Comhad

Agallamh le Seán Dillon (11/11/1998)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Seán Dillon (11/11/1998)

Ábhar

Na Dúchrónaigh
Na hÓglaigh
Cogadh na Saoirse

Cur Síos

Cuireann Helen Ní Shé agallamh ar Sheán Dillon, atá ag ceiliúradh a lá breithe ar lá an chraolta – tá sé 100 bliain d’aois. Déantar cur síos ar a shaol, ar an scoil i nDún Géagáin, ar a chuid oibre, agus ar an saol fadó. Luaitear Cogadh na Saoirse agus an pháirt a ghlac sé ann. Bhí Seán sna hÓglaigh i gCiarraí, agus labhraíonn sé faoi na Dúchrónaigh sa cheantar. Bhí go leor de mhuintir na háite sna hÓglaigh agus is beag a chuir na Dúchrónaigh as do mhuintir na háite, dar leis. Déanann sé cur síos ar a bheith ag druileáil le gunnaí adhmaid de bhrí nach raibh gunnaí cearta acu freisin. Bhíodh na hÓglaigh ag déanamh rudaí éagsúla le cur as d’fhórsaí na Breataine. Ceann de na rudaí a raibh baint ag Dillon leo ná bóithre an cheantair a réabadh ionas nach mbeadh na Dúchrónaigh in ann a gcuid leoraithe a úsáid.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ní Shé, Helen

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

11-11-1998

Cuiditheoir

Dillon, Seán

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

55158

Fad

00:26

Clúdach Tíreolaíoch

Clúdach Ama

1898: Rugadh Seán Dillon
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse

Láithreoir

Ní Shé, Helen

Tagairt

Ní Shé, Helen, Agallamh le Seán Dillon (11/11/1998), 11-11-1998

Luaigh Mar

Ní Shé, Helen, “Agallamh le Seán Dillon (11/11/1998),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 20 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/53.