Gearóid Ó Tuathaigh

An tÉirí Amach i mBaile Átha Cliath agus i gCo. na Gaillimhe (06/04/1972)

Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, léachtóir le stair ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, léacht ghearr ar Éirí Amach na Cásca i 1916. Díríonn sé ar ar thit amach i mBaile Átha Cliath, agus in oirthear Chontae na Gaillimhe ach go háirithe. Labhraíonn sé faoi ghníomhaíochtaí na reibiliúnach in Órán Mór, i mBaile Átha an Rí, agus i nDroichead an Chláirín. Pléann sé tionchar an Éirí Amach, agus an t-athrú meoin a tháinig ar phobal na tíre nuair a cuireadh timpeall 1800 i ngéibheann agus nuair a cuireadh na ceannairí chun báis.

Labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh le Breandán Feiritéar faoi bheirt a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach na Cásca 1916, Éamonn Ceannt agus Tomás Kent.

Tá an comhrá seo tras-scríofa thíos:

Gearóid Ó Tuathaigh: Beirt a bhí óg, duine acu tríocha cúig a bhí aige agus fear eile ní raibh an leathchéad bainte amach aige agus cuireadh chun báis iad beirt i ndiaidh Éirí amach na Cásca agus díreach taca an ama seo a cuireadh chun báis iad. An bheirt atá i gceist agam ná Éamonn Ceannt, an duine is clúití díobh b’fhéidir, den bheirt, fear a rugadh i nGleann an Mhadaidh i gContae na Gaillimhe ar an 21ú lá Meán Fómhair 1881. Fuair sé oideachas ansin i scoil náisiúnta áitiúil agus ina dhiaidh sin chuir na Bráithre Críostaí oideachas air i mBaile Átha Cliath, North Richmond Street, agus ina dhiaidh sin arís chaith sé tréimhse ag staidéar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach ansin mar chléireach, fuair sé post ar fhoireann Bhardas Bhaile Átha Cliath agus sa mbliain 1900 díreach agus é naoi mbliana déag d’aois chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus rinne sé an-dul chun cinn. Agus ní fada go raibh sé ina mhúinteoir ag an gConradh agus bhí ranganna aige agus toghadh é arís agus arís eile mar bhall den ardchomhairle. Anois ceann de na rudaí ba suntasaí faoi, an cheoltóir ab ea é, ár ndóigh, ar na píopaí uillinn. Agus chuaigh sé in éineacht le grúpa lúthchleasaithe as Éirinn a chuaigh chun na Róimhe in ómós don Phápa díreach ag tús na haoise seo. An Pápa a bhí ann ag an am, Pius a Deich bhí iubhaile aige agus chuaigh grúpa lúthchleasaithe as Éirinn chun na Róimhe in ómós dó. Agus in éineacht leo chuaigh Éamon Ceannt agus é feistithe amach, mar a déarfá, sa chulaith a bhí ann ag an am, agus san kilt agus gach ní aige agus sheinn sé foinn na hÉireann ar na píopaí uillinn don Phápa féin, ar iarratas ón bPápa. Agus seo é an pictiúr de is coitianta a feictear sna leabhair. An pictiúr de feistithe suas agus é ag seinm don Phápa.

Breandán Feiritéar: Cuireann sé sin i gcuimhne dom Tomás Ághas.

