Comhad

Cuimhní Cásca: Agallaimh Éagsúla (03/04/1972)

Dublin Core

Teideal

Cuimhní Cásca: Agallaimh Éagsúla (03/04/1972)

Ábhar

Éirí Amach na Cásca
Pádraig Mac Piarais
Clann an Phiarsaigh
Teach an Phiarsaigh
Óglaigh na nGaeltachta
Bratach na hÉireann san Éirí Amach
Páipéir Nuachtáin na Linne
An Aud
Ruairí Mac Easmainn
Seán Mac Diarmada
Tomás Mac Donnchadha
Gearóid Ó Súilleabháin

Cur Síos

Cuireann Seán Ó Loinsigh agus Aingeal Ní Chonchubhair Cuimhní Cásca i láthair. Is clár fada é seo ina labhraítear le daoine éagsúla ó Chonamara, Gaoth Dobhair, Corca Dhuibhne agus Sciobairín, a raibh cuimhne acu ar ar thit amach le linn aimsir na dtrioblóidí.

I gConamara, labhraítear [3:10] faoi chuairt Phádraig Mhic Phiarais ar Leitir Móir. Tháinig sé trasna as Ros Muc go hEanach Mheáin le cúnamh ó fhear áitiúil, Michael Jack, a thaispeáin an bealach isteach dhó. Tar éis an Aifrinn i Leitir Móir chruinnigh na daoine ag éisteacht leis ag caint, agus thug sé cuireadh dóibh dul sna hÓglaigh. Bhí a dheartháir, Willie, in éineacht leis, agus rinne siad druileáil orthu. Labhraítear ansin faoi na druileanna a rinneadh ar an gCeathrú Rua an Domhnach dár gcionn. Labhraíonn muintir Ros Muc [7:30] faoin bPiarsach freisin. Thosaigh sé complacht de chuid na nÓglach ann, agus dúirt le muintir Ros Muc go dtiocfadh an lá a gcaithfeadh siad troid lena gcearta a bhaint amach. Tá cur síos ar an gclann ann - an mháthair, an deartháir, agus na deirfiúracha. Ag [12:15] labhraítear faoi theach an Phiarsaigh agus ar na daoine a thugadh cuairt air – na Pluincéid, John McBride, Éamon Ceannt agus Ruairí Mac Easmainn. Luaitear flaithiúlacht mhuintir Mhic Easmainn - Ruairí agus a dheartháir, Tom.

Tugann Éamonn Ó Searcaigh [19:10], as Anagaire, Tír Chonaill agus Eoin Mac Suibhne cuntas d’Fheardorcha Ó Colla ar an gcaoi ar chuala siadsan faoin Éirí Amach.

Labhraíonn Mícheál Ó Sé le [27:20] ceathrar a bhí páirteach sa tsiúlóid mhór ó Bhaile an Fheirtéaraigh go Trá Lí, chun chun bualadh leo siúd a bhí ar an Aud, an long a tháinig ón nGearmáin chun airm a thabhairt i dtír. Is iad sin Séamus Ó Dúbháin ón bhFearann, Pádraig Ó Flaithearta ón gClochar, agus Mícheál Ó Bric agus Séamus Máirtín ó na Gorta Dubha. Chuaigh siad leis na hÓglaigh idir 1913 agus 1914. Canann Caoimhín Ó Cinnéide, as Baile an Mhúraigh, amhrán a chum sé féin faoi Thomás Ághas, as Lios Póil. Spreagadh an Cinnéideach chun pinn nuair a tháinig an tUachtarán de Valera ar cuairt chuig Lios Póil ar ócáid chomórtha do Thomás Ághas. Chroith sé lámh le Risteard Ó Maolchatha, a throid le hÁghas ag Cath Chill Dhéagláin, Co. na Mí, idir 24-30 Aibreán 1916.

Ag deireadh na míre fuaime, casann Mícheál Ó Sé le Mícheál Ó Súilleabháin, as an Sciobairín. B’uncail leis Gearóid Ó Súilleabháin, a d’ardaigh bratach na hÉireann in Ardoifig an Phoist i 1916. B’as an Sciobairín, ceantar ina raibh na Fíníní láidir le fada, do Ghearóid. Bhí siopa ag Ó Donnabháin Rosa sa bhaile. Bhí Conradh na Gaeilge ag dul i neart ag an am, agus mhúscail deartháir Ghearóid (athair Mhíchíl) suim sa Ghaeilge ann. D’fhoghlaim agus mhúin Gearóid Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus bhain sé BA agus MA amach, timpeall 1912-13. Bhí sé i gCraobh an Chéitinnigh, agus is ann a d’éirigh sé mór le ceannairí an Éirí Amach – Seán Mac Diarmada agus Tomás Mac Donnchadha ina measc. Bhí sé mar Aidiúnach ag Seán Mac Diarmada. De bhrí gurbh é an t-oifigeach ab óige in Ardoifig an Phoist é, tugadh an onóir dó an bratach a ardú. Níor tharla mórán sa Sciobairín le linn an Éirí Amach, cé gur throid roinnt de mhuintir an cheantair in Ardoifig an Phoist, ina measc Mícheál Ó Coileáin, Seán Ó Muirthile, Diarmuid Ó hÉigeartaigh, agus Seán Ó hAodha.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Loingsigh, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

03-04-1972

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

68146

Fad

00:45

Clúdach Ama

1913-1914: Na hÓglaigh i gCiarraí
24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
11/04/1916: Máirseáil gTrá Lí chun bualadh leis an Aud
24/04/1916: Bratach na hÉireann crochta

Láithreoir

Ní Chonchubhair, Aingeal

Tagairt

Ó Loingsigh, Seán, Cuimhní Cásca: Agallaimh Éagsúla (03/04/1972), 03-04-1972

Luaigh Mar

Ó Loingsigh, Seán, “Cuimhní Cásca: Agallaimh Éagsúla (03/04/1972),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 20 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/64.