Comhad

James Stevens (26/12/1986)

Dublin Core

Teideal

James Stevens (26/12/1986)

Ábhar

James Stevens
Éirí Amach na Cásca
Lord Dunsany

Cur Síos

Scríbhneoir den chéad scoth ab ea James Stephens, a scríobh na leabhair The Charwoman’s Daughter agus The Crock of Gold. Bhí fantaisíocht, fealsúnacht, greann agus éagsúlacht carachtair mar théamaí iontu. D’admhaigh sé féin go ndeachaigh Lord Dunsany (Edward Plunkett) go mór i bhfeidhm air. Chuaigh Éirí Amach 1916 go mór i bhfeidhm air freisin, agus bhuail taom tírghrá é ina dhiaidh. Chláraigh sé le Conradh na Gaeilge agus d’fhreastail sé ar ranganna Gaeilge. Chuir sé spéis i mbéaloideas na hÉireann agus i litríocht ársa na tíre, agus is orthu siúd a bhí na chéad trí leabhar eile a d’fhoilsigh sé ina dhiaidh sin bunaithe – Deirdre, Irish Fairy Tales agus In the Land of Youth. Chuir sé a chruth féin ar na scéalta. Bhí an-éileamh ar na leabhair ag an am. Chuaigh sé go Sasana agus ansin go Meiriceá. Ag obair don BBC i Londain ag cur cláir filíochta i láthair a bhí sé an bhliain ar cailleadh é, 1950, 36 bliain díreach sular craoladh an mhír fuaime seo.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ní Ghlinn, Áine

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

26-12-1986

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

18605

Fad

00:03

Clúdach Tíreolaíoch

Clúdach Ama

24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
06/02/1880-26/12/1950: James Stevens

Láithreoir

Ní Ghlinn, Áine

Tagairt

Ní Ghlinn, Áine, James Stevens (26/12/1986), 26-12-1986

Luaigh Mar

Ní Ghlinn, Áine, “James Stevens (26/12/1986),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 18 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/14.