Gearóid Ó Tuathaigh: Sin díreach é. Bhuel bhí a lán acu ag an am ag gabháil don rud sin, an dtuigeann tú, bhíodar ag plé le cúrsaí teanga agus cúrsaí ceoil agus le cúrsaí polaitíochta chomh maith mar sa bhliain 1908, chuaigh Éamonn Ceannt le Sinn Féin agus go gairid ina dhiaidh sin, tugadh isteach é mar bhall den chumann rúnda, an IRB, agus toghadh é ina bhall de choiste na nÓglach nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna 1913. Agus bhí baint thábhachtach aige leis na gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair i mí Iúil i 1914. Anois bhí sé páirteach in Éirí Amach 1916, ár ndóigh, ba é a bhí ina cheannfoirt in san South Dublin Union sa bhliain 1916, agus bhí sé ar na daoine a shínigh Forógra na Cásca, is mar gheall air sin is mó a bheadh cuimhne ar na daoine in Éirinn air. Cuireadh triall air sa chúirt airm ina dhiaidh sin ár ndóigh i ndiaidh an Éirí Amach. Daoradh chun báis é agus scaoileadh é, sé sin le rá cuireadh chun báis é le gunnaí i bpríosún Chill Mhaighneann an t-ochtú lá de Bhealtaine 1916. Anois, an fear eile den sloinne céanna, is coitianta go n-úsáidtear leagan Béarla den sloinne agus is é sin Thomas nó Tomás Kent. Tá cúpla rud spéisiúil faoin bhfear seo. An rud b’fhéidir is tábhachtaí ná gurbh é an t-aon duine a bhí bainteach, d’fhéadfá a rá le hÉirí Amach 1916 a cuireadh chun báis taobh amuigh do Bhaile Átha Cliath. Sé sin gur cuireadh ar a thriail é agus gur cuireadh chun báis é taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. br> Anois teaghlach an-náisiúnta ab ea an teaghlach áirithe seo lenár bhain sé, agus bhí sé féin agus deartháireacha leis páirteach ins sna hÓglaigh agus bhíodar ag súil le horduithe um Cháisc 1916. Agus d’fhanadar ag baile ag súil leis na horduithe go dtí gur tháinig an RIC, scata díobh mórthimpeall ar an teach agus thimpeallaigh siad an teach. An áit inar chónaigh siad, dála an scéil, ná Caisleán Uí Liatháin i gContae Chorcaí. Agus tharla scliúchas ansin agus gortaíodh cuid de dheartháireacha Thomas Kent ach in san scliúchas maraíodh póilín amháin, fear darb ainm William Roe. Agus ina dhiaidh, ár ndóigh, gabhadh an teaghlach ar fad agus is spéisiúil an rud a tharla dóibh ar fad, tabharfaidh mé an liosta duit. Liam, cuirim i gcás, deartháir amháin le Thomas Kent, cuireadh i bpríosún é i bpríosún Chorcaí ach cuireadh ar a thriail é agus fuaireadh neamhchiontach é, sé sin níor gearradh aon téarma fada air. Daithí, an deartháir eile, bhí seisean gortaithe in san choimhlint, gabhadh é agus daoradh chun báis é ach bhí sé i ndrochchaoi ceart ó thaobh na sláinte de agus mar sin cuireadh an bás ar athló nó cuireadh siar é. Ina dhiaidh sin, socraíodh nach gcuirfí chun báis é ach go ngearrfaí téarma príosúin air. Príosún lena bheatha a bhí gceist i gceann amháin ach ina dhiaidh sin scaoileadh amach é nuair a bhí an amnesty ann i lár na bliana 1917, i mí an Mheithimh. Ansin Risteard, deartháir eile de Thomas Kent, bhí seisean gortaithe go dona in san eachtra sin agus fuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin ar an gceathrú lá de Bhealtaine 1916 in san ospidéal i Mainistir Fhear Maí. Agus maidir le Tomás féin, bhí seisean ar a theitheadh agus é ag iarraidh na cosa a thabhairt leis nuair a tháinig an póilín seo, William Roe, air agus scaoil sé é agus fuair Roe bás. Gabhadh Tomás Kent, agus cuireadh i bpríosún é. Agus daoradh chun báis é agus scaoileadh é i mbeairic na saighdiúirí i gCorcaigh ar an naoú lá de Bhealtaine 1916. Anois, tá sé ráite ina thaobh gur iarr sé nach Éireannach a scaoilfeadh é, pé duine eile a scaoilfeadh é, pé duine eile a mharódh é, d’iarr sé go speisialta nach ndéanfadh Éireannach ar bith é agus ní fios cé acu ar tugadh aird ar a iarratas nó nár tugadh.

