An Ghaeilge sa Phobal (1913–1921)

Amharc Lánscáileáin

Ag tús an 20ú haois, bhí teannas idir an pobal agus an Stát i réimse an oideachais, na teanga agus an chultúir. Bhí bearna idir aidhmeanna an stáit agus mianta an phobail i leith gnéithe éagsúla den tsochaí. Ba bheag tuiscint, freisin, a bhí ag an Stát ar bhochtáin — tuaithe nó cathrach — agus a gcuid riachtanas. Bhí an t-athrú teanga ar bun, agus ról lárnach ag an Stát sa phróiseas sin. Bhí an córas scolaíochta ar cheann de na cúiseanna ba mhó a d'iompaigh daoine ar an mBéarla.

Bhíodh Aodh Ó Tuama, as Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, ag obair mar thimire Gaeilge do Chonradh na Gaeilge. D'fhás Ó Tuama aníos i gceantar ina raibh an Ghaeilge fós láidir, ach bhí an pobal ag casadh i dtreo an Bhéarla nuair a bhí sé óg. Ní raibh aon Ghaeilge sa scoil ina raibh sé, ach lasmuigh d'uaireanta ranga bhí múinteoir bunscoile aige a mhúin Gaeilge dó. Ach ba léir nach raibh Béarla chomh forleathan sin sa phobal ach an oiread. Bhí suim ag daoine fios a bheith acu faoina raibh ag tarlú sa domhan mór, agus bhí cuimhne ag Ó Tuama ar dhuine a léifeadh agus a d'aistreodh an Freeman's Journal do mhuintir na háite. Labhair Ó Tuama faoin gclaonadh ar leith a bhí ag an bpáipéar náisiúnach sin — bhídís ag súil go dtabharfadh na Bóraigh greasáil do na Sasanaigh i rith Chogadh na mBórach.

'Ó Béarla uilig a bhí ann, ní raibh aon Ghaeilge ann', a dúirt Tadhg Ó Cualáin, as an Spidéal, Co. na Gaillimhe faoina thaithí bhunscoile féin ag deireadh an naoú haois déag. Bhí Ó Cualáin san RIC in Éadan Doire, Uíbh Fhailí idir na blianta 1908-1922. Deir Anraí Ó Corrduibh, as Cill Mhíchíl, Co. an Chláir go raibh Gaeilge aige ón gcliabhán in ainneoin a athair a bheith san RIC, agus ba chuimhin leis a athair ag Gaeilgeoireacht le muintir Árann nuair a tháinig siad isteach go contae an Chláir. Creideann sé nach raibh aon Bhéarla ag a sheanathair.

Faoi agallamh i 1965, iarradh ar Éamon de Valera an raibh Gaeilge ag muintir Bhrú Rí, Co. Luimnigh nuair a bhí sé óg. 'Ó bhí, bhí Gaeilge ag na seandaoine go léir. Nuair a thiocfaidís le chéile is i nGaeilge a bhídís ag labhairt. Is minic a bhí mé ag éisteacht leo ach ní rabhadar toilteanach Gaeilge a labhairt le daoine óga', a d'fhreagair sé. Dúirt sé nach raibh a sheanmháthair sásta í a mhúineadh dó, seachas abairtí beaga ar nós 'tabhair dom cathaoir'.

Nuair a rinne Tomás Ó Fathaigh as Tamhain, oileán in oirthear Chuan na Gaillimhe , agallamh leis an Raidió, ba é an duine ba shine ar an oileán, agus an t-aon duine ar an mbaile a raibh Gaeilge aige. Ach nuair bhí sé óg ba í an Ghaeilge teanga labhartha an oileáin. Déanann sé cur síos ar chonspóid ar an oileán ag an am. Ní raibh oideachas trí Ghaeilge ar fáil sa scoil bheag ar an oileán. Níor aontaigh tuismitheoirí na háite leis seo, agus thit an scoil i léig ceal úsáide. Mar thoradh air seo, thacaigh Ruairí Mac Easmainn le scoil nua a thógáil ar an oileán.

Bhí an-mheas ag Griaire Ághas, athair Thomáis Ághais, ar an nGaeilge. Bhí cónaí orthu i gCinn Aird, Corca Dhuibhne. Is le Béarla a tógadh Griaire, agus ní raibh cead aige Gaeilge a labhairt sa bhaile agus é ag fás aníos. Scríobh Earnán de Blaghad faoi chúlú na Gaeilge i gceantar Chinn Aird:

Bhraitheadh an teanga a labhrófaí ar cé a bheadh istigh linn. Mura mbeadh i láthair ach Griaire agus Maitiú agus bean an tí...is i nGaeilge a bhíodh an chaint ar fad...ar an taobh eile den scéal dá mbeadh Seán nó Jack istigh agus go mór mór dá mbeadh an bheirt…ag comhrá le duine ar bith faoi bhun meánaoise is i mBéarla a dhéantaí an comhrá ar fad. Bhí sé soiléir agam i gceann cúpla lá gur beag Gaeilge a gheobhainn i gCion Ard ach amháin ó roinnt de na seandaoine. Na daoine óga agus na daoine meánaosta san ar ghnách leo Béarla a labhairt lena chéile, is Béarla ab fhearr leo labhairt liomsa i gcónaí go mór mór ó bhí mo chuid Gaeilge chomh lag, gann, briotach san gur sórt pionós é ag daoine eile a bheith ag labhairt sa teanga sin liom. Maidir le leanaí na háite, tharla nach labhraítí as Gaeilge leo i dtigh ar bith. Bhí a lán acu beagnach dall ar fad uirthi go dtí go dtéidís ar scoil, agus cé go gcuirfeadh a mhúintí ansan di dóibh ar a gcumas níos mó a phiocadh suas ó chomhrá na seandaoine, is beag dóibh a thabharfadh freagra i nGaeilge ach amháin ar an té nach nglacfadh lena mhalairt uathu.

Bhí an-dúil ag Tomás Ághas sa Ghaeilge fiú agus é ina pháiste óg. D'oibrigh sé le Conradh na Gaeilge agus d'imir sé cluichí Gaelacha.

Bhí an suim seo sa Ghaeilge forleathan i measc náisiúnaithe. Bhí seisear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta ina mbaill den Chonradh, agus bhí an té nach raibh, Séamas Ó Conghaile, báúil leis an gConradh agus le mianta an Chonartha. Déanann Neans Uí Shuibhne cur síos ar pholaiteoirí agus réabhlóidithe ag ithe greim ar Shráid Grafton, Baile Átha Cliath tar éis imeachtaí na Dála i 1919. Bhí an réabhlóidí Dora Ffrench ann, a d'aimseodh duine éigin le Gaeilge chun labhairt leo. Labhraíonn Pat 'Aeroplane' Ó Sé, as Caisleán Ghriaire, Corca Dhuibhne faoin am a thaisteal sé suas go Baile Átha Cliath le Pádraig Mac Piarais agus Aibhistín de Staic, agus is Gaeilge a labhair siad leis an bPiarsach.