Comhad

Seán Ó Conghaola ag trácht ar Chois Fharraige agus an Cogadh Mór (28/07/1989)

Dublin Core

Teideal

Seán Ó Conghaola ag trácht ar Chois Fharraige agus an Cogadh Mór (28/07/1989)

Ábhar

Arm na Breataine
Coinscríobh
An Cogadh Mór
Cogadh na mBórach
Cogadh na Saoirse
Na hÓglaigh
Ceannairc san India
Na Connaught Rangers
An Mianach ar an Lochán Beag
Sinn Féin

Cur Síos

Labhraíonn Seán Ó Conghaola, as Indreabhán, Co. na Gaillimhe, faoin saol i gConamara le linn an Chogaidh Mhóir agus Chogadh na Saoirse. Rugadh é i 1903, agus sa seanchas cois teallaigh chloiseadh sé scéalta uathu siúd bhí i gCogadh na mBórach. Ag an am, agus Sasana ag iarraidh fir óga a earcú, bhí daoine bocht, agus théadh siad áit ar bith le scilling a shaothrú. Bhí dhá bheairic i nGaillimh. Bhí ceann acu ag an droichead mór (the Shambles) agus ba é an Castle Barrack an ceann eile. Tógadh beairic na Rinne Móire idir 1880-1885. Ba iad na Connaught Rangers ba mhó a raibh caint orthu sa cheantar (We are the Connaught Rangers, the boys that felt no dangers…). Scaití d’fheicfeá buíon acu ag teacht, beirt ar bheirt, fir óga, 18-20 bliain d’aois, agus iad slachtmhar agus glan. Déanann Seán cur síos ar leith ar na ‘putties’ a bhíodh ar na saighdiúirí agus an bealach ar leith a bhí ann chun iad a cheangal.

Labhraíonn sé freisin faoi na bealaí earcaíochta a bhí ag an arm, go gceannóidís deoch d’fhir óga ag iarraidh iad a mhealladh isteach. Dá dtógfá an scilling bhí tú liostáilte, agus ní fhéadfá fágáil mura gceannódh do mhuintir amach thú ar dhá phunt. Cuimhníonn sé go maith ar an lá ar phléasc an mianach ar an Lochán Beag, lá breá samhradh a bhí ann agus é fós ar scoil. Chuir muintir na háite currach amach chun é a thabhairt i dtír, ag ceapadh go raibh luach leis an raic, ach shéid sé agus maraíodh naonúr. ‘German mine on the West Coast’ a bhí ráite san Independent faoin eachtra, ach mhaígh Ó Conghaola gur ceann de chuid na Breataine a bhí ann, agus gur ag iarraidh iad féin a chosaint a bhí meáin na bunaíochta.

Níor thaitin coinscríobh leis an bpobal, ach mheas Ó Conghaola nach raibh aon cheo acu in aghaidh na ndaoine a chuaigh in Arm na Breataine. Cuimhníonn sé go mbíodh an dream óg ag imirt spóirt in aice le séipéal an Chnoic (Indreabhán, Co. na Gaillimhe). Lá amháin tháinig an sagart amach chucu ag impí orthu dul chuig Aifreann ionas go ndéanfaí achainí ar Dhia nach dtógfaí in Arm ná in éadach Shasana iad. Nuair a thosaigh Sinn Féin ag neartú, deir Ó Conghaola go raibh náisiúnaithe ar nós an Dr Tomás Breathnach agus Ruairí Mac Easmainn ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dream óg. Ní mar sin a mhothaigh an seandream, a cheap gurb é rialtas Shasana a bhí ag tabhairt chuile rud dóibh. Chuaigh sé féin isteach sna hÓglaigh i 1919, ar ugach ó shagart poblachtánach ón gClochán. Pléann sé gunnaí, agus an chaoi ar fhoghlaim siad le gunnaí a láimhseáil. Deir sé gur an-ghunna a bhí i Mauserna nGearmánach, ach gur gunnaí bréige a bhí acusan. Bhíodh brathadóirí thart ag an am agus chaithfeá a bheith an-rúnda, agus an-chúramach. Pléann Seán Ó Conghaola an cheannairc san India, nuair a d’éirigh baill de na Connaught Rangers amach, agus labhraíonn sé faoin tionchar a bhí ag an éagóir a rinneadh orthu sa bhaile, dar leis. Bhí sé anuas ar bhunaíocht na Breataine, cé go ndúirt sé ‘Níor mhaith liom an tír thall a cháineadh …mar thugadar saothrú do na hÉireannaigh a chuaigh anonn ann….’ Ag deireadh an chláir, labhraíonn Seán Ó Conghaola faoi na hathruithe a tháinig ar an tír, go háirithe le teacht an oideachais.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Feiritéar, Breandán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

28-07-1989

Cuiditheoir

Ó Conghaola, Seán

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

31535

Fad

00:31

Clúdach Ama

28/07/1914-11/11/1918: An Cogadh Mór
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
18/07/1917: An Mianach ar an Lochán Beag
06/1920: Ceannairc san India

Láithreoir

Mac Giolla Choille, Breandán

Tagairt

Feiritéar, Breandán, Seán Ó Conghaola ag trácht ar Chois Fharraige agus an Cogadh Mór (28/07/1989), 28-07-1989

Luaigh Mar

Feiritéar, Breandán, “Seán Ó Conghaola ag trácht ar Chois Fharraige agus an Cogadh Mór (28/07/1989),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 29 Márta 2024, http://reabhloid.ie/items/show/32.