Cogadh na Saoirse (1919–1921)
Amharc LánscáileáinI 1919 bhunaigh Sinn Féin an Dáil, parlaimint náisiúnta nua i mBaile Átha Cliath. D’fhógair siad poblacht, ina raibh Éamon de Valera mar Uachtarán agus Mícheál Ó Coileáin mar Aire Airgeadais sa Dáil nua. Faoin Dáil nua cuireadh tús le córas cúirteanna nua agus bunaíodh fórsa póilíní nua. Dúradh leis an bpobal gan baint a bheith acu le cúirteanna ná le húdaráis na Breataine.
Na hÓglaigh
Is ar na hÓglaigh a thit an fhreagracht phóilíneachta seo. Ceann de na róil a bhí ag na hÓglaigh i nGaoth Dobhair ná an tsíocháin a choinneáil, fiú laistigh de chlann, nuair a thit an córas dlí agus cirt as a chéile. Deir Pádraig Creaven Ó Cualáin go raibh an ról céanna ag na hÓglaigh i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe. Bhídís ag socrú fadhbanna ('ag déanamh réiteach' mar a thug Ó Cualáin air) idir muintir na háite den chuid is mó, agus ag feidhmiú mar fhórsa póilíneachta in áit an RIC.
Is ag an am seo freisin a thosaigh na hÓglaigh (nó an tIRA mar a baisteadh anois orthu) ag ionsaí póilíní a bhí ag iarraidh a ngunnaí a thógáil. Déanann Matt Hackett as an gCaisleán Gearr, Gaillimh cur síos ar an easpa arm a bhí ann i rith an Éirí Amach agus ina dhiaidh. Is ó shaighdiúirí Arm na Breataine a fuair na hÓglaigh cuid díobh - ceannaíodh roinnt de na gunnaí nó thugadh iar-shaighdiúirí do na hÓglaigh iad. Bhí bealaí eile ag na hÓglaigh le gunnaí a fháil. D'éirigh leo, le cúnamh ó na Gearmánaigh, airm a thabhairt i dtír i gCeann Heilbhic i rith an tSosa Cogaidh i 1921.
Bhí traenáil agus druileáil mar chuid lárnach de ghníomhaíochtaí na hÓglach ag an am seo. Déanann Seán Dillon as Dún Géagáin, Co. Chiarraí cur síos ar a bheith ag druileáil le gunnaí adhmaid de bhrí nach raibh gunnaí cearta acu. Bheadh complacht Phádraig Uí Chualáin, i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe ag traenáil agus ag druileáil le maidí adhmaid seachas gunnaí freisin. Tugann Seán Ó Conghaola as Indreabhán, Co. na Gaillimhe le fios gur thosaigh na póilíní ag éirí níos géire ar an bpobal tar éis an Éirí Amach, agus go raibh siad ag leanúint daoine go bhfeicfidís cá raibh siad ag traenáil.
Chuaigh Séamus Mac Gearailt, as Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí isteach sna hÓglaigh i gColáiste Phádraig i mBaile Átha Cliath, áit ina raibh siad ag réiteach Óglach le bheith ina n-oifigigh. Fionnán Breathnach as Ciarraí agus Christie Macken as Gaillimh a thosaigh an complacht sa Choláiste. Thart ar dhuine is fiche uilig a bhí san aonad sin as chuile chearn den tír seachas lár tíre. Bhíodh leathlaethanta (ón gColáiste) acu tráthnóna agus bhí siad ag traenáil na laethanta sin. Ginger O'Connell agus Mattie McDonald a thraenáil iad.
Bhí go leor bealaí difriúla ag na hÓglaigh chun cur as d'Fhórsaí na Breataine. Ceann de na rudaí a raibh baint ag Seán Dillon leo ná bóithre an cheantair a réabadh ionas nach mbeadh na Dúchrónaigh in ann a gcuid leoraithe a úsáid. Ach d'fhágfadh sé sin go raibh sé níos deacra ag muintir na háite dul ó áit go háit, mar a luann Mícheál Ó Mainnín nuair dhéanann sé cur síos ar an uair a thaistil sé féin agus beirt chomrádaithe go Trá Lí chun a gcuid muc a dhíol.
