Home > Fúinn

Fúinn

Faoin Raidió

26030081013_c0d13e1333_h.jpg Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta le seirbhís iomlán raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre. Tháinig an stáisiún ar an aer den chéad uair ag 3pm, Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972. Craolann an tseirbhís rogha leathan de chláracha nuachta agus cúrsaí reatha, irischláracha, cláracha ceoil de gach cineál, spórt agus siamsaíocht.

Sna blianta tosaigh ní chraoltaí ach cúpla uair an chloig gach tráthnóna agus é sin féin sna ceantair Ghaeltachta amháin. Tosaíodh ag craoladh ar an ardmhinicíocht i 1973. Cuireadh leis an gcraoladh diaidh ar ndiaidh, agus i 1986 cuireadh tús le craoladh moch maidine ó Luan go hAoine leis an gclár Adhmhaidin. Ón 1 Deireadh Fómhair 2001, tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh 24 uair an chloig in aghaidh an lae. Ba sa bhliain 2005 a ceadaíodh liricí Béarla ar an stáisiún den chéad uair le ANOCHT fm a tháinig ar an aer ar 2 Bealtaine. Anois, bíonn Raidió na Gaeltachta ag craoladh 7 lá na seachtaine, 24 uair an chloig sa lá, agus é le cloisteáil ar fud ar domhain ar chóras satailíte agus beo ar an idirlíon.

Sna mórcheantair Ghaeltachta atá príomhstiúideonna na seirbhíse lonnaithe - i gCasla i gConamara, i nDoirí Beaga i dTír Chonaill agus i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne. Tá stiúideo agus foireann ag an tseirbhís i mBaile Átha Cliath (RTÉ) agus baintear úsáid freisin as gréasán náisiúnta stiúideonna RTÉ. Cuid de sheirbhís chraolta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge teanga oibre agus teanga chraoltóireachta na seirbhíse. Tá níos mó eolais faoin Raidió le fáil anseo.

Faoin Acadamh

25954922843_f061dc889c_h.jpg

Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2004, chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe cúrsaí trí Ghaeilge, do ghníomhaíocht taighde agus do sheirbhísí eile. Tá sé mar aidhm ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge timpeallacht bhisiúil ardléinn a chruthú, atá fréamhaithe sa teanga agus sa dúchas, chun ollscolaíocht Ghaeilge a fhorbairt a chuireann pobal teanga agus léinn chun cinn.

Tá réimse na ndaonnachtaí digiteacha, is é sin teacht le chéile réimsí traidisiúnta léinn agus na meáin nua dhigiteacha, á shaothrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar mhaithe le cur le héagsúlacht agus le sainiúlacht an taighde a dhéantar trí Ghaeilge. Mar chuid den obair seo tá muid ag saothrú dhisciplín na cartlannaíochta. Tá poitéinseal san obair seo cabhrú le cuspóirí teagaisc agus taighde na hOllscoile – go háirithe mar a bhaineann siad leis an nGaeilge agus le hobair ollscolaíochta trí Ghaeilge - a bhaint amach. Is sa chomhthéacs seo a thug muid faoin tionscadal taighde seo.

Tá níos mó eolais faoin Acadamh le fáil anseo.

Is staraí, taighdeoir agus múinteoir é Cormac Ó Comhraí. Tá Sa Bhearna Bhaoil (Cló Iar-Chonnacht) agus Revolution in Connacht: A Photographic History 1913-1923 (Mercier Press) i measc na leabhar atá scríofa aige. Múineann sé Gaeilge agus Stair i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.