Comhad

T.P. Ó Néill ag trácht ar Dhialanna Mhic Easmainn (29/03/1994)

Dublin Core

Teideal

T.P. Ó Néill ag trácht ar Dhialanna Mhic Easmainn (29/03/1994)

Ábhar

Ruairí Mac Easmainn
Dialanna Mhic Easmainn
Éirí Amach 1916

Cur Síos

Go gairid sular craoladh an mhír seo cuireadh dialanna Ruairí Mhic Easmainn ar taispeáint den chéad uair in Oifig na dTaifead Poiblí i Londain. Labhraíonn Seán Ó Cuirreáin le T.P. Ó Néill faoi na dialanna. Pléitear ábhar na ndialanna, fiafraítear ar scríobh Mac Easmainn iad nó ar cumadh iad, agus ceistítear cén úsáid a baineadh astu mar ábhar poiblíochta agus bolscaireachta. Rinne Rialtas na Breataine na dialanna, ina raibh cur síos ar eachtraí homaighnéasacha Mhic Easmainn iontu, a chraobhscaoileadh tar éis a ghafa i 1916. Rinneadh é seo chun droch-cháil a tharraingt ar Mhac Easmainn agus a chuid polaitíochta. Luaitear sa chomhrá an leabhar a d’fhoilsigh Peter Singleton-Gates i 1959 faoi na dialanna, agus an ról a bhí ag an Aimiréal Hall agus Basil Thompson á gcraobhscaoileadh.

Chuir an Rialtas na dialanna chuig an Róimh, ag súil go rachaidís i bhfeidhm ar an bPápa (Benedict XV). Cé go ndeachaigh na dialanna i bhfeidhm ar dhaoine éagsúla thar lear a thacaigh le cúis na bpoblachtánach in Éirinn, dar le T.P. Ó Néill nár chreid formhór mhuintir na hÉireann gur Mac Easmainn féin a scríobh na dialanna. Bhí sé seo amhlaidh le hÉamon de Valera, a cheap go raibh Mac Easmainn “ró-uasal” lena leithéid a scríobh. Luann T.P. Ó Néill go ndúirt Seán Moylan, Aire Oideachais le Fianna Fáil sna 1950í, leis gur chuma leis-sean an fíor nó bréagach a bhí na dialanna, ach gur náisiúnaí agus tírghráthóir a bhí i Ruairí Mac Easmainn.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Cuirreáin, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

29-03-1994

Cuiditheoir

Ó Néill, T.P.

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

24226

Clúdach Tíreolaíoch

Oifig na dTaifead Poiblí, Londain, Sasana

Clúdach Ama

21/06/1916-03/08/1916: Ruairí Mac Easmainn sa phríosún
29/03/1994: Dialanna Mhic Easmainn ar taispeáint gpoiblí

Láithreoir

Ó Ceallaigh, Tomás

Tagairt

Ó Cuirreáin, Seán, T.P. Ó Néill ag trácht ar Dhialanna Mhic Easmainn (29/03/1994), 29-03-1994

Luaigh Mar

Ó Cuirreáin, Seán, “T.P. Ó Néill ag trácht ar Dhialanna Mhic Easmainn (29/03/1994),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 26 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/73.