Rinne na hÓglaigh iarrachtaí foirgnimh eile de chuid an stáit a scriosadh. Lasadh beairic an RIC sa Rinn lena chinntiú nach bhféadfaidís eolas a bhailiú. Bhí radharc acu ón mbeairic ar an gceantar uilig. Chomh maith leis sin, lasadh tithe an Gharda Cósta, a bhí ag tabhairt cúnaimh don RIC freisin, agus cuireadh an ruaig orthu.
Fórsaí na Corónach
Luaigh Tadhg Ó Cualáin, iar-chomhalta den RIC as an Spidéal, Co. na Gaillimhe, a cuireadh faoi agallamh sna 1970í, nár mhothaigh sé féin aon chontúirt i gCogadh na Saoirse. Deir sé go raibh dea-chaidreamh idir an RIC agus an pobal in Éadan Doire, Uíbh Fhailí, áit a raibh sé lonnaithe. Ba mhó faitíos a bhí airsean faoi strainséirí ná faoi mhuintir na háite. Chuaigh an Cualánach ar imirce tar éis an Chogaidh, mar a rinne go leor de hiar-bhaill an RIC. Chaith sé seal i bPóilíní an Stáit i Meiriceá. Bhí sé sin i bhfad ní ba chontúirtí, dar leis. Bhíodh an baol ann go maródh bootlegger lena leoraí é, d'aon ghnó.
Ní raibh an dearcadh seo i leith an RIC ag gach duine. Dar le Tomás Ó Loideáin, as an Tuar Beag, Indreabhán: 'Bhí cuid de na sean-pholice go dona.'. Bhí an dearcadh céanna ag Matt Hackett faoi roinnt den sean-RIC. I gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe bhí imní ar an RIC go n-ionsófaí a gcuid gaolta.
Tá go leor le rá ag Peig Uí Riagáin, ón Rinn faoin RIC freisin. Déanann sí cur síos ar an lá a chuaigh fear áitiúil, Mícheál Breathnach, le fios a chur ar an RIC chuig achrann a bhí ar an mbaile. Ní raibh ach póilín amháin, Cárthach a bhí mar ainm air, sa bheairic ag an am, agus bhí a fhios aige go raibh Breathnach sna hÓglaigh. Chreid sé gur seift a bhí ann, ach bhí an Breathnach dáiríre. Scaoil sé le Breathnach tríd an bpána gloine a bhí os cionn an dorais. Mhair Breathnach roinnt seachtainí ina dhiaidh sin ach bhásaigh sé ar deireadh. Bhí an sáirsint áitiúil a bhí ar an RIC, Carroll, ar buile faoin méid a bhí tarlaithe ('Sáirsint ana-dheas ba ea é' a deir Peig). Dhíbir sé an Cárthach as a phost agus tugadh suas go dtí tórramh an Bhreathnaigh é go bhfeicfeadh sé céard a bhí déanta aige - ach níor scaoileadh isteach sa teach tórraimh é. In ainneoin seo, tríd is tríd, bhí caidreamh maith idir an RIC agus muintir na háite, dar le Peig, mar go raibh aithne acu ar a chéile. Bhí eisceacht amháin ann, dar léi, Ciarraíoch a bhí ag dul thart leis na Dúchrónaigh. Oíche amháin caitheadh agus goineadh óglach áitiúil, Déaglán Ó Riagáin. Bhí sé ar a bhealach le luíochán a réiteach nuair a chonaic na Dúchrónaigh é agus scaoil siad leis. D'fhan beirt de na hÓglaigh, Tom Hayes agus Mícheál Ó Curraoin, in éineacht le Déaglán Ó Riagáin. Bhí sé gortaithe go dona agus ag cailleadh fola. Chuir siad cóir leighis air agus d'iompair siad píosa fada é go dtí go raibh siad in áit shábháilte.
