Comhad

T.P. Ó Néill ag caint faoi Sheán Mac Diarmada (Gan Dáta)

Dublin Core

Teideal

T.P. Ó Néill ag caint faoi Sheán Mac Diarmada (Gan Dáta)

Ábhar

Seán Mac Diarmada
Bulmer Hobson
Conradh na Gaeilge
Clubanna Dungannon
An IRB
Sinn Féin
Tomás Ó Cléirigh
Irish Freedom
Éirí Amach na Cásca
Na hÓglaigh
Arm Cathartha na hÉireann

Cur Síos

Labhraíonn an staraí, T.P. Ó Néill, le Breandán Feiritéar faoi Sheán Mac Diarmada. Deir sé leis nach bhfuil an oiread céanna eolais againn faoi Mhac Diarmada agus atá faoi shínitheoirí eile an Fhorógra. Fear rúnda ba ea é, agus níor fhág sé féin mórán páipéar ina dhiaidh. Rugadh sa Chorrán Mór, ina aice le Coillte Clochair i gCo. Liatroma, é in 1884, ach ní fios cén dáta breithe a bhí aige. Chuaigh sé ar imirce go Glaschú na hAlban nuair a bhí sé 16 bliana d’aois, agus is ann a d’oibrigh sé mar gharraíodóir agus mar fhear ticéad ar thramanna na cathrach. Nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois thaistil sé go Béal Feirste. Is sa chathair sin a chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, a fuair sé a chuid scolaíocht iar-bhunscoile, agus a spreagadh suim ann sa náisiúnachas. Is i mBéal Feirste freisin a bhuail sé le Bulmer Hobson, eagraí i Chlubanna Dhún Geanainn, a bhí ag craobhscaoileadh an phoblachtánachais i gCúige Uladh in éineacht le Bráithreachas na Poblachta (an IRB).

Chuaigh Mac Diarmada leis an IRB i 1906 agus le Sinn Féin i 1907. Rinneadh ‘eagraí’ de i Sinn Féin (ar 30 scilling in aghaidh na seachtaine) agus bhunaigh sé cumainn de chuid an pháirtí sin ar fud na tíre. Bhí sé cairdiúil le Tomás Ó Cléirigh (Tom Clarke), a chaith a shaol ag obair le John Devoy i Meiriceá agus leis an IRB in Éirinn ag iarraidh éirí amach a thosú. Ba léir go raibh Mac Diarmada, freisin, ag iarraidh go mbeadh réabhlóid ann chomh maith ó thús an chéid. Bhí siopa ag Tomás Ó Cléirigh i mBaile Átha Cliath, áit inar cuireadh an iris Irish Freedom in eagar, agus bhí Mac Diarmada mar bhainisteoir ar an bhfoilseachán úd.

Bhí sé ciúin ach gealgháireach, más fíor dá chara, Seán T. Ó Ceallaigh, ina chuimhní cinn. Fágadh Mac Diarmada bacach nuair a bhuail póilió é i 1912. Mar thoradh air seo, cé go raibh sé sna hÓglaigh, ní raibh sé in ann páirt a ghlacadh i dtraenáil mhíleata na heagraíochta. In ainneoin seo, bhí ról lárnach aige in eagar a chur ar na hÓglaigh agus iad a ghríosadh. Chuir sé aithne ar Shéamas Ó Conghaile i mBéal Feirste, agus ba eisean an nasc idir na hÓglaigh agus Arm Cathartha na hÉireann (an ICA).

Is in Ard-Oifig an Phoist a bhí sé le linn an Éirí Amach i 1916, agus tógadh go Beairic Richmond é nuair a gabhadh é. Bhíothas réidh chun é a chur go Sasana mar phríosúnach nuair a d’aithin bleachtaire ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath é. Is mar gheall air seo a bhí sé ar cheann de na ceannairí deiridh a cuireadh chun báis, ar an 12 Bealtaine 1916 - an lá céanna le Ó Conghaile. Dar le T.P. Ó Néill, eagraí maith ba ea Mac Diarmada, ach bhí an rúndacht go smior ann. D’fhéadfadh sé, de bhrí sin, go ndeachaigh Mac Diarmada i bhfeidhm ar Phádraig Mac Piarais nuair a bhí an Piarsach ag ceilt eolais ar Eoin Mac Néill. Cheap Mac Diarmada gur raibh Mac Néill béalscaoilte. Murach seo, b’fhéidir go mbeadh rath ar an Éirí Amach.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Féiritéar, Breandán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

Gan Dáta

Cuiditheoir

Ó Néill, T.P.

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

41053

Clúdach Ama

1916: Éirí Amach na Cásca
1884-1916: Seán Mac Diarmada
12/05/1916: Seán Mac Diarmada curtha chun báis

Láithreoir

Feiritéar, Breandán

Tagairt

Féiritéar, Breandán, T.P. Ó Néill ag caint faoi Sheán Mac Diarmada (Gan Dáta), Gan Dáta

Luaigh Mar

Féiritéar, Breandán, “T.P. Ó Néill ag caint faoi Sheán Mac Diarmada (Gan Dáta),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 26 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/84.