chuid bhunúsach dá phearsantacht mar Éireannach an teanga a bheith aige. Ach, le hais cúrsaí bunreachtúla agus geilleagracha, níor tháinig gníomh ceart uaidh le réabhlóid teanga a chur ar bun. Deir Ó Tuathaigh go raibh go leor den reitric bhréagchráifeach i gceist – cur síos ar an idéal Éireannach nuair a bhí báid lán le daoine ag imeacht ar imirce — seachas gníomh praiticiúil.
Déantar codarsnacht sa léacht idir de Valera agus Seán Lemass, a tháinig i gcomharbacht air mar Thaoiseach. Labhraítear, ag deireadh na míre, faoi chreideamh Caitliceach de Valera. Maíonn Ó Tuathaigh gur raibh dílseacht agus cráifeacht ina chreideamh pearsanta féin, ach gur thuig sé freisin, mar phoblachtánach, gur bhain sé le traidisiún a bhí neamhspleách ar an Eaglais siar chomh fada le 1798.
Chláraigh sé leis na hÓglaigh i 1913, agus go gairid ina dhiaidh sin tugadh cuireadh dó isteach san IRB. Léirigh sé a chumas míleata san Éirí Amach i 1916. Throid sé de réir rialacha an chogaidh, agus bhí meas ag a chuid saighdiúirí air. Is mar phríosúnach i Sasana a chuaigh sé go mór i bhfeidhm orthu siúd a bhí le bheith ag troid i gCogadh na Saoirse ina dhiaidh sin. Thug sé misneach dá chomrádaithe. Dar le Ó Tuathaigh, bhí de Valera muiníneach ina chuid tuairimí, bhí cur chuige teoiriciúil aige, agus ní minic a chuireadh daoine ina choinne.
Léirigh a stíl óráidíochta poiblí le feiceáil i bhfothoghchán an Chláir i 1917. Bhíodh sé de nós aige tosú i nGaeilge mar, dar leis, nach raibh sé ceart óráid stairiúil a thabhairt i “dteanga na namhad”. Leanadh sé ar aghaidh i mBéarla tar éis cúpla abairt Ghaeilge. Léirigh sé a chumhacht agus a ghradam nuair a chuir sí ina luí ar an Eaglais i Maigh Nuad gan glacadh le coinscríobh i 1918. Dúirt easpag amháin ina dhiaidh, agus é ag trácht ar chuairt de Valera orthu, go raibh sé ar nós gur tháinig an Spiorad Naomh anuas ina measc.
Chuaigh sé go Meiriceá tar éis dó éalú as príosún Lincoln, agus luann Ó Tuathaigh go raibh sé as baile le linn tréimhse an-chinniúnach – Cogadh na Saoirse – nuair a bhí ceannairí míleata ar nós Mhíchíl Uí Choileáin freagrach as gluaiseacht na poblachta. Luaitear an teannas a bhí ann idir Ó Coileáin agus de Valera nuair a d’fhill sé ar Éirinn arís. Faoin am sin bhí Cogadh na Saoirse ag dul in olcas. Maíonn Ó Tuathaigh go raibh an Coileánach níos eolaí ná aon duine eile sa tír ar neart míleata na nÓglach nuair a thug sé a bhreithiúnas gur cheart sos cogaidh a thapú. Ba chinneadh cinniúnach freisin a bhí ann nuair a d’fhan de Valera in Éirinn le linn chainteanna an Chonartha i Westminster. Luann Ó Tuathaigh go raibh aithne ag de Valera agus Lloyd George ar a chéile. Thuig Lloyd George an náisiúnachas mar go raibh sé féin ar son rialtas dúchais don Bhreatain Bheag sula ndearna sé státaire impiriúil as féin i Westminster. Maidir leis na cainteanna faoin gConradh, bhí sé i gceist go rachfaí i dteagmháil le de Valera faoi théarmaí an Chonartha sular síníodh aon cheo. Ach ní raibh dóthain cumarsáide idir na toscairí agus de Valera, agus nuair a chuireadar a n-ainm leis na téarmaí, ní raibh aon ghlacadh aige leo.
Tá Cuid a Dó den léacht [anseo].
