Comhad
Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta)
Dublin Core
Teideal
Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta)
Ábhar
Aindrias Ó Muineacháin
Conradh na Gaeilge
An Ghaeilge
An Cogadh Cathartha
Baile Ó Síoda
Conradh na Gaeilge
An Ghaeilge
An Cogadh Cathartha
Baile Ó Síoda
Cur Síos
Labhraíonn Aindrias Ó Muineacháin, údar agus bailitheoir béaloidis, le Mícheál de Mórdha. Rugadh Ó Muineacháin i nGaorthadh na Péice, Béal Átha an Ghaorthaidh, i 1905. Bhí dlúthbhaint aige leis an Oireachtas, agus bhí sé ina mhúinteoir taistil ar feadh na mblianta. Is í an Ghaeilge tar éis an Chogaidh Chathartha príomh-théama an agallaimh seo. Labhraíonn Ó Muineacháin faoi na hiarrachtaí a rinne an Stát nua-bhunaithe an Ghaeilge a mhúineadh i mbunscoileanna na tíre, agus na deacrachtaí a bhí acu de thoradh a laghad múinteoirí le Gaeilge a bhí ann ag an am. Nuair a cuireadh coláistí samhraidh ar bun le dul i ngleic leis an bhfadhb seo, deir sé go raibh droch-thionchar aige seo ar an nGaeilge sna ceantair ina raibh na coláistí sin, go háirithe timpeall ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Deir Ó Muineacháin go raibh iar-shaighdiúirí ón dá thaobh den Chogadh Cathartha ag freastal ar a chuid ranganna Gaeilge. Ina measc siúd bhí an t-aon duine a tháinig slán as an ainghníomh a tharla i mBaile Ó Síoda, taobh amuigh de Thrá Lí, i mí Márta 1923. Ceapann sé gur chuidigh na ranganna Gaeilge seo le hathmhuintearas a chothú idir daoine a bhí in aghaidh chéile sa Chogadh Cathartha. Pléitear Conradh na Gaeilge san agallamh freisin, agus an meath a tháinig ar an eagraíocht ó na 1920í ar aghaidh.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
de Mórdha, Mícheál
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Dáta
Gan Dáta
Cuiditheoir
Ó Muimhneacháin, Aindreas
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Teanga
ga
Cineál
Fuaim
Aitheantóir
39216
Naisc Ábhartha
Clúdach Tíreolaíoch
Clúdach Ama
1922-1923: An Cogadh Cathartha
Láithreoir
de Mórdha, Mícheál
Tagairt
de Mórdha, Mícheál, Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta), Gan Dáta
Luaigh Mar
de Mórdha, Mícheál, “Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 3 Nollaig 2024, http://reabhloid.ie/items/show/82.