Comhad

Agallamh le Brian Mac Suibhne (16/04/1988)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Brian Mac Suibhne (16/04/1988)

Ábhar

Arm na hÉireann
Na Gardaí Síochána
Na Connaught Rangers
Ceannairc san India

Cur Síos

Labhraíonn Brian Mac Suibhne (Barney Sweeney) faoina shaol san Arm agus sna Gardaí. Is ón Mhín Mhór, Tír Chonaill, dó agus chaith sé tréimhse sna hÓglaigh (Arm na hÉireann) sna 1930í. Chuaigh sé sna Gardaí i 1935 agus chaith sé seal i Leitir Móir, i gConamara. Is ar an gCeathrú Rua a chríochnaigh sé a sheal sna Gardaí, mar sháirsint, agus bhí cónaí air i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, nuair a taifeadadh an t-agallamh. Labhraíonn sé faoin traenáil a fuair sé, agus faoi na daoine a casadh air. Ina measc siúd, casadh Pat Wallace, ón bPointe ar an gCeathrú Rua, air [12:00] agus iad ag traenáil. Bhí Pat sna Connaught Rangers le linn a gceannairce san India. Déanann sé trácht freisin ar Ó Dálaigh [James Daly], ó Bhealach an Tirialaigh (Co. na hIarmhí), a cuireadh chun báis san India i 1920.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Conghaile, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

16-04-1988

Cuiditheoir

Mac Suibhne, Brian

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

15811

Fad

00:30

Clúdach Ama

28/06/1920: Ceannairc san India

Láithreoir

Ó Conghaile, Seán

Tagairt

Ó Conghaile, Seán, Agallamh le Brian Mac Suibhne (16/04/1988), 16-04-1988

Luaigh Mar

Ó Conghaile, Seán, “Agallamh le Brian Mac Suibhne (16/04/1988),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 20 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/5.