]]>Is beag maoin a bhí acu, ach d’éirigh go maith le de Valera sa scoil agus fuair sé scoláireacht chuig Coláiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath, in 1898. Fuair sé an-chúnamh ó na sagairt ansin, agus chomhairligh siad dó céim a bhaint amach. Is san ollscoil a chur sé spéis i scríbhneoireacht Airt Uí Ghríofa. Chaith sé bliain ag múineadh i gCarn Tobair, Co. Thiobraid Árann, sular fhill sé arís ar Bhaile Átha Cliath, agus is ó 1905 ar aghaidh a thosaigh sé ag gníomhú sa pholaitíocht. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, agus is ann a chuir sé aithne ar Phádraig Mac Piarais agus ar Thomás Mac Donnchadha. Is i gConradh na Gaeilge freisin, fad a bhí sé ag freastal ar Choláiste Laighean (a bhí ann le hoiliúint sa Ghaeilge a chur ar mhúinteoirí) a chur sé aithne ar Shinéad Ní Fhlannagáin, an bhean a phós sé i 1910.
Chláraigh sé leis na hÓglaigh i 1913, agus go gairid ina dhiaidh sin tugadh cuireadh dó isteach san IRB. Léirigh sé a chumas míleata san Éirí Amach i 1916. Throid sé de réir rialacha an chogaidh, agus bhí meas ag a chuid saighdiúirí air. Is mar phríosúnach i Sasana a chuaigh sé go mór i bhfeidhm orthu siúd a bhí le bheith ag troid i gCogadh na Saoirse ina dhiaidh sin. Thug sé misneach dá chomrádaithe. Dar le Ó Tuathaigh, bhí de Valera muiníneach ina chuid tuairimí, bhí cur chuige teoiriciúil aige, agus ní minic a chuireadh daoine ina choinne.
Léirigh a stíl óráidíochta poiblí le feiceáil i bhfothoghchán an Chláir i 1917. Bhíodh sé de nós aige tosú i nGaeilge mar, dar leis, nach raibh sé ceart óráid stairiúil a thabhairt i “dteanga na namhad”. Leanadh sé ar aghaidh i mBéarla tar éis cúpla abairt Ghaeilge. Léirigh sé a chumhacht agus a ghradam nuair a chuir sí ina luí ar an Eaglais i Maigh Nuad gan glacadh le coinscríobh i 1918. Dúirt easpag amháin ina dhiaidh, agus é ag trácht ar chuairt de Valera orthu, go raibh sé ar nós gur tháinig an Spiorad Naomh anuas ina measc.
Chuaigh sé go Meiriceá tar éis dó éalú as príosún Lincoln, agus luann Ó Tuathaigh go raibh sé as baile le linn tréimhse an-chinniúnach – Cogadh na Saoirse – nuair a bhí ceannairí míleata ar nós Mhíchíl Uí Choileáin freagrach as gluaiseacht na poblachta. Luaitear an teannas a bhí ann idir Ó Coileáin agus de Valera nuair a d’fhill sé ar Éirinn arís. Faoin am sin bhí Cogadh na Saoirse ag dul in olcas. Maíonn Ó Tuathaigh go raibh an Coileánach níos eolaí ná aon duine eile sa tír ar neart míleata na nÓglach nuair a thug sé a bhreithiúnas gur cheart sos cogaidh a thapú. Ba chinneadh cinniúnach freisin a bhí ann nuair a d’fhan de Valera in Éirinn le linn chainteanna an Chonartha i Westminster. Luann Ó Tuathaigh go raibh aithne ag de Valera agus Lloyd George ar a chéile. Thuig Lloyd George an náisiúnachas mar go raibh sé féin ar son rialtas dúchais don Bhreatain Bheag sula ndearna sé státaire impiriúil as féin i Westminster. Maidir leis na cainteanna faoin gConradh, bhí sé i gceist go rachfaí i dteagmháil le de Valera faoi théarmaí an Chonartha sular síníodh aon cheo. Ach ní raibh dóthain cumarsáide idir na toscairí agus de Valera, agus nuair a chuireadar a n-ainm leis na téarmaí, ní raibh aon ghlacadh aige leo.
Tá Cuid a Dó den léacht [anseo].
