Comhad

Agallamh le Séamus Mac Gearailt (16/11/1977)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Séamus Mac Gearailt (16/11/1977)

Ábhar

Na hÓglaigh
Corca Dhuibhne
Cogadh na Saoirse
Coláiste Phádraig
An Cogadh Cathartha
Traenáil agus Druileáil
Na Dúchrónaigh
Ginger O’Connell
An Sos Cogaidh

Cur Síos

Sa chlár seo labhraíonn Séamus Mac Gearailt, Óglach as Corca Dhuibhne, le Mícheál Ó Sé faoin saol ó dheas ó thús an Chogaidh Mhóir i leith. An chuimhne a bhí ag Mac Gearailt ná go raibh na héisc an-fhlúirseach aimsir an Chogaidh Mhóir agus go ndearna iascairí an cheantair an-airgead orthu. Bhí an rud céanna fíor faoi phraghas stoic. Labhair Mac Gearailt faoi cheathrar a rinne iarracht dul isteach sna póilíní, ach níor glacadh ach le duine amháin díobh mar nach raibh Béarla sách maith ag an triúr eile. D`fhan an fear ar glacadh leis san RIC go dtí an deireadh. Ba iar-mhairnéalach de chuid Chabhlach na Breataine, Jack Hartnett, a bhíodh ag druileáil na nÓglach i mBaile an Mhúraigh. Nuair a thosaigh an cogadh i 1914 liostáil roinnt d`Óglaigh an Daingin in Arm na Breataine, daoine as Sráid na nGall agus as Sráid Eoin. Ba chuimhin le Mac Gearailt teacht na nDúchrónach go dtí an Daingean. Bhí sé in ann dáta cinnte a chur leis - 14 Meán Fómhair 1920 - mar gheall gur fhág sé féin an baile ar an dáta céanna le bogadh go Baile Átha Cliath.

Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh arís i gColáiste Phádraig i mBaile Átha Cliath, áit ina rabhadar ag réiteach Óglach le bheith ina n-oifigigh. Fionnán Breathnach as Ciarraí agus Christie Macken as Gaillimh a thosaigh an chomplacht sa Choláiste. Thart ar dhuine is fiche uilig a bhí san aonad sin as chuile chearn den tír seachas lár tíre. Bhíodh leathlaethanta (ón gColáiste) acu tráthnóna agus bhíodar ag traenáil na laethanta sin. Ginger O`Connell agus Mattie McDonald a thraenáil iad. Nuair a tháinig an Sos Cogaidh i 1921 cuireadh na hÓglaigh as an gColáiste abhaile go dtí a gcuid Briogáidí féin. Chuir Eoin Ó Dufaigh agus Ginger O'Connell Mac Gearailt chuig Céad Bhriogáid Chiarraí (go gairid roimh an Sos Cogaidh) agus cuireadh Fionnán Breathnach chuig Tríú Briogáid Chiarraí, ionas go bhféadfaidís cabhrú leis an traenáil ina gceantair féin. Le teacht na síochána bunaíodh campaí ar fud an cheantair. Bhí an chéad champa a raibh baint aige leis i mBaile Thaidhg, agus is in Inse a cuireadh Campa an Daingin ar bun. Is mar ghrúpa a rinne Complacht Traenála na nÓglach i gColáiste Phádraig an cinneadh diúltú don Chonradh i 1921. Bhí Mattie McDonald in aghaidh an Chonartha freisin. Sula raibh a fhios ag Ginger O`Connell go raibh na hÓglaigh i Choláiste Phádraig tar éis diúltú don Chonradh tháinig sé ar cuairt chucu. Dúirt Mac Gearailt le O`Connell go raibh na hÓglaigh uilig sa gColáiste ag éirí as an gcogaíocht agus ag filleadh ar an múinteoireacht.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Sé, Mícheál

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

16-11-1977

Cuiditheoir

Mac Gearailt, Séamus

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

40678

Fad

00:30

Clúdach Ama

21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
14/09/1920: Teacht na nDúchrónach go dtí an Daingean
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha

Láithreoir

Ó Sé, Mícheál

Tagairt

Ó Sé, Mícheál, Agallamh le Séamus Mac Gearailt (16/11/1977), 16-11-1977

Luaigh Mar

Ó Sé, Mícheál, “Agallamh le Séamus Mac Gearailt (16/11/1977),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 29 Bealtaine 2024, http://reabhloid.ie/items/show/39.