Comhad

Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983)

Dublin Core

Teideal

Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983)

Ábhar

An Seabhac
Pádraig Ó Siochfhradha
Na hÓglaigh

Cur Síos

Craoladh an clár seo faoi Phádraig Ó Siochfhradha (‘an Seabhac’), údar na leabhar Jimmy Mháire Thaidhg agus An Baile S'Againne, i measc foilseachán eile. Rugadh é i mBaile an Ghóilín, siar ón Daingean, in 1883 - 100 bliain sular craoladh an clár seo. D'oibrigh sé mar thimire Gaeilge agus mar bhailitheoir béaloidis. Bhí sé ina rúnaí ar Choimisiún na Lámhscríbhinní, ina chathaoirleach ar an gCumann le Béaloideas Éireann, agus bhí sé ina eagarthóir leis an nGúm agus le Comhlucht Oideachais na hÉireann freisin. Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Chomhairle Contae Chiarraí agus cheap Éamon de Valera ina Sheanadóir é. Bhí sé ina eagarthóir ar an Lóchrann agus rinne sé eagarthóireacht freisin ar leabhair Thomáis Uí Chriomhthain - Allagar na hInse agus An tOileánach. Bhí sé sna hÓglaigh ó bunaíodh iad (i 1913) agus bhí sé ina chaptaen ar an 5ú Cathalán de Bhriogáid Chorca Dhuibhne. Bhí sé i ngéibheann idir 1918 agus 1922.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Féirtéar, Breandán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

05-04-1983

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

41450

Clúdach Ama

1883-1964: Pádraig Ó Siochfhradha

Láithreoir

Feiritéar, Breandán

Tagairt

Féirtéar, Breandán, Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983), 05-04-1983

Luaigh Mar

Féirtéar, Breandán, “Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 20 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/85.