Ba chuimhin le Séamus Mac Gearailt teacht na nDúchrónach go dtí an Daingean. Bhí sé in ann dáta cinnte a chur leis—14 Meán Fómhair 1920—mar gheall gur fhág sé féin an baile ar an dáta céanna le bogadh go Baile Átha Cliath. Tá cuimhne mhaith freisin ag Beartla Ó Flatharta, a bhí sa phríosún i nGaillimh faoin am a tháinig na Dúchrónaigh go Gaillimh—‘…lena gcuid Crossley Tenders…agus rifles píleáilte ar an tsráid ar nós cocaí féir…’.
Níor raibh mí-iompar ar siúl ag na Dúchrónaigh i ngach ceantar den tír ina raibh siad. Dar le Seán Dillon, is beag a chuir na Dúchrónaigh as do mhuintir na háite i nDún Ghéagáin, i gCo. Chiarraí. Ach bhí faitíos ar an bpobal rompu.
Tá cuimhne ag Anraí (Harry) Ó Corrduibh ar na Dúchrónaigh agus an 'raic, an loscadh agus an marú a rinneadh, agus déanann sé trácht, in agallamh le Seán Ó Tuairisg, ar eachtra ar leith a chonaic sé agus é ina ghasúr óg i gCill Mhíchíl, Co. an Chláir. Bhí a athair ina Chonstábla Ríoga sa cheantar, agus bhí sé i mbeairic an RIC oíche amháin nuair a chuala siad torann ó ghunnaí taobh amuigh – is cosúil go raibh na Dúchrónaigh ag réabadh lasmuigh. Maraíodh giúistís áitiúil [an Captaen Alan Lendrum] ag an am agus bhí na Dúchrónaigh ina ndiaidh siúd a mharaigh é. Bhí siad amuigh ag cuardach ar feadh na hoíche. Níos déanaí an mhaidin sin tháinig leoraí, a raibh cónra an ghiúistís air, chuig an mbeairic. Ba é sin an chéad uair a chonaic Anraí an chónra - agus dúirt sé go mba léir gur caitheadh le chéile faoi dheifir í. 'Is cuimhin liom go maith an chónra ag teacht isteach chuig an mbeairic an mhaidin sin agus na Tans, iad ag suí ar an gcónra agus iad ag ceol agus ag gáire agus iad ag ól', a deir sé. Bhí sé 7 mbliana d’aois ag an am.
Déanann Séamas Mac Gearailt cur síos ar shaighdiúirí ag cur críoch le cluiche peile i mBaile an Mhuilinn. Bhí an t-ádh ar Mhícheál Ó Mainnín, as an gceantar céanna, gur tháinig sé féin slán nuair a gabhadh é i dTrá Lí) i 1921. Bhí rudaí corraitheach i gConamara freisin. Déanann Tomás Ó Loideáin, as an Tuar Beag, trácht ar eachtra inar chaith na Dúchrónaigh buama isteach i dteach Mhíchíl Uí Dhroighneáin agus daoine fós istigh ann.
Déanann Aodh Ó Tuama trácht ar eachtra a tharla dó oíche amháin, i mí na Samhna 1920, i stáisiún traenach i Móta Ghráinne Óige, Co. na hIarmhí, ar a bhealach abhaile go Baile Átha Luain. Agus é ag fanacht leis an traein, tháinig beirt Dúchrónach chuige, agus cheistigh siad é. Ba léir nach ró-shásta a bhí siad lena chuid freagraí, mar thóg siad ar leataobh é, agus dúirt siad leis go raibh an bás i ndán dó. Cheap sé go raibh siad réidh chun é a mharú. Ach nuair a tháinig an traein ní raibh siad sásta é a dhéanamh os comhair slua a tháinig ar an láthair. Seachas é a chaitheamh, thug siad greasáil dó lena gcuid gunnaí. Bhí sé ar an traein sular tháinig sé chuige féin arís.
