Comhad
Séamas Ó Riain as Baile na Cille (06/11/1983)
Dublin Core
Teideal
Séamas Ó Riain as Baile na Cille (06/11/1983)
Ábhar
Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
An Cogadh Cathartha
Saighdiúirí an tSaorstáit
Na Dúchrónaigh
An Cogadh Cathartha
Saighdiúirí an tSaorstáit
Cur Síos
Sa mhír seo, tá Seán Bán Breathnach i mbun comhrá le Séamas Ó Riain as Baile na Cille, in aice le Baile Locha Riach, Co, na Gaillimhe. Rugadh i 1913 é agus bhí sé ar an mbunscoil le linn aimsir na nDúchrónach. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla a tharla sa cheantar le linn an ama seo. Bhíodh eagla ar mhuintir an bhaile roimh na Dúchrónaigh agus ba mhinic a bhí orthu an teach a fhágáil ar fhaitíos go gcasfaidís leo. D’fheiceadh sé na Dúchrónaigh ag dul timpeall na háite ina gcuid leoraithe, agus déanann sé trácht ar fhear amháin a maraíodh nuair a caitheadh buama isteach ina theach ósta. Deir Séamas go raibh an saol crua nuair a bhí sé ina ghasúr mar go raibh cuirfiú i bhfeidhm ón 8pm, fiú i lár an tsamhraidh agus an ghrian ag taitneamh taobh amuigh. Tá cuimhne freisin aige ar an gCogadh Cathartha. Luann sé eachtra ar leith a tharla idir é agus saighdiúirí an tSaorstáit. Thógadar a mhadra (is cosúil go mbíodh na saighdiúirí sa tóir ar mhadraí ag an am) agus iad ag dul thar bráid lá amháin. Chuaigh sé suas ag an mbeairic ag fiosrú faoin madra. D’fhiafraíodar ainm an mhadra de, agus nuair dúirt sé gur Rebel a bhí air cuireadh an ruaig air. Ní bhfuair sé a mhadra ar ais uathu.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Breathnach, Seán Bán
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Dáta
06-11-1983
Cuiditheoir
Ó Riain, Séamus
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Teanga
ga
Cineál
Fuaim
Aitheantóir
22342
Clúdach Tíreolaíoch
Clúdach Ama
1919-1921: Cogadh na Saoirse
1922-1923: An Cogadh Cathartha
1922-1923: An Cogadh Cathartha
Láithreoir
Breathnach, Seán Bán
Tagairt
Breathnach, Seán Bán, Séamas Ó Riain as Baile na Cille (06/11/1983), 06-11-1983
Luaigh Mar
Breathnach, Seán Bán, “Séamas Ó Riain as Baile na Cille (06/11/1983),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 22 Nollaig 2024, http://reabhloid.ie/items/show/72.