Éirí Amach na Cásca (1916)
Amharc LánscáileáinAg Ullmhú don Éirí Amach
Ba léir go raibh ceannairí an Éirí Amach i 1916 ag smaoineamh ar ghníomh míleata ar feadh blianta sular tharla sé. Bhí sé ráite ag Pádraig Mac Piarais le hÓglaigh Ros Muc, Co. na Gaillimhe, go mbeadh orthu troid lena gcuid cearta a bhaint amach. Cuimhníonn Tomás Ó Fathaigh, as Tamhain, Co. na Gaillimhe, go bhfeictí Éamon de Valera go minic sa cheantar le raidhfil agus piostal ina lámh aige. D’fhiafraíodh sé d’fhir óga na háite dul ag cleachtadh lámhaigh leis, ag maíomh go dtiocfadh an lá a dteastódh na scileanna sin.
Bhí airgead ag teastáil ó na hÓglaigh a bhí ag traenáil le híoc as gunnaí agus piléir. Chabhraigh sé gur tháinig ardú ar phraghas éisc mar gheall ar an gCogadh Mór agus go raibh níos mó airgid acu dá bharr, dar le hÓglach amháin as Corca Dhuibhne. £5 a chaith Tomás Ó Fathaigh ar a ghunna féin. Nuair a bhí níos mó gunnaí ag teastáil díreach roimh an Éirí Amach, d’eagraigh Ruairí Mac Easmainn go dtiocfadh siad i dtír i dTrá Lí, ar an Aud. Tugadh orduithe d’Óglaigh Bhaile an Fheirtéaraigh dul go dtí an Daingean, agus uaidh sin ar aghaidh go dtí Trá Lí leis na gunnaí a bhailiú. Ghlac Séamus Ó Dúbháin ón bhFearann, Pádraig Ó Flaithearta ón gClochar, agus Mícheál Ó Bric agus Séamus Máirtín ó na Gorta Dubha páirt sa tsiúlóid sin, agus tá cuimhne mhaith acu ar an eachtra. Tá cuimhne, freisin, ag Peats Cháit Ó Flaithearta ar an aire mhaith a thug Cumann na mBan do na hÓglaigh i dTrá Lí tar éis dóibh an turas a chríochnú.
An tÉirí Amach
Díríonn an chuid is mó de na cuimhní cinn faoin Éirí Amach atá sa bhailiúchán seo ar na heachtraí i mBaile Átha Cliath agus in oirthear na Gaillimhe, mar gur sna ceantair seo a bhí an chuid is mó den troid. Chas Mícheál Ó Sé le Mícheál Ó Súilleabháin, as an Sciobairín. B’uncail leis Gearóid Ó Súilleabháin, a d’ardaigh bratach na hÉireann in Ard-Oifig an Phoist i 1916. B’as an Sciobairín, ceantar ina raibh na Fíníní láidir le fada, do Ghearóid. Bhí Conradh na Gaeilge ag dul i neart ag an am, agus mhúscail deartháir Ghearóid (athair Mhíchíl) suim sa Ghaeilge ann. D’fhoghlaim agus mhúin Gearóid Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus bhain sé BA agus MA amach, timpeall 1912-13. Bhí sé i gCraobh an Chéitinnigh, agus is ann a d’éirigh sé mór le ceannairí an Éirí Amach – Seán Mac Diarmada agus Tomás Mac Donnchadha ina measc. Bhí sé mar Aidiúnach ag Seán Mac Diarmada. De bhrí gurbh é an t-oifigeach ab óige in Ard-Oifig an Phoist é, tugadh an onóir dó an bhratach a ardú.
Bhí uncail agus deartháir le Sighle Humphreys in Ard-Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Chuaigh máthair Humphreys síos go dtí an GPO le boinn bheannaithe a thabhairt do na hÓglaigh chun iad a chosaint. Ní raibh deartháir Humphreys ach b'fhéidir ocht mbliana déag d'aois. Bhí a mháthair ag iarraidh air teacht abhaile mar dá marófaí a huncail, an Rathaileach, ní bheadh fear ar bith ann le haire a thabhairt don chlann. Is le linn na tréimhse seo freisin a chonaic Sighle Humphreys an troid a tharla ag Bóthar Northumberland nuair a d'éirigh le grúpa beag Óglach slua mór de shaighdiúirí na Breataine a choinneáil siar. Maíonn sí nach raibh a fhios ag na saighdiúirí, a bhí díreach tar éis teacht i dtír ón mBreatain, cá raibh siad. Nuair a chualathas Humphreys ag labhairt i mBéarla le cócaire an tí dúirt na saighdiúirí: 'Blimey, they're talking English.' Cheap na saighdiúirí gur ar mhór-roinn na hEorpa a bhí siad. Dúisíodh iad, cuireadh ar long iad, thrasnaigh siad an fharraige agus ní raibh barúil acu cá raibh siad ná cé a bhí ag troid ina n-aghaidh.