San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh faoin bpoblachtánach agus an sóisialach, Frank Ryan, a rugadh i gCo. Luimnigh i 1902. D’fhreastail sé ar Ollscoil Bhaile Átha Chliath agus bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach. Clúdaítear a thréimhse san IRA, an ról a bhí aige mar eagarthóir ar An Phoblacht, agus an Chomhdháil Phoblachtach - an eagraíocht a bhunaigh Ryan in éineacht le Peadar Ó Dónaill agus George Gilmore i 1934. Throid sé i gcogadh cathartha na Spáinne (1936-1939) agus d’imigh uaidh sin chun na Gearmáine. Bhásaigh sé de bharr eitinne in Dresden na Gearmáine sa bhliain 1944.

Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar chomóradh 1976 (29/04/1976)

Sa mhír seo, labhraíonn Seán Ó Tuairisg faoin mórshiúl a d’eagraigh Sinn Féin agus na Sealadaigh ar Shráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, in Aibreán na bliana 1976, mar chomóradh 60 bliain ar Éirí Amach na Cásca. D’fhógair rialtas an lae go raibh an mórshiúl mídhleathach, agus ag an ócáid roinn an Dr. David Thornley, Teachta Dála le páirtí an Lucht Oibre, ardán le Ruairí Ó Brádaigh agus Daithí Ó Conaill, baill de Shinn Féin. Sa mhír chéanna, labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh, léachtóir le stair i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe [OÉ Gaillimh], faoi chomhthéacs na heachtra. Fiosraíonn sé na haidhmeanna a bhí ag na Sealadaigh a bhí ag máirseáil, an fáth ar fógraíodh go raibh an ócáid mídhleathach, agus céard í an chéad chéim eile don rialtas. Maíonn Ó Tuathaigh gur mhothaigh na Sealadaigh gur ag tabhairt ómóis do laochra na Cásca a bhí siad agus á gcur féin chun cinn mar oidhrí pholaitíochta na laochra sin. Ceistíonn sé freisin an ndeachaigh an rialtas thar fóir agus iad ag iarraidh cosc a chur leis an bparáid. Mar thoradh ar an eachtra, díbríodh David Thornley ó pháirtí parlaiminte an Lucht Oibre agus fuair an Dr Cruise-O’Brien an lámh in uachtar sa pháirtí. Chomh maith leis sin, cuireadh le próifíl na Sealadach ó dheas agus ba dhearbhú é an mórshiúl i súile na n-aontachtach ó thuaidh go raibh tacaíocht ag na Sealadaigh sa Phoblacht.

Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar Éirí Amach na Cásca (22/04/1976)

Sa chlár seo (An tSeachtain Seo), a craoladh ar an 22 Aibreán 1976, labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh le Seán Ó Tuairisg faoi Éirí Amach na Cásca. Pléitear comhthéacs an Éirí Amach, an Bille Rialtais Dúchais, cuspóirí na gceannairí i 1916, olltoghchán 1918 agus an Chéad Dáil, agus traidisiún an Phoblachtachais.

 

Gearóid Ó Tuathaigh agus Liam Ó Dochartaigh (Gan Dáta)

Sa chlár seo, [0:00 to 14:27] tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caint le Breandán Feiritéar faoi Éirí Amach na Cásca, faoi choincheap na híobairte agus faoi thionchar an Éirí Amach ar stair na tíre. Déanann an láithreoir iontas go bhfuil a laghad staidéir agus taighde déanta ar an Éirí Amach in Éirinn, i gcomparáid le réabhlóidí eile (réabhlóid na Fraince, mar shampla). Ina dhiaidh sin, pléann Liam Ó Dochartaigh an tÉirí Amach, agus díríonn sé ar dhá thaifead scríofa a d’fhág Tomás Bairéad agus Colm Ó Gaora. Léann sé amach an cur síos fileata a rinne an Gaorach ar Sheán Mac Diarmada nuair a casadh dó é ag an Oireachtas i nGaillimh i 1913. Labhraíonn sé faoi na difríochtaí idir na hÓglaigh sa chathair agus na hÓglaigh sa chontae. I 1913 bhí cruinniú i Halla na Cathrach i nGaillimh le díorma de na hÓglaigh a bhunú i gceantar na Gaillimhe. Bhí an Piarsach agus Ruairí Mac Easmainn ann – ach ní mórán Óglach a bhí i láthair le hais cruinniú mór a d’eagraigh Liam Ó Maoilíosa i mBaile Áth an Rí inar measadh go raibh os cionn 800 duine ann. Murach Óglaigh an cheantair sin agus na nparóistí eile thart timpeall, ní bheadh Éirí Amach ar bith ann i nGaillimh.

