Comhad

Luíochán Thuar Mhic Éadaigh (03/03/2005)

Dublin Core

Teideal

Luíochán Thuar Mhic Éadaigh (03/03/2005)

Ábhar

Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
Geoffrey Ibberson
Luíochán Thuar Mhic Éadaigh

Cur Síos

San eagrán seo den tsraith chlár Ard Tráthnóna labhraíonn Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha le Tomás Ó Máille faoin luíochán mór le rá a tharla i dTuar Mhic Éadaigh i 1921. Deirtear san agallamh go bhfuil go leor amhrán scríofa faoin eachtra seo, inar maraíodh ceathrar Dúchrónach agus beirt Óglach (Michael O’Brien agus Patrick Feeney). Bhí uncail le Tomás ar an láthair nuair a thit rudaí amach. Maraíodh Feeney nuair a tháinig na Dúchrónaigh air agus é ag tabhairt teachtaireachta ar a rothar ó cheantar Bhaile an Róba. Chaitheadar é nuair a rinne sé iarracht éalú uathu, dar leis na Dúchrónaigh, ach ní chreideann mórán daoine é sin.

Theith beirt Óglach eile, Michael O’Brien agus Tom Maguire, suas sna cnoic tar éis an luíocháin agus na Dúchrónaigh ina ndiaidh. Nuair a tháinig fear ard, rua ina dtreo, shíl siad gur fear áitiúil (Coistealbhach) a bhí ann, ach Dúchrónach mór le rá a bhí ann darbh ainm [Geoffrey] Ibberson. Scaoil sé leis an mbeirt acu, maraíodh O’Brien agus goineadh Maguire. De réir chur síos mháthair Thomáis, a bhí ina cailín óg ag an am, bhí piléar i mbolg Maguire agus é ag cur fola go tréan. Is cosúil gur úsáid siad an bainne buí, ó bhó a bhí ag breith lao, mar leigheas, le go stopadh sé an fhuil ag sileadh. Is timpeall an ama seo freisin a dhóigh siad an bheairic siar ó Choill an tSiáin, sa cheantar céanna.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Mac Donnacha, Máirtín Tom Sheáinín

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

03-03-2005

Cuiditheoir

Ó Máille, Tomás

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

61214

Clúdach Ama

03/05/1921: Luíochán Thuar Mhic Éadaigh
1919-1921: Cogadh na Saoirse

Láithreoir

Mac Donnacha, Máirtín Tom Sheáinín

Tagairt

Mac Donnacha, Máirtín Tom Sheáinín, Luíochán Thuar Mhic Éadaigh (03/03/2005), 03-03-2005

Luaigh Mar

Mac Donnacha, Máirtín Tom Sheáinín, “Luíochán Thuar Mhic Éadaigh (03/03/2005),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 20 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/96.