Éire in Aimsir na Réabhlóide (1917–1919)

Amharc Lánscáileáin

D'fhás na hÓglaigh go sciobtha tar éis Éirí Amach na Cásca, agus is minic a bhunaigh duine a tháinig abhaile as ceantar éigin eile díorma de na hÓglaigh ina bhaile féin. Is amhlaidh a tharla i gcás an cheantair siar ón Spidéal. Bhí Peadar Ó Máille, as Baile an Logáin, Cor na Rón, Indreabhán ag múineadh Gaeilge i gCo. Laoise agus ba é a bhunaigh díorma de na hÓglaigh siar ón Spidéal thart ar 1917. Ba é freisin a bhí ina stiúrthóir toghchánaíochta do Shinn Féin i gConamara do thoghchán 1918. Rinne poblachtánaigh an cheantair an-obair, dar leis.

Bhíodh Aodh Ó Tuama, as Baile Bhuirne, Co. Chorcaí ag obair mar thimire Gaeilge do Chonradh na Gaeilge. Bhí sé páirteach, freisin, i ngluaiseacht na poblachta ag tús an fichiú haois, agus mar sin bhí aithne aige ar phríomh-phearsana na gluaiseachta i gCorcaigh. D’oibrigh sé mar rúnaí do Shinn Féin i dtoghchán 1918 i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath. Is ar fheachtais Liam de Róiste agus JJ Walsh a bhí sé ag obair, agus toghadh an bheirt acu. Bhí sé ag obair freisin le Tomás Mac Curtáin, a togha mar Ard-Mhéara ar Chathair Chorcaí i mí Eanáir 1920. Bhí aithne mhaith acu ar a chéile, agus bhíodh Mac Curtáin ina mhúinteoir taistil freisin in éineacht le hÓ Tuama ar feadh scaithimh. Bhí aithne freisin aige ar Thraolach Mac Suibhne. Shiúil sé Contae Chorcaí leis nuair a bhí an bheirt acu ag obair do Shinn Féin, agus tugann sé le fios san agallamh nár labhair siad aon fhocal Béarla lena chéile.

Bhuail Sinn Féin an Páirtí Rialtais Dúchais go héasca i bhformhór na tíre san olltoghchán i 1918, ach bhí an Páirtí Rialtais Dúchais agus eagraíochtaí cosúil le hOrd Ársa na hÉireann fós láidir i gCúige Uladh. Ansin, rinneadh iarracht na suíocháin i gceantair náisiúnacha agus i gceantair mheasctha a roinnt idir Sinn Féin agus an Páirtí Rialtais Dúchais, chun cumhacht na n-aontachtach a laghdú. Rinne Liam Ó Briain, a sheas do Shinn Féin in Ard Mhacha, cur síos ar an drogall a bhí ar náisiúnaithe áitiúla seasamh sa toghchán mar gheall ar an gcontúirt a bhain leis. Ní aontachtaithe amháin a bhí ag cur as do na daoine seo. Ba mhinic a d'ionsódh náisiúnaithe de chineálacha difriúla a chéile. Thug Eileen McGrane, múinteoir scoile i scoil Phrotastúnach, tacaíocht phoiblí do Ó Briain, agus chaill sí a post sa scoil dá bharr.

Chuaigh Seán Ó Conghaola, as na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe , isteach sna hÓglaigh i 1919, ar ugach ó shagart poblachtánach ón gClochán. Deir sé go mbíodh an Dr Tomás Breathnach, as Tuaim, ag gríosú Óglaigh an cheantair freisin. Tugann Ó Conghaola le fios gur thosaigh na póilíní ag éirí níos géire ar an bpobal tar éis an Éirí Amach, agus go raibh siad ag leanúint daoine go bhfeicfidís cá raibh siad ag traenáil. Bhí an sagart ag tabhairt foláirimh do dhaoine fanacht glan ar strainséirí, ar fhaitíos gur spiairí a bhí iontu. Cuimhníonn sé gur chuir an sagart fios air féin, mar gur chónaigh siad in aice le chéile, lena rá leis go raibh fear nach as an áit é ag dul thart ag ceannach óil do dhaoine.

Cé nach raibh tacaíocht leathan ag an RIC i measc an phobail, bhí roinnt mhaith de mhuintir na háite fós mar bhaill den fhórsa póilíneachta sin. Labhair Séamus Mac Gearailt as Corca Dhuibhne faoi cheathrar a rinne iarracht dul isteach sna póilíní, ach níor glacadh ach le duine amháin díobh mar nach raibh Béarla sách maith ag an triúr eile. D'fhan an fear ar glacadh leis san RIC go dtí an deireadh.

Chaith Tadhg Ó Cualáin, as an Spidéal, Co. na Gaillimhe, tamall san RIC ó 1908–1922. Bhí sé 22 nuair a chuaigh sé leo. Cuimhníonn sé go maith ar an lá ar fhág sé an baile. Thug a dheartháir isteach go Gaillimh é, agus suas leis go Baile Átha Cliath ar an traein. Chaith sé 10 mí ag traenáil san ionad traenála a bhí ag an RIC i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath, agus chuaigh sé go Ros Comáin ina dhiaidh sin. Chuaigh sé síos go hÉadan Doire in Uíbh Fhailí, ina dhiaidh sin, agus chaith sé 12 bhliain ann.