Labhraítear faoin Éirí Amach siar ó chathair na Gaillimhe. Cé nach raibh captaen ar Óglaigh Mhaigh Cuilinn - mar gur gabhadh an ceannaire, Marcus de Búrca, nuair a chuadar ag máirseáil Lá Fhéile Pádraig na bliana sin – bhí a gcuid orduithe tugtha dóibh. Bhí siad leis an mbeairic (agus na gunnaí laistigh), teach an phoist agus stáisiún na traenach a thógáil ar lámh, agus bualadh le hÓglaigh an Spidéil agus Bhearna i gcathair na Gaillimhe. Ansin bhí siad le beairic na ‘bPeelers’ ar Shráid Eglinton a thógáil, chomh maith le beairic Shráid Dominic agus Beairic an Airm ar an Rinn Mhór. Bhí orthu dul go Baile Átha Luain ansin. Ceaptar nár tharla mórán i gConamara, le hais cheantar an Eachréidh, mar, toisc an caidreamh a bhí ag an bPiarsach le Ros Muc agus Conamara, bhí Óglaigh an Ghaoraigh faoi cheannas an Phiarsaigh agus Liaim Uí Mhaoilíosa. Déanann Liam Ó Dochartaigh cur síos freisin ar an gcaoi ar chaith Colm Ó Gaora maidin an Éirí Amach.

Leacht Uí Thuathaigh ag Oireachtas 1976 (02/09/1976)

Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, staraí, léacht faoi Éirí Amach na Cásca ag Oireachtais 1976. Déanann sé comparáid idir comóradh an leathchéid, i 1966, agus an comóradh - nó a laghad comórtha – atá á dhéanamh i 1976. Maíonn sé go bhfuiltear anois ag ceistiú an Éirí Amach agus ceannairí an Éirí Amach agus á luchtú. Deir sé go mbreathnaítear orthu anois mar fhir uaisle ach nach raibh sé indéanta na cuspóirí a bhí acu a bhaint. Labhraíonn sé faoi chúlra an Éirí Amach, faoin tacaíocht a bhí á tabhairt ag Parlaimint na Breataine don Rialtas Dúchais agus faoi dhearcadh na n-aontachtaithe i gCúige Uladh ina leith seo. Pléitear Óglaigh na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann (ICA), agus a mbunaitheoirí, a bhí ag maíomh nach raibh siad ach ag aithris ar Óglaigh Uladh agus an UVF sa tuaisceart. Dar le Ó Tuathaigh, bhí trí phríomh-ghné ag baint le hidé-eolaíocht an Éirí Amach – aisling Uí Chonghaile, aisling an Phiarsaigh, agus an sean-chreideamh Fíníneach. Cé go raibh lorg Uí Chonghaile ar Fhorógra na Poblachta, maíonn Ó Tuathaigh gur doiciméad Fíníneach a bhí ann – agus nach raibh aon cheo faoi shóisialachas Uí Chonghaile ná faoi réabhlóid chultúrtha an Phiarsaigh san Fhorógra.

Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #1 (03/09/1975)
Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #2 (03/09/1975)

Déanann Gearóid Ó Tuathaigh, a bhí mar léachtóir le stair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, cur síos ar shaol agus ar shaothar Éamon de Valera, a rugadh i Nua-Eabhrac in 1882. Chuaigh a mháthair, Caitríona Ní Cholla as Brú Rí i gCo. Luimnigh, go Meiriceá in 1879. Is ann a phós sí Juan Vivion de Valera, ealaíontóir as an Spáinn, in 1881. Rugadh Éamonn de Valera bliain ina dhiaidh sin. Cláraíodh mar George de Valera é ar dtús, agus ansin Edward, in ómós d’uncail Chaitríona a thaistil léi go Meiriceá. Bhásaigh Juan Vivion de Valera in 1885, agus d’fhill an chlann ar Éirinn agus ar ais go Brú Rí.

