Comhad

Agallamh le Bríd Ní Loideáin (26/08/1975)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Bríd Ní Loideáin (26/08/1975)

Ábhar

Éamon de Valera
Pádraig Mac Piarais
Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh
Cogadh na Saoirse

Cur Síos

San eagrán seo den tsraith chlár Sé do Bheatha, cuirtear agallamh ar Bhríd Ní Loideáin (nó Bidí Conboy, nó Bidí Phatch Mhicil) a rugadh in 1899. Tá cónaí uirthi lena mac Tim i gCeapaigh na Creiche, os cionn Loch Measca, gar do Choill an tSiáin i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. Ba as Coill an tSiáin, Partraí, do Bhríd ó thús. Ba cheoltóir aitheanta a bhí inti – casann sí an bosca ceoil - agus is sa bhaile a d’fhoghlaim sí a cuid ceoil. Cuireann sí síos ar a saol sa cheantar. Bhíodh Éamon de Valera (‘fear tanaí, ard le srón fhada’) agus Sinéad de Valera ag teacht ar saoire go dtí an ceantar, agus ag tabhairt cuairte ar Choláiste Mhuire, scoil Ghaeilge áitiúil. Bhíodh Pádraig Mac Piarais thart freisin, cé nach bhfaca sí é. Labhraíonn sí faoi na Dúchrónaigh, agus cuimhníonn sí ar an luíochán mór le rá a tharla sa cheantar [luíochán Thuar Mhic Éadaigh is dócha]. Bhí beairic mhór ag an RIC sa cheantar agus lasadh é, agus tá sé tite i léig anois.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó hÉalaí, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

26-08-1975

Cuiditheoir

Ní Loideán, Bríd (Bidí Conboy)

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

31794

Fad

00:29

Clúdach Ama

21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse

Láithreoir

Ó hÉalaí, Seán

Tagairt

Ó hÉalaí, Seán, Agallamh le Bríd Ní Loideáin (26/08/1975), 26-08-1975

Luaigh Mar

Ó hÉalaí, Seán, “Agallamh le Bríd Ní Loideáin (26/08/1975),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 16 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/33.