Comhad
Aithreacha sa Chogadh Mór (12/11/1993)
Dublin Core
Teideal
Aithreacha sa Chogadh Mór (12/11/1993)
Ábhar
An Cogadh Mór
Gaoth Dobhair
An Tionchar Áitiúil
Gaoth Dobhair
An Tionchar Áitiúil
Cur Síos
Sa gclár seo, a craoladh ar an 12 Samhain 1993, cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar bheirt as Tír Chonaill. Throid a gcuid aithreacha in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Labhraíonn Pádraig Mac Ruaidhrí as Leitir Catha, in aice le Loch an Iúir, ar dtús. Tháinig a athair slán as an gCogadh Mór. Throid sé sa chogadh ó 1914 go 1919. Throid sé sna Dardanelles, sa Ghréig agus sa Phalaistín. Is beag a bhí le rá ag a athair faoina thréimhse sa chogadh. Ba léir gur ghoill sé go mór air. Labhraíonn Pádraig faoi na deacrachtaí a bhí aige eolas a fháil ó údaráis Shasana faoin tréimhse a chaith a athair san arm.
Labhraíonn Tomás Ó Maoilchiaráin as Cloich Cheann Fhaola faoina athair féin. Bhí sé 18 mbliana d’aois agus bhí cónaí air in Albain nuair a chuaigh sé isteach sna Royal Innioskilling Fusiliers. Gortaíodh sa Chogadh é (chaill sé leathlámh) agus ceapann Tomás gur i gCath an Somme a tharla sé, cé nach bhfuil sé cinnte faoi sin. Chuir an cogadh isteach ar a athair agus ní raibh fonn cainte air faoi ina dhiaidh. Deir Tomás go mbíodh oifigigh ó Arm Shasana sa chontae agus go dtugaidís cuairt air. Bhreathnaigh siad i ndiaidh a chéile. Léirigh sé seo go raibh comrádaíocht láidir a eatarthu tar éis an chogaidh. Cailleadh i 1978 é.
Tá mír fuaime eile sa bhailiúchán ag tógáil ar an gceann seo (Uimh 56099).
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Ó Cearnaigh, Timlín
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Dáta
12-11-1993
Cuiditheoir
Mac Ruaidhrí, Pádraig
Ó Maoilchiaráin, Tomás
Ó Maoilchiaráin, Tomás
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Teanga
ga
Cineál
Fuaim
Aitheantóir
56100
Naisc Ábhartha
Fad
00:12
Clúdach Tíreolaíoch
Clúdach Ama
28/07/1914-11/11/1918: An Cogadh Mór
Láithreoir
Ó Cearnaigh, Timlín
Tagairt
Ó Cearnaigh, Timlín, Aithreacha sa Chogadh Mór (12/11/1993), 12-11-1993
Luaigh Mar
Ó Cearnaigh, Timlín, “Aithreacha sa Chogadh Mór (12/11/1993),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 22 Nollaig 2024, http://reabhloid.ie/items/show/55.