Nollaig Ó Gadhra
San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo, déanann Nollaig Ó Gadhra cur síos ar an gCogadh Cathartha i gCiarraí agus i gCúige Mumhan. Ceapann sé nach rachadh an cogadh chun donais murach bás an Choileánaigh i Lúnasa 1922. Ach ní mar sin a tharla, agus tugann sé le fios gur cuireadh 77 duine chun báis idir mí na Samhna 1922 agus mí na Bealtaine 1923. Labhraíonn sé ar eachtraí díoltais le linn an chogaidh, pléitear an díoltas mar pholasaí chun deireadh a chur leis an gcogadh, agus meáitear éifeacht an pholasaí seo. Díríonn sé ar eachtraí díoltais ar leith a tharla tar éis eachtra inar maraíodh oifigeach in Arm an tSaorstáit, beirt shaighdiúirí agus beirt eile in aice le Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí. Is i mBaile Ó Síoda, Trá Lí, i nDroichead na Cuntaoise, Cill Áirne agus sna Beathacha, Cathair Saidhbhín a pléascadh príosúnaigh agus iad ceangailte de mhianaigh. Tháinig Stephen Fuller, a bhí ina Theachta Dála do Chiarraí ina dhiaidh sin, slán as an ainghníomh i dTrá Lí, cé gur séideadh a chuid comrádaithe san aer. Luann an láithreoir, cé gur léir nár aontaigh na húdaráis i mBaile Átha Cliath leis seo, gur léir go raibh cead a gcinn ag oifigigh an tSaorstáit i dTrá Lí. Críochnaíonn an láithreoir le comparáid idir na heachtraí seo agus tuairisc scríofa eile ón gceantar céanna. Ag tús na bliana sin, bhí Tomás Ó Criomhthain, an tOileánach Ciarraíoch ar an mBlascaod Mór, ag cur síos ar shaol eile ar fad, a bhí slán ar uafás an Chogaidh Chathartha a bhí ag réabadh an cheantair 50 míle soir uaidh ar an mórthír.
Caitheann Nollaig Ó Gadhra súil siar ar thuairiscí na bpáipéir nuachta ar an Éirí Amach i 1916. Luann sé gur athraigh sprioc an Éirí Amach, nuair ba léir nach feachtas náisiúnta a bheadh ann. Íobairt bholscaireachta a bhí ann, seachas beartas cogaíochta. Dá bharr sin, bheadh toradh an Éirí Amach ag brath ar an bpoiblíocht a gheobhadh sé. Bhí dearcthaí difriúla ag meáin Mheiriceá ar an bhfeachtas, ag brath ar an seasamh (leithliseachas nó frith-leithliseachas) a bhí acu faoi ról na Stát Aontaithe sa Chogadh Mór. Bhí spéis ag nuachtóirí ar fud an domhain, fiú i Sasana, sa Chuntaois Markievicz, a bhí mar a bheadh Jeanne d’Arc na linne sin ann.
Bhí go leor ráflaí bréagacha sna nuachtáin freisin. Tuairiscíodh bás Uí Chonghaile ceithre huaire sular tharla sé, cheapadar i Meiriceá gur i dTúr Londan a cuireadh na ceannairí chun báis, agus is minic a thagair siad do ‘Professor Pearse’ agus ‘General Connolly’. Dar leis an Corriere della Sera ba é Jim Larkin – a bhí i Chicago ag an am - a bhí ina cheannaire ar na reibiliúnaigh. Níos gaire do bhaile, maíonn Ó Gadhra go raibh An Cork Examiner, a thug tacaíocht don John Redmond, in aghaidh an Éirí Amach – cé gur thóg siad seasamh láidir in aghaidh an pholasaí díoltais – agus go raibh an Free Press ag cur an mhilleáin ar Redmond. Cháin Ó Gadhra an Irish Independent go láidir, a thagair do Shéamas Ó Chonghaile dóibh nuair a dúradar ‘certain of the leaders remain undealt with ….’ agus é fós sa phríosún. Agus dúradar ‘the penalty of capital punishment should not we think be inflicted on any other case’ tar éis é a bheith curtha chun báis. Sa dara cuid den mhír fuaime seo léann Seán Ó Conghaile sleachta a scríobh Peadar Ó Dónaill as an iris Dóchas i 1966 le linn chomóradh leathchéad bliain Éirí Amach 1916.
Tugann Nollaig Ó Gadhra tuairisc faoin Athair Ó Gríofa, a maraíodh i mBearna, Co. na Gaillimhe, i mí na Samhna, 1920. Bhí sé ar dhuine den bheagán sagart a maraíodh i gCogadh na Saoirse. Is cosúil gur dúnmharaíodh Ó Gríofa de bhrí go raibh sé ag feidhmiú mar shéiplíneach do na hÓglaigh (cé go raibh sagairt eile ag déanamh an rud céanna ag an am agus nár maraíodh iadsan). Bhí sé le dul go Meiriceá le fianaise a thabhairt i Washington faoi staid na tíre ag an am. Cuireann Ó Gadhra síos ar an tréimhse chorraitheach a bhí ann san am a fuair sé bás. I mí Dheireadh Fómhair d’eisigh na heaspaig ráiteas ag gearán faoina raibh ag tarlú sa tír agus ag cáineadh rialtas na Breataine. Bhásaigh Traolach Mac Suibhne an mhí sin ar stailc ocrais, agus maraíodh an poblachtánach Seán Treacy i mBaile Átha Cliath. Ag tús mhí na Samhna crochadh Caoimhín de Barra agus cuireadh James Daly chun báis san India. Bhí pobal na tíre in ísle brí. Lena linn seo ar fad, bhí an tAthair Ó Gríofa ag labhairt amach. Luann Ó Gadhra gur tugadh faoi shagairt roimhe sin chomh maith – bhí comhcheilg ann an leis Dr Fogarty, easpag Chill Dalua, a fheallmharú (é a chaitheamh isteach i mála agus é a ligean le sruth ionas nach bhfaighfí a chorp).
Déanann Ó Gadhra trácht ar [Frank Percy] Crozier, a bhí i gceannas ar na Cúntóirí (Auxiliaries) ag an am, agus a thug an bhróg do 20 ball den ghrúpa sin a bhí ag feidhmiú go mídhleathach. D’fhág Crozier Arm na Breataine nuair a chuala sé gur scaoileadh na saighdiúirí sin ar ais san Arm arís. Déanann Ó Gadhra iontas de nach bhfuil mórán eolais le fáil faoin Athair Ó Gríofa. Deir sé, cé gur labhair an chléir amach go láidir in aghaidh fhórsaí na Breataine nuair a fuair sé bás, go raibh na heaspaig ag rá laistigh de bhliain gur cheart ómós a bheith ag an bpobal do rialtas agus do dhlí na tíre.