![29626149953_8631bed73a_b.jpg](https://farm6.staticflickr.com/5776/29626149953_8631bed73a_b.jpg)
Tá saibhreas staire, sóisialta agus cultúir cruinnithe i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Mar chuid de chlár comórtha Éirí Amach 1916, rinneadh scagadh ar mhíreanna fuaime ón gcartlann ina bpléitear eachtraí móra na tréimhse 1913-1923 agus cuireadh i láthair phobal na Gaeilge arís iad. Tá cláir faisnéise, agallaimh agus léachtaí sna míreanna seo. Chun cabhrú leat dul i ngleic le hábhar an tsuímh, tá na roghanna seo ar fáil duit:
- Is féidir cuardach a dhéanamh sa bhosca cuardaigh thuas.
- Tá taispeántais choimeádaithe ar fáil.
- Tá na cuimhní cinn, na heachtraí agus na hócáidí éagsúla a luaitear sna míreanna anótáilte ar mhapaí.
- Tá amlínte thuas, san ord ar tharla na heachtraí stairiúla, agus san ord ar craoladh na míreanna.
Mír Faoi Thrácht
Taispeántas Faoi Thrácht
Staraithe sa Chartlann
![http://www.reabhloid.ie/files/original/5c144da89317ce6b53d1f6ee7edd4cd1.JPG http://www.reabhloid.ie/files/original/5c144da89317ce6b53d1f6ee7edd4cd1.JPG](http://reabhloid.ie/files/square_thumbnails/5209e9e91267f2b7d09e2bc6a22ddea9.jpg)
Chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta go leor clár inar déanadh iarracht comhthéacs grinn faoin tréimhse 1913-1923 i stair na hÉireann...