Is beag maoin a bhí acu, ach d’éirigh go maith le de Valera sa scoil agus fuair sé scoláireacht chuig Coláiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath, in 1898. Fuair sé an-chúnamh ó na sagairt ansin, agus chomhairligh siad dó céim a bhaint amach. Is san ollscoil a chur sé spéis i scríbhneoireacht Airt Uí Ghríofa. Chaith sé bliain ag múineadh i gCarn Tobair, Co. Thiobraid Árann, sular fhill sé arís ar Bhaile Átha Cliath, agus is ó 1905 ar aghaidh a thosaigh sé ag gníomhú sa pholaitíocht. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, agus is ann a chuir sé aithne ar Phádraig Mac Piarais agus ar Thomás Mac Donnchadha. Is i gConradh na Gaeilge freisin, fad a bhí sé ag freastal ar Choláiste Laighean (a bhí ann le hoiliúint sa Ghaeilge a chur ar mhúinteoirí) a chur sé aithne ar Shinéad Ní Fhlannagáin, an bhean a phós sé i 1910.

Chláraigh sé leis na hÓglaigh i 1913, agus go gairid ina dhiaidh sin tugadh cuireadh dó isteach san IRB. Léirigh sé a chumas míleata san Éirí Amach i 1916. Throid sé de réir rialacha an chogaidh, agus bhí meas ag a chuid saighdiúirí air. Is mar phríosúnach i Sasana a chuaigh sé go mór i bhfeidhm orthu siúd a bhí le bheith ag troid i gCogadh na Saoirse ina dhiaidh sin. Thug sé misneach dá chomrádaithe. Dar le Ó Tuathaigh, bhí de Valera muiníneach ina chuid tuairimí, bhí cur chuige teoiriciúil aige, agus ní minic a chuireadh daoine ina choinne.

Léirigh a stíl óráidíochta poiblí le feiceáil i bhfothoghchán an Chláir i 1917. Bhíodh sé de nós aige tosú i nGaeilge mar, dar leis, nach raibh sé ceart óráid stairiúil a thabhairt i “dteanga na namhad”. Leanadh sé ar aghaidh i mBéarla tar éis cúpla abairt Ghaeilge. Léirigh sé a chumhacht agus a ghradam nuair a chuir sí ina luí ar an Eaglais i Maigh Nuad gan glacadh le coinscríobh i 1918. Dúirt easpag amháin ina dhiaidh, agus é ag trácht ar chuairt de Valera orthu, go raibh sé ar nós gur tháinig an Spiorad Naomh anuas ina measc.

Chuaigh sé go Meiriceá tar éis dó éalú as príosún Lincoln, agus luann Ó Tuathaigh go raibh sé as baile le linn tréimhse an-chinniúnach – Cogadh na Saoirse – nuair a bhí ceannairí míleata ar nós Mhíchíl Uí Choileáin freagrach as gluaiseacht na poblachta. Luaitear an teannas a bhí ann idir Ó Coileáin agus de Valera nuair a d’fhill sé ar Éirinn arís. Faoin am sin bhí Cogadh na Saoirse ag dul in olcas. Maíonn Ó Tuathaigh go raibh an Coileánach níos eolaí ná aon duine eile sa tír ar neart míleata na nÓglach nuair a thug sé a bhreithiúnas gur cheart sos cogaidh a thapú. Ba chinneadh cinniúnach freisin a bhí ann nuair a d’fhan de Valera in Éirinn le linn chainteanna an Chonartha i Westminster. Luann Ó Tuathaigh go raibh aithne ag de Valera agus Lloyd George ar a chéile. Thuig Lloyd George an náisiúnachas mar go raibh sé féin ar son rialtas dúchais don Bhreatain Bheag sula ndearna sé státaire impiriúil as féin i Westminster. Maidir leis na cainteanna faoin gConradh, bhí sé i gceist go rachfaí i dteagmháil le de Valera faoi théarmaí an Chonartha sular síníodh aon cheo. Ach ní raibh dóthain cumarsáide idir na toscairí agus de Valera, agus nuair a chuireadar a n-ainm leis na téarmaí, ní raibh aon ghlacadh aige leo.

