Comhad

Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta)

Dublin Core

Teideal

Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta)

Ábhar

Na hÓglaigh
Cogadh na Saoirse
Éirí Amach na Cásca
Seán a’Chóta
An Aud
Máirseáil gTrá Lí
Tomás Ághas
Risteárd Ó Maolchatha
Cath Chill Dhéagláin
Éamon de Valera

Cur Síos

Labhraítear anseo faoi shaol na nÓglach i gCorca Dhuibhne i gCogadh na Saoirse. Ba é Seán Caomhánach, nó Seán a’ Chóta mar a thugtaí air, a thraenáil na hÓglaigh. Is trí Ghaeilge a rinneadh an traenáil, cé go raibh Béarla aige freisin. Mar go raibh an t-iasc flúirseach ag an am, bhí airgead ag na hÓglaigh le púdar agus raidhfil – a chosain idir £6 agus £7 - an duine a cheannach. Bhídís ag máirseáil le Seán a’ Chóta timpeall Cheann Trá agus an Daingin. Cuimhníonn an t-agallaí ar an Lá Fhéile Pádraig ar tháinig Aibhistín de Staic, a bhí i gceannas ar bhuíon Chiarraí de na hÓglaigh, ón Daingean leis an bparáid a stiúradh. Is cosúil go raibh sé an-sásta leo. Rinne Cumann na mBan bricfeasta dóibh sa scoil ar an lá sin, agus chas beirt dheartháireacha (Halloran an t-ainm a bhí orthu) na píoba.

I measc na scéalta eile atá aige, déanann an t-agallaí cur síos ar an lá ar thugadar suas na gunnaí – ar fhógra ó Eoin Mac Néill chuig Seán a’ Chóta. Choinnigh an t-agallaí na piléir i bhfolach sa teach. Níos déanaí d’iarr sé ar an bhfear a tháinig in áit Sheán a’ Chóta (Cinnéideach a bhí ann) iad a thógáil uaidh mar gur fhág sé féin na hÓglaigh nuair a phós sé. Níor tógadh in am iad, agus is beag nár aimsigh na Dúchrónaigh na hurchair nuair a rinneadar ruathar ar an teach níos déanaí. Bheadh an t-agallaí gafa acu dá bhfeicfidís an púdar.

Tá cur síos freisin sa mhír fuaime [15:00] ar an tsiúlóid mhór i 1916, nuair a mháirseáil Óglaigh Pharóiste an Fheirtéaraigh isteach go Trá Lí le bualadh leis an Aud, a bhí ag tabhairt gunnaí i dtír. Labhraíonn ceathrar a ghlac páirt sa tsiúlóid sin faoin eachtra - Séamus Ó Dúbháin ón bhFearann, Séamas Máirtín agus Mícheál Ó Bric as na Gorta Dubha, agus Pádraig Ó Flaithearta as an gClochar.

Le críoch a chur leis an bpíosa fuaime tá píosa cainte faoi Thomás Ághas [22:17]. Déanann Caoimhín Ó Cinnéide, as Baile an Mhúraigh, cur síos ar an réabhlóidí úd. Insíonn sé go raibh ócáid chuimhneacháin ann d’Ághas i 1967 i bPáirc an Ághasaigh sa Daingean. D’fhreastail an tUachtarán de Valera agus Risteard Ó Maolchatha – a bhí i gCath Chill Dhéagláin in éineacht le Tomás Ághas i 1916 – ar an ócáid agus ba rud suntasach agus stairiúil a bhí ann nuair a chroitheadar lámh lena chéile. Casann an Cinnéideach amhrán a chum sé féin faoi Thomás Ághas ag deireadh an chláir.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

(Léiritheoir in easnamh)

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

Gan Dáta

Cuiditheoir

Ó Bric, Mícheál (Maidhc)
Ó Dubháin, Séamus
Ó Máirtín, Séamus

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

43259

Clúdach Ama

22/04/1916: Máirseáil go Trá Lí le bualadh leis an Aud
1916: Éirí Amach na Cásca
1967: Ócáid Chuimhneacháin do Thomás Ághas

Láithreoir

(in easnamh)

Tagairt

(Léiritheoir in easnamh), Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta), Gan Dáta

Luaigh Mar

(Léiritheoir in easnamh), “Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 22 Nollaig 2024, http://reabhloid.ie/items/show/86.