Comhad

Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985)

Ábhar

Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
An RIC
Spiadóirí

Cur Síos

San eagrán seo den tsraith chlár Seo Mar a Bhí cuireann Seosamh Ó Cuaig agallamh ar Sheosamh Breathnach (Josie Johnny Walsh), as Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. Déanann Breathnach trácht ar an tionchar a bhí ag Cogadh na Saoirse air féin agus ar a mhuintir. Bhí sé ina ghasúr óg ag am, ach bhí deartháireacha leis sna hÓglaigh. Bhí ceann acu, Cóilín, ag seachaint na bpóilíní mar gheall ar eachtra a tharla idir é féin agus fear áitiúil a bhí in arm Shasana. Nuair a d’fhill an fear seo ar an mbaile, thosaigh sé ag ól, agus mar go raibh Cóilín sna hÓglaigh, d’ionsaigh sé oíche amháin é. Mhaígh an fear gurb é Cóilín a rinne an t-ionsaí, agus tháinig sáirsint de chuid an RIC i gCarna, darbh ainm Pryall, chuig an teach chun é a ghabháil. Níor éirigh leis agus d’éalaigh Cóilín. Deir Breathnach go mbíodh faitíos ar lucht an RIC mar go mbaintí díoltas as a gcuid ban sa bhaile dá n-ionsófaí muintir na háite. Tugann sé le fios, freisin, gur beag trócaire a bhí aige do spíodóirí.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Cuaig, Seosamh

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

13-11-1985

Cuiditheoir

Breathnach, Seosamh

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

33168

Clúdach Ama

1919-1921: Cogadh na Saoirse

Láithreoir

Ó Cuaig, Seosamh

Tagairt

Ó Cuaig, Seosamh, Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985), 13-11-1985

Luaigh Mar

Ó Cuaig, Seosamh, “Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 20 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/79.