I gcuid a dó de chur síos Ghearóid Uí Thuathaigh ar shaol agus ar shaothar Éamon de Valera, díríonn an staraí ar an tréimhse ina shaol ó Bhealtaine 1923 ar aghaidh. Is ag an am sin a thug sé an t-ordú do na poblachtaigh a gcuid arm a chaitheamh uathu agus deireadh a chur leis an gCogadh Cathartha. Pléitear an scoilt le Sinn Féin i 1926, agus go raibh mianta Fhianna Fáil — teanga, talamh agus eacnamaíocht — ag teacht le fís Airt Uí Ghríofa. Labhraíonn Ó Tuathaigh faoi dhílseacht a lucht leanúna — sheas a chairde móra leis i gcónaí, daoine ar nós Frank Aiken, Seán Mac an tSaoi, Seán Lemass, Paddy Smith, Erskine Childers Óg, agus Seán T. Ó Ceallaigh. Ba dhaoine láidre, neamhspleácha a bhí iontu seo nár cheistigh go poiblí é, agus léiriú ba ea é seo ar an gcaoi ar thug de Valera daoine leis, ar a charasma, agus ar an meas a bhí acu air.

Thóg de Valera an mhóid dílseachta i 1927. Pléann Ó Tuathaigh an caidreamh a bhí idir é agus an tIRA — mar Thaoiseach i 1932 bhí sé dian orthu — agus an ghráin a bhí acu air, níos mó fiú ná ar an Saorstát féin. Maidir leis na Sé Chontae, ba léir nár thuig James Craig agus de Valera a chéile, nó sin nach raibh de Valera in ann aon fhriotal a aimsiú ina chuid cumarsáide a rachadh i gcionn ar Craig. Ina pholasaí i leith an Tuaiscirt, d’fhéach sé ar an tír mar aonad tíreolaíochta, seachas mar phobal, agus bhí sé seo le feiceáil ina chuid meafar (four green fields mar shampla). Mar thoradh air seo, níor thug sé dóthain airde ar mheon aontachtaithe Uladh. Síleann Ó Tuathaigh gur chuir de Valera an dualgas ar an mBreatain ceist an Tuaiscirt a réiteach, ar bhealachm, mar gur fadhb na Breataine a bhí inti.

Bhí grá aige don Ghaeilge, agus ba chuid bhunúsach dá phearsantacht mar Éireannach an teanga a bheith aige. Ach, le hais cúrsaí bunreachtúla agus geilleagracha, níor tháinig gníomh ceart uaidh le réabhlóid teanga a chur ar bun. Deir Ó Tuathaigh go raibh go leor den reitric bhréagchráifeach i gceist – cur síos ar an idéal Éireannach nuair a bhí báid lán le daoine ag imeacht ar imirce — seachas gníomh praiticiúil.

Déantar codarsnacht sa léacht idir de Valera agus Seán Lemass, a tháinig i gcomharbacht air mar Thaoiseach. Labhraítear, ag deireadh na míre, faoi chreideamh Caitliceach de Valera. Maíonn Ó Tuathaigh gur raibh dílseacht agus cráifeacht ina chreideamh pearsanta féin, ach gur thuig sé freisin, mar phoblachtánach, gur bhain sé le traidisiún a bhí neamhspleách ar an Eaglais siar chomh fada le 1798.

Súil Siar ar Éirí Amach na Cásca 1916 (06/04/1972)

Tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caitheamh súil siar ar roinnt d’imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916 sa chlár seo. Déantar trácht ar chúiseanna agus ar chomhthéacs an Éirí Amach. Labhraíonn Ó Tuathaigh faoi shínitheoirí an Fhorógra, céard a bhí uathu agus cén toradh a bhí ar an ngníomh.

Gearóid Ó Tuathaigh