Seosamh Ó Cuaig

San eagrán seo den tsraith chlár Seo Mar a Bhí cuireann Seosamh Ó Cuaig agallamh ar Sheosamh Breathnach (Josie Johnny Walsh), as Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. Déanann Breathnach trácht ar an tionchar a bhí ag Cogadh na Saoirse air féin agus ar a mhuintir. Bhí sé ina ghasúr óg ag am, ach bhí deartháireacha leis sna hÓglaigh. Bhí ceann acu, Cóilín, ag seachaint na bpóilíní mar gheall ar eachtra a tharla idir é féin agus fear áitiúil  a bhí in arm Shasana. Nuair a d’fhill an fear seo ar an mbaile, thosaigh sé ag ól, agus mar go raibh Cóilín sna hÓglaigh, d’ionsaigh sé oíche amháin é. Mhaígh an fear gurb é Cóilín a rinne an t-ionsaí, agus tháinig sáirsint de chuid an RIC i gCarna, darbh ainm Pryall, chuig an teach chun é a ghabháil. Níor éirigh leis agus d’éalaigh Cóilín. Deir Breathnach go mbíodh faitíos ar lucht an RIC mar go mbaintí díoltas as a gcuid ban sa bhaile dá n-ionsófaí muintir na háite. Tugann sé le fios, freisin, gur beag trócaire a bhí aige do spíodóirí.

Léacht Sheosaimh Uí Chuaig faoi Cholm Ó Gaora (29/05/1976)

Tugann Seosamh Ó Cuaig léacht faoin Óglach Colm Ó Gaora, as Ros Muc, le linn Éigse Ros Muc. Scríobh an Gaorach an leabhar Mise, a foilsíodh i 1943, faoina shaol mar bhall de na hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Ba uncail é Colm Ó Gaora le máthair Sheosaimh. Bhí sé ina oifigeach airm ar Chomplacht Ros Muc d'Óglaigh na hÉireann i 1920 agus ina cheannaire ar bhriogáid Chonamara Thiar. Pléitear scríbhneoireacht Choilm, na tréimhsí a chaith sé i bpríosúin éagsúla, agus an teanga agus Conradh na Gaeilge.

Is mír fuaime í seo ón gclár Adhmhaidin, a craoladh ar 2 Aibreán 1991. Tugann Seosamh Ó Cuaig óráid ó Theach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, mar chuid d’Éigse Ros Muc. Déanann sé trácht ar stair réabhlóideach Ros Muc agus ar mhuintir Ros Muc. Dar leis, is beag éirí amach a tharla ó 1798 nach raibh baint éigin ag muintir Ros Muc leis. Luann sé an bhliain 1880 go sonrach, nuair a d’éirigh muintir na Ceathrún Rua, Co. na Gaillimhe, amach ina aghaidh na dtiarnaí talún, in eachtra ar a dtugtar Cath na Ceathrún Rua. Tháinig scata daoine as Ros Muc chomh fada leis an gCeathrú Rua an lá dár gcionn le tacú le muintir an bhaile. Ina measc siúd a tháinig bhí Seán Ó Gaora. Insíodh scéal an Chatha do Phádraig Mac Piarais nuair a thug sé cuairt ar Ros Muc ag tús an chéid seo caite. Labhraíonn Ó Cuaig freisin faoi chúrsaí polaitíochta na linne agus riachtanais na Gaeltachta. Léitear dán an Phiarsaigh, Mise Éire, ag deireadh an chláir.

Seosamh Ó Cuaig