Comhad

An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (24/03/1978)

Dublin Core

Teideal

An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (24/03/1978)

Ábhar

Pádraig Mac Piarais
Conradh na Gaeilge
Tomás Ó Flannghaile
An Bráthair Maunsell
An Ghaeltacht
Colm Ó Gaora
For The Tongue of the Gael

Cur Síos

Sa chlár Linn Féin É Seo – a craoladh mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca i 1978 - tugann Séamus Ó Buachalla, léachtóir oideachais i gColáiste na Tríonóide, léacht dar teideal An Piarsach agus Conradh na Gaeilge. Pléitear an caidreamh a bhí ag an bPiarsach leis an nGaeltacht. Cé gur mó taithí a bhí aige ar Ros Muc, chuir sé spéis freisin i gceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre, agus bhí suim ar leith aige i bhforbairt eacnamaíoch na gceantar sin. Bhí dlúthbhaint aige leis na ceantair seo trí na Coláistí Gaeilge. Tugtar le fios go raibh tionchar mór ag beirt mhúinteoirí Gaeilge air sular leag sé cos sa Ghaeltacht riamh – an Bráthair Maunsell, as tuaisceart Chiarraí a bhí ina mhúinteoir ag Seán T. Ó Ceallaigh freisin, agus Tomás Ó Flannghaile, as Maigh Eo, a scríobh For the Tongue of the Gael, cnuasach aistí agus léachtaí ar stair agus litríocht na Gaeilge.

Sa léacht seo déantar cur síos freisin ar chuairteanna an Phiarsaigh ar chathair na Gaillimhe agus níos faide siar go Ghaeltacht Chonamara. Thug an Piarsach cuairt ar Ros Muc den chéad uair in Aibreán na bliana 1903, le scrúdú a chur ar dhaltaí de chuid an cheantair a bhí ag iarraidh a bheith ina múinteoirí ag Conradh na Gaeilge. Ina measc siúd a ndearnadh scrúdú orthu bhí Pádraig Ó Nia, Colm Ó Conghaile, Proinsias de Búrca, Seán agus Mícheál Ó Máille. Orthu siúd a cuireadh faoi scrúdú, freisin, bhí an tÓglach agus scríbhneoir, Colm Ó Gaora.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ní Conchubhair, Aingeal

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

24-03-1978

Cuiditheoir

Ó Buachalla, Séamus

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

24688

Fad

00:29

Clúdach Tíreolaíoch

Clúdach Ama

1879-1916: Pádraig Mac Piarais
04/1903: Céad chuairt don Phiarsach ar Ros Muc

Láithreoir

Ní Chonchubhair, Aingeal

Tagairt

Ní Conchubhair, Aingeal, An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (24/03/1978), 24-03-1978

Luaigh Mar

Ní Conchubhair, Aingeal, “An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (24/03/1978),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 20 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/28.