Comhad

Seán T. Ó Ceallaigh sa Phríosún (25/06/1987)

Dublin Core

Teideal

Seán T. Ó Ceallaigh sa Phríosún (25/06/1987)

Ábhar

Seán T. Ó Ceallaigh
Éirí Amach 1916
Príosún Frongoch
Príosún Wandsworth
Príosún Woking
Douglas ffrench-Mullen
Noel Lemass

Cur Síos

San eagrán seo de Cothrom an Lae tugtar tuairisc ar an tréimhse a chaith Seán T. Ó Ceallaigh (Uachtarán na hÉireann 1945-1959) sa phríosún tar éis Éirí Amach na Cásca 1916. Cuireadh i mBeairic Mhíleata ar dtús é ar chúl Chaisleán Átha Cliath. Bhí comhluadar maith ann, ina measc bhí an Cunta Pluincéad agus Noel Lemass, ach ní raibh an bia go maith (tae agus brioscaí crua). An mhaidin dár gcionn, máirseáladh go Beairic Richmond iad. Is anseo a bhí ceannaire ó na Royal Irish Rifles, a cheistigh cé acu a bhí leonta. Thug sé aire don triúr a bhí leonta – Seán T. Ó Ceallaigh, Noel Lemass agus Douglas ffrench-Mullen. Fear an-chineálta ab ea an ceannaire. Bhí aithne aige ar mhuintir Uí Cheallaigh agus dúirt sé go mbuailfeadh sé isteach chucu lena rá leo go raibh Seán beo. Chinntigh sé freisin go raibh na príosúnaithe in ann litreacha a sheoladh amach ón bpríosún. Tugadh Ó Ceallaigh os comhair Cúirt Mhíleata tar éis cúpla seachtain, agus ansin cuireadh go príosún Wandsworth, Londain, é. Chaith sé tréimhsí freisin i bPríosún Woking agus i bPríosún Frongoch, i measc príosúin eile, nó gur scaoileadh saor é oíche Nollag 1916. Dhá bhliain ina dhiaidh sin toghadh ina Theachta Dála é, agus bhí sé ina TD gur ceapadh ina Uachtarán ar Éirinn é 42 bliain ón lá ar craoladh an mhír seo.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ní Ghlinn, Áine

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

25-06-1987

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

19151

Fad

00:03

Clúdach Ama

24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
1945-1959: Seán T. Ó Ceallaigh mar Uachtarán na hÉireann
1882-1966: Seán T. Ó Ceallaigh

Láithreoir

Ní Ghlinn, Áine

Tagairt

Ní Ghlinn, Áine, Seán T. Ó Ceallaigh sa Phríosún (25/06/1987), 25-06-1987

Luaigh Mar

Ní Ghlinn, Áine, “Seán T. Ó Ceallaigh sa Phríosún (25/06/1987),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 19 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/15.