Comhad

An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987)

Dublin Core

Teideal

An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987)

Ábhar

An Cogadh Cathartha
Polasaí Díoltais an tSaorstáit
Bás an Choileánaigh
Stephen Fuller
An Saorstát
An tOileánach
Tomás Ó Criomhthain

Cur Síos

San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo, déanann Nollaig Ó Gadhra cur síos ar an gCogadh Cathartha i gCiarraí agus i gCúige Mumhan. Ceapann sé nach rachadh an cogadh chun donais murach bás an Choileánaigh i Lúnasa 1922. Ach ní mar sin a tharla, agus tugann sé le fios gur cuireadh 77 duine chun báis idir mí na Samhna 1922 agus mí na Bealtaine 1923. Labhraíonn sé ar eachtraí díoltais le linn an chogaidh, pléitear an díoltas mar pholasaí chun deireadh a chur leis an gcogadh, agus meáitear éifeacht an pholasaí seo. Díríonn sé ar eachtraí díoltais ar leith a tharla tar éis eachtra inar maraíodh oifigeach in Arm an tSaorstáit, beirt shaighdiúirí agus beirt eile in aice le Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí. Is i mBaile Ó Síoda, Trá Lí, i nDroichead na Cuntaoise, Cill Áirne agus sna Beathacha, Cathair Saidhbhín a pléascadh príosúnaigh agus iad ceangailte de mhianaigh. Tháinig Stephen Fuller, a bhí ina Theachta Dála do Chiarraí ina dhiaidh sin, slán as an ainghníomh i dTrá Lí, cé gur séideadh a chuid comrádaithe san aer. Luann an láithreoir, cé gur léir nár aontaigh na húdaráis i mBaile Átha Cliath leis seo, gur léir go raibh cead a gcinn ag oifigigh an tSaorstáit i dTrá Lí. Críochnaíonn an láithreoir le comparáid idir na heachtraí seo agus tuairisc scríofa eile ón gceantar céanna. Ag tús na bliana sin, bhí Tomás Ó Criomhthain, an tOileánach Ciarraíoch ar an mBlascaod Mór, ag cur síos ar shaol eile ar fad, a bhí slán ar uafás an Chogaidh Chathartha a bhí ag réabadh an cheantair 50 míle soir uaidh ar an mórthír.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Ceallaigh, Tomás

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

10-03-1987

Cuiditheoir

Ó Gadhra, Nollaig

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

29901

Fad

00:13

Clúdach Ama

Márta, 1923: Eachtraí Díoltais sa Chogadh Cathartha

Láithreoir

Ó Gadhra, Nollaig

Tagairt

Ó Ceallaigh, Tomás, An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987), 10-03-1987

Luaigh Mar

Ó Ceallaigh, Tomás, “An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 25 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/30.