Éirí Amach na Cásca
An tseachtain roimh Dhomhnach Cásca bhreathnaigh sé don IRB go raibh ag éirí lena gcuid pleananna don Éirí Amach. Bhí gunnaí ag teacht ón nGearmáin le Ruairí Mac Easmainn (Roger Casement). Ansin gabhadh na gunnaí i gCiarraí agus rinne Eoin Mac Néill iarracht an tÉirí Amach a chur ar ceal. Bhí a fhios ag ceannairí an IRB nach raibh seans acu an bua a bheith acu, ach shocraigh siad leanúint ar aghaidh leis an Éirí Amach ar an Luan. Chreid siad dá bhfeicfeadh daoine go raibh Éireannaigh sásta bás a fháil ar son na poblachta seachas ar son an Rialtais Dúchais go dtabharfadh sé inspioráid dóibh leanúint ar aghaidh leis an troid ina ndiaidh. D`éirigh leo roinnt mhaith Óglach a bhailiú le chéile i mBaile Átha Cliath ach níor tharla mórán taobh amuigh den chathair. Ní raibh daoine cinnte céard a bhí ag tarlú agus bhí easpa gunnaí ann. Lorg Forógra na Cásca tacaíocht ó mhuintir na hÉireann, ag rá leo go mbeadh na cearta céanna ag gach aon duine faoin bpoblacht nua. Ag an tús ní raibh an pobal trí chéile cinnte céard dó a bhí an tIRB agus na hÓglaigh ag troid. Cheapadar gur ionsaí Gearmánach ar an tír a bhí ann, agus bhí fearg ar dhaoine freisin faoin dochar a rinne an troid. Ag an am céanna, bhí meas ag daoine áirithe orthu mar gheall ar an misneach agus ar an gcrógacht a léirigh siad. Cuireadh na ceannairí chun báis, agus rinneadh seo go sciobtha, rud a chuir as don phobal náisiúnach, fiú iad siúd a bhí in aghaidh an Éirí Amach.