Home > Faoin Tionscadal

Faoin Tionscadal

Is iomaí dearcadh agus tuairim atá ann faoi na himeachtaí stairiúla a tharla in Éirinn sna blianta 1913-1923. Sa tionscadal seo, breathnaíonn muid ar shainléargas RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an am corraitheach seo, agus ar oidhreacht na tréimhse úd. Tá ábhar á chur le cartlann an Raidió ó 1972 agus is bailiúchán é a bhfuil stór luachmhar eolais inti ar chultúr agus ar shochaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Rinneadh an chartlann a chíoradh chun na míreanna fuaime is feiliúnaí don ábhar faoi chaibidil a aithint. Rinneadh rangú agus comhthéacsú orthu, agus tá siad curtha i láthair an phobail arís ar an suíomh seo.

Tá idir léachtaí, agallaimh agus chláir faisnéise sa bhailiúchán seo. Tugann na míreanna fuaime seo léargas ar chomhthéacs stairiúil, cultúrtha agus sóisialta an ama. Léiríonn siad freisin an tionchar a bhí ag eachtraí corraitheacha, cosúil leis an gCogadh Mór, an tÉirí Amach, Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha, ar phobal na hÉireann. Tugann na míreanna léargas dúinn ar a ndearcadh siúd a chonaic, a ghlac páirt, a chuala faoi, agus a rinne staidéar ar na heachtraí stairiúla sin a tharla sa tréimhse chinniúnach díreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit.

Tá trácht déanta iontu ar ócáidí cinniúnacha agus ar theagmhais imeallacha, ar imeachtaí móra agus ar mhioneachtraí, go minic san aon mhír amháin. Luaitear laochra agus coirpigh, agus scaití is laoch atá sa choirpeach i mír amháin ach is coirpeach é an laoch i mír eile. Tá fíricí agus faisnéis, tuairimí agus smaointe, le cloisteáil iontu, agus is minic mothúcháin láidre fite fuaite tríothu.

Rinne muid iarracht, sna taispeántais, sna mapaí, sna hamlínte, agus sa chur síos ar na míreanna fuaime, fanacht dílis do na glórtha seo ón gcartlann. Má fheictear go bhfuil faisnéis bhréagach nó léirmhíniú fabhtach ann, bheadh muid buíoch díot ach muid a chur ar an eolas faoi.