Blianta ina dhiaidh sin bhí deartháir céile le máthair Neans in ospidéal Chathair Saidhbhín. Nuair a thug sí cuairt air, bhreathnaigh sí ar an bhfear sa leaba in aice leis, agus d’aithin sí gur duine de na fir a mharaigh a fear céile a bhí ann. Bhí ionadh ar na daoine sa seomra nuair a labhair sí leis. Bhí aithne ag a máthair orthu siúd a mharaigh a fear céile, agus bhí Neans í féin mór le clann na bhfear sin. Dar léi, ní ar ghasúir na bhfear a bhí milleán. Ach dúirt sí lena clann féin gan aon bhaint a bheith acu leis an bpolaitíocht.
]]>Bhí a hathair, Pádraig Ó Loinsigh, sna hÓglaigh, agus chuaigh sé le taobh de Valera nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha. Bhí saighdiúirí an tSaorstáit sa tóir air, agus cé gur éalaigh sé uathu uair amháin nuair a tháinig siad chuig an teach i Maoroisc, níor éirigh leis éalú uathu an dara huair. Scaoil siad leis sa teach an oíche sin agus maraíodh é. D’iarr máthair Neans ar na saighdiúirí fios a chur ar an sagart. Thosaíodar go léir ag magadh fúithi – ‘A priest for a dead man?’ a dúradar – seachas saighdiúir amháin, a thosaigh ag caoineadh. Tá cuntas faoin eachtra sa leabhar Tragedies of Kerry a scríobh Dorothy Macardle. Déantar trácht sa leabhar ar Neans, a bhí bliain d’aois, ag iarraidh a hathair a dhúiseacht, agus a chuid fola ag sileadh ar an urlár.
Blianta ina dhiaidh sin bhí deartháir céile le máthair Neans in ospidéal Chathair Saidhbhín. Nuair a thug sí cuairt air, bhreathnaigh sí ar an bhfear sa leaba in aice leis, agus d’aithin sí gur duine de na fir a mharaigh a fear céile a bhí ann. Bhí ionadh ar na daoine sa seomra nuair a labhair sí leis. Bhí aithne ag a máthair orthu siúd a mharaigh a fear céile, agus bhí Neans í féin mór le clann na bhfear sin. Dar léi, ní ar ghasúir na bhfear a bhí milleán. Ach dúirt sí lena clann féin gan aon bhaint a bheith acu leis an bpolaitíocht.
Tá cur síos freisin sa mhír fuaime [15:00] ar an tsiúlóid mhór i 1916, nuair a mháirseáil Óglaigh Pharóiste an Fheirtéaraigh isteach go Trá Lí le bualadh leis an Aud, a bhí ag tabhairt gunnaí i dtír. Labhraíonn ceathrar a ghlac páirt sa tsiúlóid sin faoin eachtra - Séamus Ó Dúbháin ón bhFearann, Séamas Máirtín agus Mícheál Ó Bric as na Gorta Dubha, agus Pádraig Ó Flaithearta as an gClochar.
Le críoch a chur leis an bpíosa fuaime tá píosa cainte faoi Thomás Ághas [22:17]. Déanann Caoimhín Ó Cinnéide, as Baile an Mhúraigh, cur síos ar an réabhlóidí úd. Insíonn sé go raibh ócáid chuimhneacháin ann d’Ághas i 1967 i bPáirc an Ághasaigh sa Daingean. D’fhreastail an tUachtarán de Valera agus Risteard Ó Maolchatha – a bhí i gCath Chill Dhéagláin in éineacht le Tomás Ághas i 1916 – ar an ócáid agus ba rud suntasach agus stairiúil a bhí ann nuair a chroitheadar lámh lena chéile. Casann an Cinnéideach amhrán a chum sé féin faoi Thomás Ághas ag deireadh an chláir.
]]>I measc na scéalta eile atá aige, déanann an t-agallaí cur síos ar an lá ar thugadar suas na gunnaí – ar fhógra ó Eoin Mac Néill chuig Seán a’ Chóta. Choinnigh an t-agallaí na piléir i bhfolach sa teach. Níos déanaí d’iarr sé ar an bhfear a tháinig in áit Sheán a’ Chóta (Cinnéideach a bhí ann) iad a thógáil uaidh mar gur fhág sé féin na hÓglaigh nuair a phós sé. Níor tógadh in am iad, agus is beag nár aimsigh na Dúchrónaigh na hurchair nuair a rinneadar ruathar ar an teach níos déanaí. Bheadh an t-agallaí gafa acu dá bhfeicfidís an púdar.