Comhad

Agallamh le Peig Uí Riagáin (20/04/1981)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Peig Uí Riagáin (20/04/1981)

Ábhar

Cogadh na Saoirse
An RIC
Na Dúchrónaigh
An Rinn
Na hÓglaigh
Cumann na mBan
Airm i dtír

Cur Síos

Cuirtear agallamh sa chlár seo ar Pheig Uí Riagáin (1905-1999), as Baile na nGall, Co. Phort Láirge. Bhí sí gníomhach i gCumann na mBan agus chaith sí seal ag obair i mBaile Átha Cliath. Chaith sí tréimhse ar imirce i Meiriceá sna 1920í agus sna 1930í, ar nós roinnt poblachtánach eile, tar éis an Chogaidh Chathartha. D`fhill cuid acu, cosúil le Peig, nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht sna 1930í. Phós sí Déaglán Ó Riagáin a ghlac páirt sna hÓglaigh i rith Chogadh na Saoirse agus bhí sí ina hUachtarán ar chraobh na Rinne d`Fhianna Fáil. Labhraíonn sí faoina hóige sa cheantar (caithimh aimsire, cúrsaí scolaíochta), faoin nGaeilge sa cheantar, agus faoi Chumann na mBan agus na hÓglaigh i gceantar na Rinne i bPort Láirge. Cé nach raibh inti ach cailín trí bliana déag ag an am, bhí baint aici le Cumann na mBan. Bhí baint ag Cumann na mBan le rudaí difriúla: bailiú airgid, aire a thabhairt d`fhir a bhí ar a dteitheadh, agus teachtaireachtaí a thabhairt do dhaoine. Obair chontúirteach a bhí ann, ag taisteal timpeall san oíche gan solas, agus ba bheag nár maraíodh í uair amháin nuair a d`imigh sí thar aill sa dorchadas. Shábháil duine de na hÓglaigh í.

Pléitear an RIC san agallamh freisin. Sa Rinn, chuaigh fear áitiúil, Mícheál Breathnach, le fios a chur ar an RIC chuig achrann a bhí ar an mbaile. Ní raibh ach póilín amháin, Cárthach a bhí mar ainm air, sa bheairic ag an am, agus bhí a fhios aige go raibh Breathnach sna hÓglaigh. Chreid sé gur seift a bhí ann, ach bhí an Breathnach dáiríre. Scaoil sé le Breathnach tríd an bpána gloine a bhí os cionn an dorais. Mhair Breathnach roinnt seachtainí ina dhiaidh sin ach bhásaigh sé ar deireadh. Bhí an sáirsint áitiúil a bhí ar an RIC, Carroll, ar buile faoin méid a bhí tarlaithe ('Sáirsint ana-dheas ba ea é' a deir Peig). Dhíbir sé an Cárthach as a phost agus tugadh suas go dtí tórramh an Bhreathnaigh é go bhfeicfeadh sé céard a bhí déanta aige - ach níor scaoileadh isteach sa teach tórraimh é. In ainneoin seo, tríd is tríd, bhí caidreamh maith idir an RIC agus muintir na háite, dar le Peig, mar go raibh aithne acu ar a chéile. Bhí eisceacht amháin ann, dar léi, Ciarraíoch a bhí ag dul thart leis na Dúchrónaigh. Oíche amháin caitheadh agus goineadh óglach áitiúil, Déaglán Ó Riagáin. Bhí sé ar a bhealach le luíochán a réiteach nuair a chonaic na Dúchrónaigh é agus scaoil siad leis. D`fhan beirt de na hÓglaigh, Tom Hayes agus Mícheál Ó Curraoin, in éineacht le Déaglán Ó Riagáin. Bhí sé gortaithe go dona agus ag cailleadh fola. Chuir siad cóir leighis air agus d`iompair siad píosa fada é go dtí go raibh siad in áit shábháilte.

Déantar trácht san agallamh freisin ar na hiarrachtaí a rinne na hÓglaigh an córas stáit a scriosadh. Lasadh beairic an RIC sa Rinn lena chinntiú nach bhféadfaidís eolas a bhailiú. Bhí radharc acu ón mbeairic ar an gceantar uilig. Chomh maith leis sin, lasadh tithe na nGarda Cósta, a bhí ag tabhairt cúnaimh don RIC freisin, agus cuireadh an ruaig orthu. D`éirigh leis na hÓglaigh, le cúnamh ó na Gearmánaigh, gunnaí a thabhairt i dtír i gCeann Heilbhic i rith an tSosa Cogaidh i 1921.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ní Mhurchú, Áine

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

20-04-1981

Cuiditheoir

Uí Riagáin, Peig

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

40735

Fad

00:29

Clúdach Ama

21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
04/1922: Airm i dtír ag Ceann Heilbhic

Láithreoir

Ní Mhurchú, Áine

Tagairt

Ní Mhurchú, Áine, Agallamh le Peig Uí Riagáin (20/04/1981), 20-04-1981

Luaigh Mar

Ní Mhurchú, Áine, “Agallamh le Peig Uí Riagáin (20/04/1981),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 28 Márta 2024, http://reabhloid.ie/items/show/40.