Comhad

Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988)

Ábhar

Cogadh na Saoirse
An Cogadh Cathartha
Máirtín Ó Cadhain
Na Dúchrónaigh

Cur Síos

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, déanann Tomás Ó Loideáin (Tom Mháirtín) as an Tuar beag sa Spidéal cur síos ar a shaol. Pléitear téamaí éagsúla ar nós poitín, an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain, agus na Dúchrónaigh agus iad ag dó tithe i rith Chogadh na Saoirse. I measc na nithe a phléitear, déanann sé trácht ar eachtra inar chaith na Dúchrónaigh buama isteach i dteach Mhíchíl Uí Dhroighneáin agus daoine fós istigh ann. Is beag meas a bhí aige ar na húdaráis áitiúla (an RIC) freisin - ‘Bhí cuid de na sean-phóilíos go dona’, dar leis. Cuimhníonn sé freisin ar an sos cogaidh, agus ar an gCogadh Cathartha. Is leis an abairt seo a leanas faoi Tom Mháirtín a chuireann an láithreoir, Seán Ó Conghaile, críoch leis an gclár: ‘Is minic a deir sé, agus é ar an mbicycle, go raibh an ghaoth ina aghaidh…bhuel tá súil againn go mbeidh an chóir aige an chuid eile dhá shaol’.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Conghaile, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

19-03-1988

Cuiditheoir

Ó Loideáin, Tomás

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

15813

Fad

00:30

Clúdach Ama

21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha

Láithreoir

Ó Conghaile, Seán

Tagairt

Ó Conghaile, Seán, Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988), 19-03-1988

Luaigh Mar

Ó Conghaile, Seán, “Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 29 Márta 2024, http://reabhloid.ie/items/show/6.