Comhad

Nollaig Ó Gadhra ag trácht ar an Athair Ó Gríofa (19/06/1986)

Dublin Core

Teideal

Nollaig Ó Gadhra ag trácht ar an Athair Ó Gríofa (19/06/1986)

Ábhar

An tAthair Mícheál Ó Gríofa
Cogadh na Saoirse
Frank Percy Crozier
An Chléir

Cur Síos

Tugann Nollaig Ó Gadhra tuairisc faoin Athair Ó Gríofa, a maraíodh i mBearna, Co. na Gaillimhe, i mí na Samhna, 1920. Bhí sé ar dhuine den bheagán sagart a maraíodh i gCogadh na Saoirse. Is cosúil gur dúnmharaíodh Ó Gríofa de bhrí go raibh sé ag feidhmiú mar shéiplíneach do na hÓglaigh (cé go raibh sagairt eile ag déanamh an rud céanna ag an am agus nár maraíodh iadsan). Bhí sé le dul go Meiriceá le fianaise a thabhairt i Washington faoi staid na tíre ag an am. Cuireann Ó Gadhra síos ar an tréimhse chorraitheach a bhí ann san am a fuair sé bás. I mí Dheireadh Fómhair d’eisigh na heaspaig ráiteas ag gearán faoina raibh ag tarlú sa tír agus ag cáineadh rialtas na Breataine. Bhásaigh Traolach Mac Suibhne an mhí sin ar stailc ocrais, agus maraíodh an poblachtánach Seán Treacy i mBaile Átha Cliath. Ag tús mhí na Samhna crochadh Caoimhín de Barra agus cuireadh James Daly chun báis san India. Bhí pobal na tíre in ísle brí. Lena linn seo ar fad, bhí an tAthair Ó Gríofa ag labhairt amach. Luann Ó Gadhra gur tugadh faoi shagairt roimhe sin chomh maith – bhí comhcheilg ann an leis Dr Fogarty, easpag Chill Dalua, a fheallmharú (é a chaitheamh isteach i mála agus é a ligean le sruth ionas nach bhfaighfí a chorp).

Déanann Ó Gadhra trácht ar [Frank Percy] Crozier, a bhí i gceannas ar na Cúntóirí (Auxiliaries) ag an am, agus a thug an bhróg do 20 ball den ghrúpa sin a bhí ag feidhmiú go mídhleathach. D’fhág Crozier Arm na Breataine nuair a chuala sé gur scaoileadh na saighdiúirí sin ar ais san Arm arís. Déanann Ó Gadhra iontas de nach bhfuil mórán eolais le fáil faoin Athair Ó Gríofa. Deir sé, cé gur labhair an chléir amach go láidir in aghaidh fhórsaí na Breataine nuair a fuair sé bás, go raibh na heaspaig ag rá laistigh de bhliain gur cheart ómós a bheith ag an bpobal do rialtas agus do dhlí na tíre.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Braonáin, Seosamh

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

19-06-1986

Cuiditheoir

Ó Gadhra, Nollaig

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

22324

Fad

00:46

Clúdach Ama

11/1920: Bás an Athar Uí Ghríofa

Láithreoir

Breathnach, Seán Bán

Tagairt

Ó Braonáin, Seosamh, Nollaig Ó Gadhra ag trácht ar an Athair Ó Gríofa (19/06/1986), 19-06-1986

Luaigh Mar

Ó Braonáin, Seosamh, “Nollaig Ó Gadhra ag trácht ar an Athair Ó Gríofa (19/06/1986),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 25 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/23.