Comhad

Clár faoi Éamon de Valera (02/10/1982)

Dublin Core

Teideal

Clár faoi Éamon de Valera (02/10/1982)

Ábhar

Éamon de Valera

An Chríochdheighilt

An Ghaeilge

Seán T. Ó Ceallaigh

 

Cur Síos

Is clár faoi Éamon de Valera é seo, curtha i láthair ag Proinsias Ó Conluain. Úsáidtear míreanna fuaime éagsúla ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ina bhfuil de Valera ag caint faoi thréimhsí agus faoi ócáidí éagsúla ina shaol.

Sa chéad mhír, in agallamh le de Valera, pléitear an Ghaeilge mar theanga phobail i mBrú Rí, Co. Luimnigh, agus an scolaíocht a fuair sé. Ina dhiaidh seo labhraíonn Caitlín Uí Thallamhain faoi Shinéad de Valera, bean Éamon de Valera. Ag leanúint seo tá mír fuaime ó 1944, ina ndéanann de Valera píosa cainte faoi staid na tíre. I mír eile labhraíonn de Valera amach go láidir, ag agóid ar Shráid Uí Chonaill, faoi na beartais a bhí ag Rialtas na Breataine chun an chríochdheighilt a bhuanú tar éis do Rialtas na hÉireann Poblacht a fhógairt i 1949. I bpíosa fuaime eile, labhraíonn de Valera ag ócáid chomórtha i 1959, 50 bliain ó tháinig an chéad Dáil le chéile. Ina dhiaidh sin tá an óráid a thug sé ar oscailt Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair i 1958. Críochnaíonn an clár le píosa cainte a rinne de Valera ag ócáid in éineacht le Seán T. Ó Ceallaigh.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Conluain, Prionsias

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

02/10/1982

Cuiditheoir

de Valera, Éamon; Uí Thallamhain, Caitlín

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

28618

Fad

00:29

Clúdach Tíreolaíoch

Clúdach Ama

14/10/1882-29/08/1975 : Éamon de Valera

Láithreoir

Ó Conluain, Prionsias

Tagairt

Ó Conluain, Prionsias, Clár faoi Éamon de Valera (02/10/1982), 02/10/1982

Luaigh Mar

Ó Conluain, Prionsias, “Clár faoi Éamon de Valera (02/10/1982),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 26 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/99.