Comhad

Agallamh le Neans Uí Shuibhne (22/01/1996)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Neans Uí Shuibhne (22/01/1996)

Cur Síos

Sa chlár seo, labhraíonn Neans Uí Shuibhne (Ní Shúilleabháin) le Diarmaid Ó Súilleabháin. Rugadh í i gCill na Martra, Múscraí, Co. Chorcaí in 1898. Ghlac beirt dá cuid deartháireacha, Mick agus Paddy, páirt i gCogadh na Saoirse. Chuaigh sí ar mheánscoil i Scoil na Mná Rialta Doiminiceach, ar Shráid Eccles i mBaile Átha Cliath.

Chonaic Uí Shuibhne go leor de na heachtraí móra stairiúla a tharla i mBaile Átha Cliath sna blianta 1913-1923. Déanann sí cur síos ar an Frithdhúnadh Mór i 1913, agus ar na sluaite móra d'fhir oibre a chruinnigh ar shráideanna na cathrach. Chonaic sí Jim Larkin ag labhairt le slua mór acu ar Shráid Uí Chonaill. Chonaic sí freisin an slua mór a bhí ag dul chuig sochraid Uí Dhonnabháin Rossa, agus déanann sí cur síos ar na hÓglaigh, lena gcuid gunnaí, a ghlac páirt sa mhórshiúl. Luann sí gur aithin sí fear amháin as Corcaigh a bhí sa mhórshiúil. D'fhág an fear céanna Corcaigh ar a rothar, ar a bhealach go Baile Átha Cliath, nuair a chuala sé faoin Éirí Amach i 1916. Chuaigh sé chomh fada le Cill Dara sular ghabh na póilíní é. Bhí Uí Shuibhne féin ar saoire i gCorcaigh le linn an Éirí Amach, ach bhí aithne aici ar go leor daoine a bhí páirteach ann. I measc na ndaoine a raibh aithne aici orthu bhí Dónal Ó Ceallacháin (Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1920-1923), Dónal Ó Corcoráin (as Maigh Cromtha agus a bhí sa Chéad Dáil), Risteard Ó Maolchatha, Tomás Mac Curtáin (Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1920) agus Traolach Mac Suibhne (Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1920).

Bhí cead isteach aici sa Chéad Dáil i 1919 mar go raibh aithne aice ar an oiread sin de na polaiteoirí. D'éist sí le himeachtaí na Dála, agus leis na polaiteoirí ag tógáil an mhionna poblachtaigh. Leanadh sí na feisirí chuig cistin (The Sod of Turf) ar Shráid Grafton. Is cuimhin léi na daoine éagsúla a bhíodh i láthair, ina measc athair agus máthair Garrett Mhic Gearailt ag suí sa chúinne in éineacht leis an gCuntaois Markievicz, lena crios agus a gunna. Bhídís mór le chéile mar go raibh siad le chéile in Ard-Oifig an Phoist san Éirí Amach. Bhíodh Maud Gonne MacBride, baintreach Sheáin Mhic Giolla Bhríde, i láthair. Bhí Dora Ffrench ann, a d'aimseodh i gcónaí duine éigin le Gaeilge chun labhairt leo.

Bhí sí cáilithe mar mhúinteoir, agus ag múineadh i mBaile Chaisleáin an Róistigh faoin am a thosaigh Cogadh na Saoirse. Thagadh saighdiúirí chuig an teach go minic. Is cuimhin léi uair amháin nuair a tháinig saighdiúirí go moch ar maidin. Chuardaigh siad an teach, agus léigh siad gach litir a bhí ann. Ina measc bhí torthaí scrúdaithe ón scoil, agus thréaslaigh an saighdiúir a bhí i gceannas leo mar gheall ar na torthaí maithe a bhí acu.

Is ag iarraidh deartháireacha Uí Shuibhne a ghabháil a bhí na saighdiúirí, agus is beag nár rugadh orthu cúpla uair. Thagadh Crossley Tenders na gCúntóirí agus na nDúchrónach aníos chuig bóthar an tí, ach stopadh siad na hinnill sula sroicheadh siad an teach. Dhéanadh siad iarracht teacht ar an teach go ciúin. Luann Uí Shuibhne nach raibh ag a cuid deartháireacha ach cúpla nóiméad chun éalú oíche amháin.

Luann sí go raibh aithne aici ar Thraolach Mac Suibhne, agus go bhfanfadh sé uaireanta i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Labhraíonn sí freisin faoi Thomás Mac Curtáin. Bhí sí i gCorcaigh nuair a dhóigh fórsaí na Corónach an chathair. Labhraíonn sí faoin uair a tháinig na Dúchrónaigh chuig an scoil ina raibh sí ag múineadh. Bhí siad ar meisce, agus nuair a thosaigh siad ag caitheamh urchair ar an mbóthar chaith Uí Shuibhne agus na gasúir iad féin síos ar urlár an tseomra ranga. Chiceáil siad isteach doras na scoile, agus níor scaoil Uí Shuibhne isteach iad. Níor chuir eachtraí mar seo faitíos uirthi, a deir sí.

Dar léi, ní raibh Oireachtas na Gaeilge riamh chomh maith leis an gceann a bhí i mBaile Átha Cliath i 1921, nuair a bhí an sos cogaidh ar bun, agus sular tháinig an scoilt. Bhí céilí i gCearnóg Parnell, agus tháinig daoine as Meiriceá agus an Astráil chun ceiliúradh a dhéanamh. Cuimhníonn sí go raibh sí ag damhsa le Mícheál Ó Coileáin lena taobh agus Éamon de Valera os a comhair.

Dáta

22/01/1996

Ábhar

An Frithdhúnadh Mór
Sochraid Uí Dhonnabháin Rosa
Éirí Amach na Cásca
Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
An Cogadh Cathartha
An Chéad Dáil

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Súilleabháin, Diarmuid

Láithreoir

Ó Súilleabháin, Diarmuid

Cuiditheoir

Uí Shuibhne, Neans

Clúdach Ama

1913: An Frithdhúnadh Mór
1/08/1915 : Sochraid Uí Dhonnabháin Rosa
1916: Éirí Amach na Cásca
1919-1921 : Cogadh na Saoirse
1921 : An Sos Cogadh
1921: Oireachtas na Gaeilge
1922-1923: An Cogadh Cathartha

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Aitheantóir

43721

Cineál

Fuaim

Fad

00:30

Tagairt

Ó Súilleabháin, Diarmuid, Agallamh le Neans Uí Shuibhne (22/01/1996), 22/01/1996

Luaigh Mar

Ó Súilleabháin, Diarmuid, “Agallamh le Neans Uí Shuibhne (22/01/1996),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 18 Samhain 2017, http://reabhloid.ie/items/show/101.