Comhad

Liam Ó Loinsigh (02/04/1972)

Dublin Core

Teideal

Liam Ó Loinsigh (02/04/1972)

Ábhar

Liam Ó Loinsigh
Cogadh na Saoirse
An Cogadh Cathartha
Mícheál Ó Coileán

Cur Síos

Labhraíonn an Seanadóir Mícheál Cranitch faoi Liam Ó Loinsigh. Bhí comóradh bliantúil an Loinsigh ar bun le gairid i reilig Cill Chruimthir in aice le Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí. Rugadh Ó Loinsigh i mBarr na gCurraithe, Co. Luimnigh in 1893. Bhí sé páirteach i gConradh na Gaeilge agus in Ord Ársa na nIbeirneach. Chuaigh sé leis na hÓglaigh tar éis an Éirí Amach agus bhí sé gníomhach i gCorcaigh le linn Chogadh na Saoirse. Níor ghlac sé leis an gConradh, agus ceapadh é mar Cheann Foirne (Chief of Staff) an IRA i 1922. Ghlac sé páirt sa Chogadh Cathartha agus caitheadh é ar Chnoc Mhaoldomhnaigh, Co. Thiobraid Árann, ar an 10 Aibreán 1923. Fuair sé bás i gCluain Meala go gairid ina dhiaidh sin. Labhraíonn Cranitch faoin gcineál duine a bhí ann, na nithe a raibh suim aige iontu, agus na rudaí a spreag é. Dúradh gur fear cineálta, tuisceanach a bhí ann. Rinneadh comparáid agus codarsnacht idir é agus Mícheál Ó Coileáin. An difríocht ba mhó a bhí eatarthu ná gur beag suim a bhí ag Ó Loinsigh sa pholaitíocht mar ghairm, dar le Cranitch.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ní Conchubhair, Aingeal

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

02-04-1972

Cuiditheoir

Cranitch, Mícheál

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

48217

Fad

00:30

Clúdach Ama

09/11/1893: Rugadh Liam Ó Loinsigh
10/04/1923: Bás Uí Loinsigh

Láithreoir

Ó Tuathaigh, Gearóid

Tagairt

Ní Conchubhair, Aingeal, Liam Ó Loinsigh (02/04/1972), 02-04-1972

Luaigh Mar

Ní Conchubhair, Aingeal, “Liam Ó Loinsigh (02/04/1972),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 24 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/49.