Déanann Seosamh Breathnach, as Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe, trácht ar an tionchar a bhí ag Cogadh na Saoirse air féin agus ar a mhuintir. Bhí sé ina ghasúr óg ag an am, ach bhí deartháireacha leis sna hÓglaigh. Bhí duine acu, Cóilín, ag seachaint na bpóilíní mar gheall ar eachtra a tharla idir é féin agus fear áitiúil a bhí in arm Shasana. Nuair a d’fhill an fear ar an mbaile, thosaigh sé ag ól, agus mar go raibh Cóilín sna hÓglaigh, d’ionsaigh sé oíche amháin é. Mhaígh an fear gurb é Cóilín a rinne an t-ionsaí, agus tháinig sáirsint de chuid an RIC i gCarna, darbh ainm Pryall, chuig an teach chun é a ghabháil. Níor éirigh leis agus d’éalaigh Cóilín. Deir Breathnach go mbíodh faitíos ar lucht an RIC mar go mbaintí díoltas ar a gcuid ban sa bhaile dá n-ionsófaí muintir na háite.
Labhraíonn Séamus Máirtín, gréasaí as na Gorta Dubha, faoi na Dúchrónaigh i gCorca Dhuibhne. 'Criminals' a bhí iontu, dar leis, agus iad tar éis marú, goid agus fuadach a dhéanamh i Sasana sular cuireadh go hÉirinn iad. Bhí eagla ar an bpobal rompu, agus dar leis, chuirfí piléar ionat dá labhrófá amach ina n-aghaidh. Thógaidís daoine ó Bhaile an Fheirtéaraigh agus ón Daingean agus thugaidís go Lios Póil iad. Dhóigh siad tithe sa cheantar, ina measc teach Sheáin Uí Mhuircheartaigh ar an droichead sa Daingean. Cé nár mharaigh siad ach fear amháin as Abhainn an Scáil, bhídís ag bualadh daoine. Déanann sé trácht ar fhear ar ionsaigh na Dúchrónaigh é, agus, murach bean ón Daingean a tháinig i gcabhair air, bheadh an fear maraithe acu. Bhaist Dúchrónach amháin Balbriggan Jack air féin, ag tagairt do lasadh Bhaile Brigín i mBaile Átha Cliath in 1920. Luann Máirtín bunús an fhocail ‘Dúchrónach’ nó ‘Black and Tan’ – mar gur dubh agus crón a bhí ar dhath na héide. 'Bhí gach aon duine scanraithe rompu', a deir sé.
Ní raibh droch-chaidreamh ann i gcónaí idir Fhórsaí na Breataine agus an pobal. Bhí Neans Uí Shuibhne cáilithe mar mhúinteoir, agus ag múineadh i mBaile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí faoin am a thosaigh Cogadh na Saoirse. Thagadh saighdiúirí chuig an teach i gCill na Martra go minic. Is cuimhin léi uair amháin nuair a tháinig saighdiúirí go moch ar maidin. Chuardaigh siad an teach, agus léigh siad gach litir a bhí ann. Ina measc bhí torthaí scrúdaithe ón scoil, agus thréaslaigh an saighdiúir a bhí i gceannas leo mar gheall ar na torthaí maithe a bhí acu. Is ag iarraidh deartháireacha Uí Shuibhne a ghabháil a bhí na saighdiúirí, agus is beag nár rugadh orthu cúpla uair. Thagadh Crossley Tenders na gCúntóirí agus na nDúchrónach aníos chuig bóthar an tí, ach stopadh siad na hinnill sula sroicheadh siad an teach. Dhéanfadh siad iarracht teacht ar an teach go ciúin. Luann Uí Shuibhne nach raibh ag a cuid deartháireacha ach cúpla nóiméad chun éalú oíche amháin.
Bhí Neans Uí Shuibhne i gCorcaigh nuair a dhóigh fórsaí na Corónach an chathair, ach labhraíonn sí faoin uair a tháinig na Dúchrónaigh chuig an scoil ina raibh sí ag múineadh. Bhí siad ar meisce, agus nuair a thosaigh siad ag caitheamh urchair ar an mbóthar chaith Uí Shuibhne agus na gasúir iad féin síos ar urlár an tseomra ranga. Chiceáil siad isteach doras na scoile, agus níor scaoil Uí Shuibhne isteach iad. Níor chuir eachtraí mar seo faitíos uirthi, a deir sí.