Pádraig Ó Snodaigh
Is léacht dar teideal An Piarsach agus na hÓglaigh é seo a thug iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh, i siompóisiam a d’eagraigh Saotharlann Staire Bhaile Átha Cliath mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i Márta 1979, agus a craoladh ar an 2 Iúil 1979.
Déanann Pádraig Ó Snodaigh cur síos sa chlár seo ar an luíochán mór le rá a tharla i stáisiún traenach Gharraí Thancaird (Upton), Co. Chorcaí ar an 15 Feabhra 1921. Roinnt laethanta roimhe sin d’éirigh leis an IRA gunnaí agus piléir a thabhairt leo i ruathar ar thraein in aice leis an Driseán Beag, Co. Chorcaí, inar maraíodh saighdiúir de chuid arm na Breataine. Ag súil go ndéanfadh siad amhlaidh arís, dhírigh Cathal Ó Muirthile ar Gharraí Thancaird, ach tubaiste a bhí sa ruathar. Ghlac 14 Óglach páirt ann. Ní raibh ach 7 gcinn de ghunnaí acu eatarthu. Bhí beirt Óglach in ainm a rá leis an lucht ionsaithe cá raibh na saighdiúirí Sasanacha ina suí, ach níor éirigh leo é sin a dhéanamh. Anuas air seo, chuaigh 50 saighdiúir eile ar an traein sular shroich sí Garraí Thancaird, agus scaip siad ar fud na traenach. Chonaic Óglach amháin na saighdiúirí ag dul ar an traein, ach is ar rothar a bhí sé agus níor éirigh leis Garraí Thancaird a bhaint amach in am leis an scéal a insint do na hÓglaigh. Bhí na saighdiúirí Sasana níos oilte ná na hÓglaigh. Tosaíodh ag lámhach agus maraíodh seisear paisinéirí (ní fios cé a mharaigh iad) agus triúr Óglach – Pádraig Ó Súilleabháin, Seán Ó Faoláin agus Beairtle de Failbhe. Bhuail duairceas Ó Muirthile ina dhiaidh sin – chuir sé an milleán air féin – agus maraíodh é féin go gairid tar éis an luíocháin (Márta 1921).
Mar chomóradh 100 bliain ar bhunú Chonradh na Gaeilge (ar 31/07/1893), tabharfaidh Pádraig Ó Snodaigh, údar agus gníomhaí teanga, léacht in Óstán Russel Court ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. San eagrán seo de Nuacht a hAon, labhraíonn Ó Snodaigh faoin léacht a thabharfaidh sé. Deir sé go léireoidh sé go bhfuair glúin na réabhlóide a gcuid oideachais sa Chonradh, agus gur faoi thionchar an Chonartha a chuir siad aithne ar Éirinn den chéad uair. Bhí dlúthbhaint ag an nglúin sin le Conradh na Gaeilge. Bhí seisear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta ina mbaill den Chonradh, agus bhí an té nach raibh, Séamas Ó Conghaile, báúil leis an gConradh agus le mianta an Chonartha. Mar léiriú air seo, rinne Ó Conghaile iarracht, ina leabhar Labour in Irish History (1910), na dúshláin a bhí le sárú ag an lucht oibre in Éirinn a chur i gcomparáid leis na dúshláin a bhí le sárú ag gluaiseacht na hathbheochana trí chéile.
D’fhoilsigh Eoin Mac Néill alt san iris An Claidheamh Soluis [dar teideal The North Began] i mí na Samhna 1913, agus bliain níos déanaí bhí iris Chonradh na Gaeilge ag maíomh gur as an alt sin a d’eascair Óglaigh na hÉireann. Déanann Ó Snodaigh trácht ar Giuseppe Mazzini (1805-1872) a dúirt, le linn aimsir Thomáis Dáibhis agus na nÉireannach Óg, nárbh fhiú tráithnín féir náisiúnachas na hÉireann mar go raibh saintréith an náisiúnachais – a dteanga féin - caite uathu ag náisiúnaithe. Chuaigh sé seo go mór i bhfeidhm ar Dhubhghlas de hÍde agus ar Eoin Mac Néill. Pléifear meath Chonradh na Gaeilge sa léacht freisin. Bhí an Conradh ag lagú faoi 1912, dar le hEoin Mac Néill, agus cheap Pádraig Mac Piarais go raibh deireadh le ré órga an Chonartha nuair a bhí sé féin páirteach ann. Is go luath sna 1920í a tháinig titim shuntasach ar líon na gcraobhacha ar fud na tíre.