Comhad

Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #2 (03/09/1975)

Dublin Core

Teideal

Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #2 (03/09/1975)

Ábhar

Éamon de Valera
James Craig
An Tuaisceart
An Ghaeilge

Cur Síos

I gcuid a dó (tá cuid a haon [anseo]) de chur síos Ghearóid Uí Thuathaigh ar shaol agus ar shaothar Éamon de Valera, díríonn an staraí ar an tréimhse ina shaol ó Bhealtaine 1923 ar aghaidh. Is ag an am sin a thug sé an t-ordú do na poblachtaigh a gcuid arm a chaitheamh uathu agus deireadh a chur leis an gCogadh Cathartha. Pléitear an scoilt le Sinn Féin i 1926, agus go raibh mianta Fhianna Fáil — teanga, talamh agus eacnamaíocht — ag teacht le fís Airt Uí Ghríofa. Labhraíonn Ó Tuathaigh faoi dhílseacht a lucht leanúna — sheas a chairde móra leis i gcónaí, daoine ar nós Frank Aiken, Seán Mac an tSaoi, Seán Lemass, Paddy Smith, Erskine Childers Óg, agus Seán T. Ó Ceallaigh. Ba dhaoine láidre, neamhspleácha a bhí iontu seo nár cheistigh go poiblí é, agus léiriú ba ea é seo ar an gcaoi ar thug de Valera daoine leis, ar a charasma, agus ar an meas a bhí acu air.

Thóg de Valera an mhóid dílseachta i 1927. Pléann Ó Tuathaigh an caidreamh a bhí idir é agus an tIRA — mar Thaoiseach i 1932 bhí sé dian orthu — agus an ghráin a bhí acu air, níos mó fiú ná ar an Saorstát féin. Maidir leis na Sé Chontae, ba léir nár thuig James Craig agus de Valera a chéile, nó sin nach raibh de Valera in ann aon fhriotal a aimsiú ina chuid cumarsáide a rachadh i gcionn ar Craig. Ina pholasaí i leith an Tuaiscirt, d’fhéach sé ar an tír mar aonad tíreolaíochta, seachas mar phobal, agus bhí sé seo le feiceáil ina chuid meafar (four green fields mar shampla). Mar thoradh air seo, níor thug sé dóthain airde ar mheon aontachtaithe Uladh. Síleann Ó Tuathaigh gur chuir de Valera an dualgas ar an mBreatain ceist an Tuaiscirt a réiteach, ar bhealachm, mar gur fadhb na Breataine a bhí inti.

Bhí grá aige don Ghaeilge, agus ba chuid bhunúsach dá phearsantacht mar Éireannach an teanga a bheith aige. Ach, le hais cúrsaí bunreachtúla agus geilleagracha, níor tháinig gníomh ceart uaidh le réabhlóid teanga a chur ar bun. Deir Ó Tuathaigh go raibh go leor den reitric bhréagchráifeach i gceist – cur síos ar an idéal Éireannach nuair a bhí báid lán le daoine ag imeacht ar imirce — seachas gníomh praiticiúil.

Déantar codarsnacht sa léacht idir de Valera agus Seán Lemass, a tháinig i gcomharbacht air mar Thaoiseach. Labhraítear, ag deireadh na míre, faoi chreideamh Caitliceach de Valera. Maíonn Ó Tuathaigh gur raibh dílseacht agus cráifeacht ina chreideamh pearsanta féin, ach gur thuig sé freisin, mar phoblachtánach, gur bhain sé le traidisiún a bhí neamhspleách ar an Eaglais siar chomh fada le 1798.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Tuairisg, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

03-09-1975

Cuiditheoir

Ó Tuathaigh, Gearóid

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

49289

Clúdach Ama

14/10/1882-29/08/1975: Éamon de Valera

Láithreoir

Ó Tuairisg, Seán

Tagairt

Ó Tuairisg, Seán, Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #2 (03/09/1975), 03-09-1975

Luaigh Mar

Ó Tuairisg, Seán, “Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #2 (03/09/1975),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 25 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/90.