Comhad
Agallamh le Tomás Ó Máille (21/03/1981)
Dublin Core
Teideal
Agallamh le Tomás Ó Máille (21/03/1981)
Ábhar
Na hÓglaigh
Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
An Cogadh Cathartha
Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
An Cogadh Cathartha
Cur Síos
San eagrán seo den tsraith chlár Blianta Faoi Bhláth cuireann Seán Ó Conghaile agallamh ar Thomás Ó Máille as Co. na Gaillimhe. Bhí sé sna hÓglaigh le linn aimsir na Trioblóide (ní raibh meas ag aon duine ort, agus ní labhróidís leat, mura raibh tú le Sinn Féin, dar leis). Mar óglach, bhíodh sé ag máirseáil le gunna maide sna garrantaí i ngan fhios do na Dúchrónaigh. Faoin am ar liostáil sé san Arm (07 Bealtaine, 1922), bhí cleachtadh maith aige ar a bheith ag druileáil. Nuair a tháinig an scoilt chuaigh sé leis an gCoileánach. Luaigh sé go raibh deartháir aige féin, agus nach labhraídís lena chéile sa leaba mar go raibh duine amháin le de Valera agus an duine eile le Mícheál Ó Coileáin. Déanann sé cur síos ar an am a chaith sé in Arm an tSaorstáit, nó gur fhág sé i 1924. I measc na gceannairí a bhí aige sna hÓglaigh, bhí Mícheál Ó Droighneáin, Éamonn Breathnach agus Beairtle Dillon. Ba é Pádraig Bhaba Bhán (Folan) as Bothúna a bhí mar chaptaen aige nuair a liostáil sé i 1922.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Ó Conaola, Maidhc P.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Dáta
21-03-1981
Cuiditheoir
Ó Máille, Tomás
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Teanga
ga
Cineál
Fuaim
Aitheantóir
24087
Naisc Ábhartha
Fad
00:29
Clúdach Tíreolaíoch
Clúdach Ama
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha
Láithreoir
Ó Gaora, Piaras
Tagairt
Ó Conaola, Maidhc P., Agallamh le Tomás Ó Máille (21/03/1981), 21-03-1981
Luaigh Mar
Ó Conaola, Maidhc P., “Agallamh le Tomás Ó Máille (21/03/1981),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 22 Nollaig 2024, http://reabhloid.ie/items/show/26.