Comhad

Agallamh le Peats Cháit Ó Flaithearta (11/11/1974)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Peats Cháit Ó Flaithearta (11/11/1974)

Ábhar

An Aud
Éirí Amach na Cásca
Máirseáil gTrá Lí

Cur Síos

Is cuid d’agallamh a rinneadh le Peats Cháit Ó Flaithearta ó Chlochar, Corca Dhuibhne é seo. Bhí Ó Flatharta sna hÓglaigh le linn thréimhse an Éirí Amach i 1916. Cuireann sé síos ar eachtra ar leith nuair a tháinig orduithe chucu le dul go Trá Lí le bualadh leis an Aud – long a bhí le gunnaí a thabhairt i dtír le cabhrú leis an Éirí Amach. D’fhág sé féin agus a chuid comrádaithe an baile agus shiúil siad go dtí an Daingean a bhí 10 míle uathu. Shroich siad an Daingean ag 4pm an tráthnóna sin. Bhí raidhfil agus piléir ag gach duine acu agus d’fhág siad an Daingean ag 11pm. Bhí an oíche fuar agus fliuch. Shiúil siad trasna na Conarach agus shroich siad Trá Lí ag 10am an mhaidin dár gcionn. Bhí siad tuirseach agus thug baill ó Chumann na mBan bia agus deoch dóibh. Ní raibh mórán eolais acu faoin méid a tharla don Aud, ach ba léir nach ndeachaigh rudaí mar ba chóir, agus ar deireadh fuair ordaíodh dóibh dul abhaile arís.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

(Léiritheoir in easnamh)

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

11-11-1974

Cuiditheoir

Ó Flaithearta, Pádraig (Peats Cháit)

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

40557

Clúdach Ama

1916: Éirí amach na Cásca
22/04/1916: Máirseáil chuig Trá Lí le bualadh leis an Aud

Láithreoir

(in easnamh)

Tagairt

(Léiritheoir in easnamh), Agallamh le Peats Cháit Ó Flaithearta (11/11/1974), 11-11-1974

Luaigh Mar

(Léiritheoir in easnamh), “Agallamh le Peats Cháit Ó Flaithearta (11/11/1974),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 19 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/83.