Comhad

Neans Uí Shúilleabháin ag trácht ar a hathair, Pádraig Ó Loinsigh (18/08/2003)

Dublin Core

Teideal

Neans Uí Shúilleabháin ag trácht ar a hathair, Pádraig Ó Loinsigh (18/08/2003)

Ábhar

An Cogadh Cathartha
Pádraig Ó Loinsigh
Arm an tSaorstáit
Dorothy Macardle

Cur Síos

Labhraíonn Neans Uí Shúilleabháin, ón nGleann i gCiarraí Theas ó dhúchas, le Máire Ní Chéilleachair. Tá Neans pósta ar Oileán Dhairbhre agus tá a saol caite aici ag múineadh ann. Bhí a máthair i gceannas ar Chumann na mBan sa cheantar, agus feirmeoir ba ea a hathair. Maraíodh é sa Chogadh Cathartha i 1922 nuair nach raibh ach ina leanbh óg bliain d’aois.

Bhí a hathair, Pádraig Ó Loinsigh, sna hÓglaigh, agus chuaigh sé le taobh de Valera nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha. Bhí saighdiúirí an tSaorstáit sa tóir air, agus cé gur éalaigh sé uathu uair amháin nuair a tháinig siad chuig an teach i Maoroisc, níor éirigh leis éalú uathu an dara huair. Scaoil siad leis sa teach an oíche sin agus maraíodh é. D’iarr máthair Neans ar na saighdiúirí fios a chur ar an sagart. Thosaíodar go léir ag magadh fúithi – ‘A priest for a dead man?’ a dúradar – seachas saighdiúir amháin, a thosaigh ag caoineadh. Tá cuntas faoin eachtra sa leabhar Tragedies of Kerry a scríobh Dorothy Macardle. Déantar trácht sa leabhar ar Neans, a bhí bliain d’aois, ag iarraidh a hathair a dhúiseacht, agus a chuid fola ag sileadh ar an urlár.

Blianta ina dhiaidh sin bhí deartháir céile le máthair Neans in ospidéal Chathair Saidhbhín. Nuair a thug sí cuairt air, bhreathnaigh sí ar an bhfear sa leaba in aice leis, agus d’aithin sí gur duine de na fir a mharaigh a fear céile a bhí ann. Bhí ionadh ar na daoine sa seomra nuair a labhair sí leis. Bhí aithne ag a máthair orthu siúd a mharaigh a fear céile, agus bhí Neans í féin mór le clann na bhfear sin. Dar léi, ní ar ghasúir na bhfear a bhí milleán. Ach dúirt sí lena clann féin gan aon bhaint a bheith acu leis an bpolaitíocht.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ní Chéilleachair, Máire

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

18-08-2003

Cuiditheoir

Uí Shúilleabháin, Neans

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

46887

Clúdach Ama

1922-1923: An Cogadh Cathartha
30/11/1922: Maraíodh Pádraig Ó Loinsigh

Láithreoir

Ní Chéilleachair, Máire

Tagairt

Ní Chéilleachair, Máire, Neans Uí Shúilleabháin ag trácht ar a hathair, Pádraig Ó Loinsigh (18/08/2003), 18-08-2003

Luaigh Mar

Ní Chéilleachair, Máire, “Neans Uí Shúilleabháin ag trácht ar a hathair, Pádraig Ó Loinsigh (18/08/2003),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 29 Márta 2024, http://reabhloid.ie/items/show/88.