Comhad

Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981)

Dublin Core

Teideal

Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981)

Ábhar

Nora Connolly-O’Brien
Séamas Ó Conghaile
Éirí Amach na Cásca

Cur Síos

San eagrán seo den tsraith chlár Tráthnóna Inniu déanann an t-údar, Proinsias Mac an Bheatha, cur síos ar Nora Connolly-O’Brien, iníon le Séamas Ó Conghaile, a bhásaigh seachtain sular craoladh an mhír fuaime seo. Scríobh Mac an Bheatha Tart na Córa (1962), i measc saothar eile, faoi shaol agus faoi shaothar Shéamais Uí Chonghaile. Scríobh Nora Connolly-O’Brien an leabhar Portrait of a Rebel Father faoina hathair i 1935. Deir Mac an Bheatha go raibh ról lárnach ag a iníon i saol Uí Chonghaile, agus go raibh ról aici ag craobhscaoileadh a chuid fealsúnachta tar éis a bháis. Bhí sí mar idirghabhálaí idir an ceanncheathrú i mBaile átha Cliath agus fórsaí na poblachta i dtuaisceart na hÉireann le linn an Éirí Amach. Bhí sí san ospidéal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath lena hathair cúpla uair an chloig sular cuireadh chun báis é i bpríosún Chill Mhaighneann.

Maidir le Séamas Ó Conghaile é féin, deirtear gur beag eos atá againn faoi, agus luann Mac an Bheatha go raibh go leor cáipéisí stairiúla ag Liam Ó Briain [William X. O’Brien] a bhí mar rúnaí ar Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU), agus nár thug sé cead iad a scrúdú fad is a mhair sé. Fiafraíonn Mac an Bheatha cén meas a bheadh ag Ó Conghaile ar chúrsaí in Éirinn sa lá atá inniu ann, agus maíonn sé nach mbeadh sé sásta faoin gcríochdheighilt, ná faoi staid shóisialach na tíre.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Conghaile, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

23-06-1981

Cuiditheoir

Mac an Bheatha, Proinsias

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

27017

Clúdach Tíreolaíoch

Caisleán Áth Cliath, Baile Átha Cliath
Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath

Clúdach Ama

1916: Éirí Amach na Cásca
12/05/1916: Bás Shéamais Uí Conghaile
1935: Foilsíodh Portrait of a Rebel Father
17/06/1981: Bás Nora Connolly-O’Brien

Láithreoir

Ó Conghaile, Seán

Tagairt

Ó Conghaile, Seán, Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981), 23-06-1981

Luaigh Mar

Ó Conghaile, Seán, “Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 28 Márta 2024, http://reabhloid.ie/items/show/76.