Téann Tomás Ó Fathaigh as Tamhain, Co. na Gaillimhe, go domhain isteach ina ról san Éirí Amach. An mhaidin sin, d’imigh slua Óglach, os cionn 40 duine as Tamhain, Órán Mór agus Meáraí, isteach go hÓrán Mór agus thóg siad an bheairic. Ina dhiaidh sin chuaigh roinnt acu go Droichead an Chláirín agus cuid eile síos go hÓrán Mór. Thóg siad seachtar ball den RIC (Peelers mar a thugann Ó Fathaigh orthu) mar phríosúnaigh agus choinnigh siad orthu go Baile Átha an Rí, in éineacht le Liam Ó Maoilíosa. Ansin, casadh orthu idir 200 agus 300 Óglach as an gCaisleán Gearr, Baile Chláir na Gaillimhe agus Baile Átha an Rí. Chas siad le baill ón RIC ach cuireadh an ruaig ar na póilíní nuair a thosaigh siad ag lámhach a chéile. Choinnigh siad orthu go Maigh Fhód, áit a thug sagart, an tAth. Feeney, comaoineach dóibh. Faoin am seo, nuair a chonaic siad nach raibh aon mhaith ann, agus go raibh fórsa mór d’arm na Breataine ar an mbealach, dúirt Ó Maoilíosa leis na hÓglaigh scaipeadh.
I gceantar eile den chontae, cuimhníonn Pádraig Ó Céidigh go ndeachaigh Mícheál Ó Droighneáin isteach go Gaillimh ar a rothar maidin an Éirí Amach ag fiosrú faoin scéal. Dar le Pádraig, tógadh Ó Droighneáin agus caitheadh isteach ar bhád bainte mianach [An Guillemot] a bhí ar ancaire i nduganna na Cathrach é .
Ba léir nach raibh formhór de phobal na tíre ar an eolas faoin Éirí Amach go dtí go raibh sé thart. Deir Éamonn Ó Searcaigh as Anagaire i nDún na nGall nár tháinig aon eolas chucu faoin méid a bhí ag tarlú faoin Éirí Amach. Chuala muintir Ghaoth Dhobhair faoi níos déanaí ó pháipéar nuachta tí Johnny Uí Fhearraigh. Bhí Seán Ó Conghaola, as na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe ina dhéagóir le linn an Éirí Amach, agus deir sé nach raibh tuiscint mhaith ag muintir na háite ar an eachtra seachas iad siúd a bhí léannta — múinteoirí agus a leithéid — agus gur thóg sé cúpla bliain sular thuig siad an comhthéacs agus na himpleachtaí iomlána. Ceapann sé go mb’fhéidir nach raibh sé seo amhlaidh le pobal Ros Muc, mar go raibh an Piarsach i mbun bolscaireachta faoin Éirí Amach (‘ ag craobhscaoileadh an tsoiscéil’) go háitiúil.
Déanann Dóirín Mhic Mhurchú cur síos ar Laochra na Rinne i 1916, i gclár cainte agus filíochta. Déantar tagairt shonrach do bheirt as an Rinn a throid in éineacht leis an bPiarsach in Ard-Oifig an Phoist. Ba iad sin Liam Ó Riagáin ón tSeanchill agus Seán Ó Gríofain ó Heilbhic. Bhí siopa ag fear darbh ainm Dónall Ó Buachalla i Maigh Nuad agus is minic a thugadh sé cuairt ar an Rinn. Thug sé an bheirt ón Rinn leis le bheith ag obair sa siopa, agus thaistil siad ó Mhaigh Nuad go Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh san Éirí Amach. Déanann an láithreoir cur síos orthu seo agus luaitear daoine eile ón Rinn a ghlac páirt san Éirí Amach freisin.