Comhad

Niall Pluincéad Ó Baoighill #1 (09/12/1994)

Dublin Core

Teideal

Niall Pluincéad Ó Baoighill #1 (09/12/1994)

Ábhar

Éirí Amach 1916
Niall Pluincéad Ó Baoighill
Cogadh na Saoirse
An Cogadh Cathartha

Cur Síos

Déanann Pádraig Ó Baoighill as Rann na Feirste agus Co. Mhuineacháin cur síos ar a shaothar Óglach na Rosann - Niall Pluincéad Ó Baoighill atá le seoladh anocht (09/12/1994). Sa leabhar seo cuirtear síos ar Niall Pluincéad Ó Baoighill (Plunkett O’Boyle) as Leac Eidhneach in aice le hAilt an Chorráin sna Rosa, Co. Dhún na nGall. Rugadh é in 1898 agus chuaigh Éirí Amach na Cásca 1916 go mór i bhfeidhm air. Bhí sé páirteach i Sinn Féin agus sna hÓglaigh. Bhí sé ag tabhairt arm as Albain i gCogadh na Saoirse nuair a rugadh air agus cuireadh i bpríosún (Peterhead Prison, Glaschú) é ar feadh trí bliana. Scaoileadh saor é mar chuid de phardún an Chonartha, agus d’fhill sé ar Dhún na nGall. Bhí sé in aghaidh an Chonartha. Gabhadh é, cuireadh ar an long Lady Wicklow go Baile Átha Cliath é agus ansin chuig príosún sa Droichead Nua, Cill Dara. Tar éis dó éalú ó na húdaráis ansin, chaith sé an chuid eile den Chogadh Cathartha i sléibhte Chill Mhantáin (timpeall ar Ghleann Molúra a bhí sé), áit a raibh sé i gceannas ar Cholún Phluincéid. Mharaigh saighdiúirí an tSaorstáit é i mí Bealtaine 1923. Bhí fear eile as Tír Chonaill in éineacht leis freisin - Dan McGee (Mac Aoidh) as Cill Ulta, an Fál Carrach.

Ta mír fuaime eile (Uimh. 57405) sa bhailiúchán faoin ábhar seo.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Cearnaigh, Timlín

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

09-12-1994

Cuiditheoir

Ó Baoighill, Pádraig

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

65940

Fad

00:19

Clúdach Ama

1898:1923: Niall Pluincéad Ó Baoighill
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha
15/05/1923: Bás Phluincéad Ó Baoighill

Láithreoir

Ó Cearnaigh, Timlín

Tagairt

Ó Cearnaigh, Timlín, Niall Pluincéad Ó Baoighill #1 (09/12/1994), 09-12-1994

Luaigh Mar

Ó Cearnaigh, Timlín, “Niall Pluincéad Ó Baoighill #1 (09/12/1994),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 20 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/62.