Comhad

Peadar Ó Cearnaigh (12/12/1986)

Dublin Core

Teideal

Peadar Ó Cearnaigh (12/12/1986)

Ábhar

Peadar Ó Cearnaigh
Amhrán na bhFiann
The Soldier’s Song
An tIRB

Cur Síos

Craoladh an mhír fuaime seo cothrom an lae 103 bliain ó rugadh Peadar Kearney in 1883. Baile Átha Cliathach a bhí ann, agus fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i Marino. D’fhan sé leo go raibh sé 14 bliana d’aois, nuair a cailleadh a athair. Bhí airgead le saothrú don chlann ansin. Chaith sé tréimhsí ag obair i siopa rothar, ag péinteáil, agus ag obair ar chúl an stáitse in Amharclann na Mainistreach. Bhíodh páirteanna aige i ndrámaí na hAmharclainne freisin. Nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus dhá bhliain ina dhiaidh sin chuaigh sé leis an IRB. Thosaigh sé ag scríobh amhrán, agus i 1907 scríobh sé The Soldier’s Song agus chuir a chara, Patrick Heaney, ceol leis. Foilsíodh na focail sa leabhar Irish Freedom agus nuair a bunaíodh na hÓglaigh i 1914 bhain siad úsáid as mar amhrán máirseála. I 1922 roghnaíodh an t-amhrán mar amhrán náisiúnta an Stáit nuachruthaithe. Throid sé san Éirí Amach agus sa Chogadh Cathartha agus nuair a tháinig deireadh leis an troid, chaith sé an chuid eile dá shaol ag péinteáil, go dtí gur cailleadh é i 1942.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ní Ghlinn, Áine

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

12-12-1986

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

18600

Fad

00:03

Clúdach Ama

1883-1942: Peadar Ó Cearnaigh
1907: Cumadh The Soldier’s Song

Láithreoir

Ní Ghlinn, Áine

Tagairt

Ní Ghlinn, Áine, Peadar Ó Cearnaigh (12/12/1986), 12-12-1986

Luaigh Mar

Ní Ghlinn, Áine, “Peadar Ó Cearnaigh (12/12/1986),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 28 Márta 2024, http://reabhloid.ie/items/show/13.